'Níl airgead an Fhorais uainn' - Conradh

TuarascáilPól Ó MuiríEagarthóir Gaeilge: Rith Conradh na Gaeilge rún ar a n-ardfheis…

TuarascáilPól Ó MuiríEagarthóir Gaeilge:Rith Conradh na Gaeilge rún ar a n-ardfheis ag an deireadh seachtaine a thug le fios nach raibh siad ag iarraidh maoiniú a fháil ó Fhoras na Gaeilge níos mó. Cháin an Conradh an t-eagras trasteorann agus príomhfhoinse airgid na n-eagras deonach Gaeilge as "bac" a chur ar chúrsaí teanga.

De réir an rúin: "I bhfianaise an bealach atá Foras na Gaeilge ag caitheamh le Conradh na Gaeilge, a laghad maoinithe atá an eagraíocht ag fáil ón bhForas agus an bac atá sé seo ag cur ar chur chun cinn na Gaeilge: go n-iarrann an ardfheis seo ar an gCoiste Gnó nua cruinniú a eagrú leis an Rialtas chun maoiniú a fháil go díreach ón Stát, maoiniú a bheidh ceangailte le plean forbartha náisiúnta bheith aontaithe idir an Conradh agus an Rialtas."

Dúirt urlabhraí thar ceann an Chonartha gur ritheadh an rún d'aonghuth agus go raibh sé soiléir go raibh "baill an Chonartha tinn tuirseach den Fhoras agus den easpa tacaíochta atá ann do na pleananna forbartha atá curtha le chéile ag an gConradh le cúpla bliain anuas.

"Beidh cruinniú againn leo ar an Luan agus cuirfear ábhar an rúin in iúl dóibh. Tá súil againn go n-aithneoidh feidhmeannaigh an Fhorais go bhfuil géarchéim ann agus go mbeidh siad sásta obair linn le teacht ar réiteach ar an scéal sula mbuaileann muid leis an Roinn mar atá molta sa rún."

READ MORE

Ní hé seo an chéad uair gur éirigh idir an Conradh agus Foras na Gaeilge faoi chúrsaí airgid. Agus í faoi agallamh ar an cholún seo mí Feabhra, 2005, dúirt Aoife Ní Scolaí go raibh sí ag éirí as a post mar phríomhfheidhmeannach leis an Chonradh; easpa maoinithe ón Fhoras "an phríomhchúis" lena himeacht:

"Níl aon mhuinín agam as Foras na Gaeilge. Ní mise an t-aon duine as na heagraíochtaí Gaeilge atá míshásta leo ach bheadh drogall orthu labhairt amach go poiblí ar chúiseanna maithe a thuigim ... Tá meas agam ar dhaoine san Fhoras ach níl innealra an eagrais ag obair mar is ceart."

Cháin ardrúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, maoiniú an Fhorais i litir a scríobh sé go Foinse Márta na bliana seo, á rá gur thug siad "an chluas bhodhar" do phleananna agus mholtaí an Chonartha.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Fhorais inné: "Sna seacht mbliana ó thosaigh Foras na Gaeilge ag maoiniú Chonradh na Gaeilge tá ardú de 63 faoin gcéad tagtha ar mhaoiniú na heagraíochta. Chomh maith leis an maoiniú seo atá á fháil ag an Ardoifig i mBaile Átha Cliath, tá maoiniú á fháil ag ceithre scéim áitiúla pobail a thagann faoi scáth Chonradh na Gaeilge.

"Tréaslaíonn Foras na Gaeilge le Conradh na Gaeilge an obair agus an fhorbairt ar fad atá déanta ag an eagraíocht le tamall de bhlianta anuas. Tá sé de chúram ar Fhoras na Gaeilge a chinntiú go bhfuil airgead an cháiníocóra á chaitheamh ar bhealach éifeachtach éifeachtúil agus eacnamaíoch.

"Déantar measúnú ar gach iarratas agus plean oibre a thagann faoi bhráid an Fhorais agus déantar maoiniú a cheadú de réir an mheasúnaithe sin taobh istigh de na hacmhainní teoranta atá ag an bhForas."

Dúirt an t-urlabhraí go raibh €569,206 ceadaithe don Chonradh don bhliain 2007, ardú 5.22 faoin gcéad ar an bhliain roimhe sin agus go raibh €149,000 ceadaithe do Sheachtain na Gaeilge, 2008, cheana féin.

Ó taobh imeachtaí eile na hardfheise, a bhí i gCathair na Mart, Co Mhaigh Eo, toghadh Dáithí Mac Cárthaigh ina uachtarán ag Conradh na Gaeilge go ceann bliana eile. Dúirt sé gurbh "í ceist na Gaeilge sa chóras oideachais an tosaíocht mhór againne d'olltoghchán 2007. Gan leigheas ar an gceist seo, titfidh gach rud eile ar lár."

Dúirt sé fosta gur cheart go mbeadh Acht Teanga don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann: "Is iad na Sé Chontae an t-aon dúiche in Oileáin Iarthair na hEorpa nach bhfuil cosaint reachtúil ag an teanga dhúchais ann. Má tá bláthú na Gaeilge le leanúint ó thuaidh ní foláir cosaint reachtúil bheith ann don Ghaeilge agus do lucht a labhartha, cosaint reachtúil a chinnteodh seirbhísí trí Ghaeilge, ionad na Gaeilge sa chóras oideachais agus úsáid na teanga i ngnóthaí poiblí."

Gradam Nollag

Bhronn an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, Gradam an Phiarsaigh ar an iriseoir, léachtóir agus staraí, Nollaig Ó Gadhra, ag ócáid i gCultúrlann na hÉireann, Baile Átha Cliath aréir, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Gradam é seo a bhronntar gach bliain ar dhuine a mheasann foireann moltóirí sáriarracht bheith déanta aige nó aici chun aidhmeanna an Phiarsaigh a chur chun cinn. Roghnaítear an buaiteoir as liosta ainmniúchán a chuireann eagrais éagsúla ar fud na tíre go Fondúireacht an Phiarsaigh. Ar Adi Roche, bunaitheoir Chernobyl Children's Project a bronnadh an gradam anuraidh.

Le breis agus 40 bliain tá Nollaig Ó Gadhra gníomhach i ngach réimse de ghluaiseacht dheonach na Gaeilge. Bhí sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge (2003-5) agus ainneoin fadhbanna sláinte agus achar fada caite aige in ospidéal, is ball gníomhach fós den Choiste Gnó é. Thosaigh sé ag obair mar iriseoir in 1966 sa nuachtán Inniu agus ina dhiaidh sin ar fhoireann nuachta RTÉ.

In 1969 chaith sé seal ar Ollscoil Harvard i Meiriceá agus ar fhilleadh abhaile dó fuair sé post mar oifigeach eolais le Gaeltarra Éireann agus ina dhiaidh sin mar Bhainisteoir Poiblíochta le Fáilte an Iarthair Teoranta. Mar léachtóir iriseoireachta in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo a chaith sé a shaol proifisiúnta ó shin.

Le linn an ama sin níor staon sé ó bheith ag díriú aird an phobail, ina shaothar iriseoireachta agus ina chuid leabhar, ar chúlú an státchórais ó na haidhmeanna náisiúnta agus é ag spreagadh machnaimh agus díospóireachta lena chinntiú nach ligfí maidí le sruth.

Ina ráiteas aréir thagair Ó Gadhra don fhaillí atá déanta san éacht a rinne an Piarsach i gcúrsaí dlí, i bhforbairt na nua-litríochta, i gcúrsaí oideachais, san iriseoireacht agus ina chuid oibre don Ghaeilge agus don Ghaeltacht:

"Is ceann de na hábhair bhuartha is mó i saol litríochta agus díospóireachta na tíre é, an suíomh seo, dar liom. An dream ar theastaigh uathu droch-cháil a chaitheamh air, dhírigh siad a n-aird ar fad ar an gcúpla bliain mhíleata ag deireadh a shaoil, trína pháirt in Éirí Amach 1916, a phlé go claonta míghairmiúil agus gan tagairt dá laghad do chomhthéacs na linne nuair a bhí cogadh mór ar siúl san Eoraip inar maraíodh na céadta míle duine, le beannacht agus moladh ó chléir agus tuath."

drogallreluctance - gníomhachactive - innealramachinery

maoiniúfunding - reachtúilstatutory - scéimscheme