Ní fada ó bhí an Rialtas ag gríosú an phobail chun vótála ach níl deifir orthu féin gníomhú anois, writes ÁINE NÍ CHIARÁIN
Mí ó shin b’iad cearta páistí an t-ábhar mór práinne. Bhí gach Teachta Dála agus Seanadóir seachas duine ag áiteamh orainn teacht amach agus vóta a chaitheamh don 31ú leasú ar an mBunreacht chun páistí agus a gcearta a chinntiú.
Ó d’éirigh leis an Rialtas sa reifreann ar 10ú Samhain is beag atá cloiste againn faoin ábhar. Ó shin i leith is mó aird atá tugtha ar ghinmhilleadh agus ar an leanbh gan bhreith ná orthu siúd atá ar an saol seo.
Ní hionadh sin, ar ndóigh, i bhfianaise ar tharla do Savita Halappanavar agus an chaoi ar láimhseáil an Rialtas agus an tAire Sláinte James Reilly a cás.
Le barr a chur ar an donas bhí an scéala sin díreach ag briseadh nuair a fuair an tAire Sláinte tuarascáil Uí Riain maidir le moltaí i dtaca le cás X agus, ó shin i leith, tá an dá scéal go mór sa nuacht. Ní cúis ar bith é sin le suí siar anois agus dearmad a dhéanamh ar na geallúintí a rinneadh aimsir reifrinn.
Inniu lá na cáinaisnéise, an chéad teist ar gheallúintí an Rialtais. B’ábhar mór gaisce acu leas agus cearta páistí le linn an fheachtais reifrinn, mhaíodar go raibh siad i gcroílár a gcuid polasaithe.
Más fíor atá tuartha le seachtain faoi chiorrú de €10 ar shochair leanaí beidh sé deacair acu leanacht leis an maíomh.
Cé go bhfuil daoine ann nach ndéanfadh laghdú mar sin aon difríocht dóibh d’fhágfadh sé tuismitheoirí eile, go háirithe tuismitheoirí aonair, ar an ngannchuid.
Beidh tuismitheoirí agus lucht abhcóidíochta ag faire go géar inniu ar chiorraithe oideachais agus laghdú ar liúntais dóibh siúd le míchumas gur páistí a lán acu.
Beifear san airdeall freisin faoi na scéimeanna pobail a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta do theaghlaigh agus do pháistí.
An chéad reachtaíocht ar na bacáin – agus an ceann a raibh an oiread sin béime á leagan air ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald – ná an reachtaíocht uchtála.
Cheadódh sin páistí, ar le lánúin phósta iad agus atá faoi chúram fadtréimhseach an Stáit, a uchtáil.
San am céanna ar foilsíodh an fhoclaíocht don reifreann, foilsíodh scéim don reachtaíocht uchtála ionas go mbeadh a fhios ag an bpobal céard dó a raibh siad ag vótáil, dar leis an Rialtas.
Bundréacht is ea é den Bhille a rachaidh os comhair na Dála ach dheimhnigh urlabhraí an Aire nach dtarlódh sé sin go dtí an bhliain úr am éigin.
Mheabhraigh sí freisin nach gcloisfí an cás dúshláin don reifreann go dtí lár mhí Eanáir ach go mbeadh an Roinn ag obair ar an mBille. Sin leid, déarfainn, nach bhfeicfidh sinn an Bille sa Dáil go ceann tamaill fós.
Tháinig sé chun solais le linn an fheachtais nach raibh ach ionann is 200 ógánach nó páiste a mbainfeadh an reachtaíocht uchtála leo. Más beag féin an líon ní leithscéal é sin chun deis a cheilt orthu.
Tabharfaidh Fitzgerald agus an tAire Dlí agus Cirt Alan Shatter faoi iniúchadh ar na dlíthe go léir a bhaineann le cúram páistí agus le dlí an teaghlaigh féachaint cé na hathraithe a bheas riachtanach mar gheall ar an leasú reifrinn, a dúirt urlabhraí leis an Irish Times. Shílfeá go mbeadh a leithéid d’obair déanta roimh ré.
Nuair a bheidh an t-athbhreithnú nó iniúchadh seo déanta, soláthrófar modhanna chun mianta an pháiste a chloisteáil i gcásanna áirithe a bhainfidh lena chúram nó in imeachtaí cúirte teaghlaigh.
Go dtí seo, b’annamh a chluineadh páistí i gcásanna príobháideacha teaghlaigh.
B’amhlaidh an scéal freisin in imeachtaí poiblí cúraim. Go dtí seo, ba mhinic a rinneadh beag is fiú de thuairimí an pháiste; tugadh tosaíocht do shuim an Stáit nó na dtuismitheoirí.
Bhí an Stát in ann easpa acmhainní a úsáid mar leithscéal gan gníomhú ach nuair a thugtar feidhm don fhoráil nua seo ní bheidh an cead sin a thuilleadh acu. Beidh orthu éisteacht le mianta an pháiste.
An tseachtain seo chugainn, cloisfimid míniú na Cúirte Uachtaraí ar a gcinneadh gur sháraigh an Rialtas breith McKenna i bhfeachtas an reifrinn. Ní shíltear go n-athróidh sin an toradh.
Tá dúshlán an reifrinn á thabhairt ag beirt vótóirí. Ní chloisfear a gcás go dtí an bhliain úr agus ba cheart don Rialtas a bheith réidh chun beart a dhéanamh má bhuann siad an dúshlán cúirte.
Tá freagracht freisin ar an bhfreasúra a chinntiú go bhfuil an obair sin faoi lán seoil. Bhíodar uilig ar son na n-athraithe.
Go deimhin b’shin ceann de na deacrachtaí leis an bhfeachtas, bhí sé tur gan an ghnáthiomrascáil pholaitiúil.
D’fhág sin vótóirí patfhuar. Is míbhuntáiste anois é freisin an t-aontas ar an ábhar seo, níl an freasúra sa tóir ar an Rialtas faoi mar ba chóir.
Tá i bhfad níos mó fola le baint as an Rialtas faoin gcáinaisnéis agus ceisteanna leochaileacha eile ná mar atá as an ábhar práinneach seo.