TUARASCÁIL:DÚIRT IAR-AIRE na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., leis an cholún seo inné gur léir cheana féin "an t-ísliú stádais" a bhí i ndán don Ghaeilge de bharr chinneadh an Rialtais nua cúram na Gaeltachta a fhágaint faoi Aire sóisearach seachas Aire sinsearach.
Bhí Ó Cuív ag tagairt don aighneas a d’éirigh idir é féin agus an tAire Stáit atá freagrach as cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge, Dinny McGinley, an tseachtain seo caite maidir le cinneadh an Rialtais gan reachtaíocht nua don Ghaeltacht agus d’Údarás na Gaeltachta a fhoilsiú i mbliana.
Dúirt Ó Cuív leis an cholún seo go raibh “trua” aige do McGinley: “Táim cinnte go ndéanfaidh Dinny McGinley a dhícheall ach tá trua agam dó mar is léir nach í an Ghaeilge an chloch is mó ar phaidrín an Rialtais nua.
“Ní féidir liom an cinneadh seo a thuiscint. Tá réamhobair mhór déanta air seo ach tá imní orm go gcuirfear an reachtaíocht seo ar an méar fhada ar fad anois agus go mbeidh sé fiú 2013 nó 2014 sara bhfeicfear í. Ceist tosaíochta atá ann.”
Thuig sé go raibh sé crua mar Aire Stáit an Ghaeilge a bhrú chun tosaigh; sin an fáth go raibh sé tábhachtach go mbeadh Aire Gaeltachta ag bord an Rialtais. “Céim siar an-mhór” a bhí ann gan Aire le cúram laethúil na Gaeltachta bheith ag bord an Rialtais.
Nuair a rinne Teachta Dála Fhianna Fáil cáineadh ar “mhoilleadóireacht” an Rialtais maidir leis an reachtaíocht nua, dúirt McGinley (FG) gur chóir go mbeadh “náire” ar Ó Cuív agus ar Fhianna Fáil mar go raibh 14 bliain acu le tabhairt faoi na ceisteanna seo. Bhí rún ag an Rialtas a chinntiú go mbeadh an reachtaíocht nua “ceart”.
Ó tharla nach raibh ceist na Gaeltachta ar chlár reachtaíochta an Rialtais do 2011 – clár a foilsíodh an tseachtain seo caite – dúirt Ó Cuív gur chruthúnas é seo nach raibh an Rialtas “i ndáiríre” faoin Ghaeilge. Bhí “clár oibre leanúnach don Ghaeilge” ag an Rialtas deireanach. Bhí sé ag súil le freagra amárach ar cheist Dála cén uair a fhoilseoidh an Rialtas a bplean gníomhaíochta maidir le feidhm a thabhairt don straitéis 20 bliain. Dúirt sé, áfach, go mbeadh sé deacair feidhm a thabhairt do chuid mhaith den straitéis nó go mbeadh an reachtaíocht nua ann.
Tá an Rialtas ag tacú leis an phlean a mholann go rithfí reachtaíocht chun an tÚdarás a athbhunú mar Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Scríobhtar sa straitéis go dtabharfadh an reachtaíocht “sainmhíniú” ar na limistéir Ghaeltachta; go mbeadh ról náisiúnta ag an Údarás agus go ndéanfaí athstruchtúrú ar bhord an eagrais chéanna.
Idir an dá linn, thug McGinley le fios go mbuailfeadh sé le bord an Údaráis i mí an Mheithimh le plé a dhéanamh ar thodhcaí na heagraíochta.
Bhí cruinniú den bhord féin i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí, Co Chorcaí, Dé hAoine.
D’aontaigh na comhaltaí go leanfaí den bhrú ar an Rialtas faoin tábhacht a bhain le cúraimí fiontraíochta na heagraíochta maidir le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht.