Beidh sé cloiste ag go leor agaibh, an fógra úd ó Ghay Byrne mar gheall ar Iarsmalainn na nÍocón Stíle ar an Droichead Nua.
Ní hé sin Droichead Nua na Mí ná Droichead Nua Mhaigh Eo, óir nach é an t-ainm is mó samhlaíochta é ar fhód fhéidhlim, ach Droichead Nua Chill Dara a bhfuil an droichead ann ag dul in aois in aghaidh na bliana.
Is é atá ann músaem ina bhfuil earraí agus giúirléidí agus ciútraimintí réaltaí móra na Coille Naofa nach é Coill Naofa Bhaile Átha Cliath é ach an oiread, ach Hollywood na scannánaíochta.
Sa chás is nach mbeifeá ag iarraidh sceana a cheannach chun dúnmharfa ann d’fhéadfá bualadh isteach ar do shlí ó uachtar na tíre go híochtar na tíre mura mbeadh éileamh ort in áit ar bith eile.
Tá múnlaí na mainicíní chomh plaisteach ann is nuair a bhí siad beo, ach ar a laghad ar bith is féidir leat do theanga a chur amach le hiontas, nó le fonn ar bith eile, rud nach raibh caoi agat ar a dhéanamh fad is a bhí siad in ainm is a bheith ar an saol seo.
Níor thógas aon nótaí an t-aon uair amháin ar sciorr mé tríd agus dá bhrí sin, ráineodh breall a bheith orm, arís. Ach is dócha go bhfuil cuimhne agam ar dhiallait ghluaisrothair a bhí faoi thóin James Deane, mala Mharilyn Munro sula bhfuair sí ceann fírinneach, iall bróige Michael Flatley nár cheangail aon duine dó, smut de chraiceann gorm Michael Jackson sular bánaíodh é, gadhar geanúil stúáilte Ghretta Garbo a dtugadh sí chun leapan léi ceal aon mhadra eile, amhrán a thug na Clancys do Bhob Dylan, slipéir airgid a thug Grace Kelly uaithi nuair a thug sí suas a gairm réaltascannán le bheith ina banphrionsa, slipéir óir a dhíbir an bhanphrionsa Diana uaithi nuair a bhí sí dúdóidí den ríogacht, hata Larry Hagman ar bailíodh uisce báistí istigh ann le cur san uisce beatha, hamstar a d’ith Freddie Starr, an t-aon bhronntanas beag a cheannaigh Liz Taylor di féin riamh, gúna a raibh sé i gceist ag Audrey Hepburn féachaint air, clúmh ó imleacán Charlie Chaplin, gunna a fuair Charlton Heston ar Chnoc Sinai, jóc Bhob Hóp, deoir uisce ó chithfholcadán Psycho, agus aon tuin chainte amháin John Wayne.
Cad leis a bhfuil seo cosúil, adéarfá?
Ar leith amháin, gan amhras, tá dealraitheach leis an rud is mó a bhfuil suim ag daoine ann: beatha dhaoine eile.
Ach ní beatha gach duine eile, ach daoine a samhlaítear iad a bheith níos fearr ná an choitiantacht iad.
Daoine ar cheart a bheith in éad leo.
Daoine a malartófá ionad leo ach síóg a theacht agus cor draíochta a dhéanamh os do chomhair.
Cad eile is brí leis na hirisí sin ar fad nach bhfuil d’éirim leo ach saol agus imeachtaí daoine atá os comhair an tsaoil toisc go bhfuil siad os comhair an tsaoil?
Gabh leat isteach in aon siopa agus is iad atá ina sraitheanna os do chomhair amach go hamh, agus go minic, go nocht: “Heileo” agus “Conas Tá Tú?” agus “Haigh” agus “Ló” agus “Snas” agus “Só” agus “Sine Féin” agus “Gradam” agus “Grúpaí” agus “Cnaipe” agus “Féach” agus “Ise” agus “Húrá” agus “Leathar” agus “Plusba” agus “Tine” agus “Arís Elle” agus “Raithneach” agus “Dubai Dubai Dú” agus “Éad” agus “Gólánta” agus “Ambaiste Mhóide Bhruis!” agus mar sin siar go heireaball.
Níl aon oidhre orthu seo, gan amhras, ach an duine beag ag déanamh mór de féin ina lúitéis suas síos , nó d’fhonn a ionannú go samhlaíoch le duine is airde céim ná é féin.
Is iad is cosúla ná an urraim a thaispeáintí do thaisí na naomh ar fud an domhain Chríostaí; bíodh go bhfuil urraim ar a comhmheas do Leinin in Moscó fós, agus in Ioslam a bhfuil greim scrogaill acu ar chloigeann Eoin Bhaiste, ar ribí gruaige ó fhéasóig Mhathamaid, agus ar bhachall Mhaoise.
Ó, is ea, déanann ár n-aos magaidh beag is fiú díobh seo, agus beithé agus bú hú. Cúis ghrinn is ea cleite an Ard Aingil Ghabriel, agus anáil an Spioraid Naoimh i mbuidéal, agus mirlín Mhaolóig Naofa, agus cíor Chiaráin tSaidhre, agus forchraiceann Fhursa, fiacail Fhionnáin, lansa Labhráis, cuileog Mhochua, oíche Shamhna, an crú capaill os cionn an dorais, cat na seacht n-eireaball, an bhean rua ar maidin, an leipreachán albino, neantóga ar son pléisiúir.
Agus ina choinne sin, triallfaidh siad fós ar an Droichead Nua, agus ar áiteanna mar é, d’fhonn cuimilt le fobhríste a bhí cosúil leis an gceann a raibh leathsmaoineamh ag Beití Graball a cheannach dá mbéarfaí gann uirthi uair éigin.
Tugtar dul chun cinn air seo.Is é is measa ná nach dtiocfaidh ár sáith.