Táimid ar thairseach ré úr san ardoideachas trí Ghaeilge, más fíor. Is bocht an plé agus is laige fós an díospóireacht atá déanta ar chineál an oideachais sin, agus ar an tsamhail ollscolaíochta ab oiriúnaí chuige, a scríobhann Caoilfhionn Nic Pháidín.
Ceann de pheacaí sinseartha na hÉireann é a cheapadh gurb ionann struchtúr institiúideach agus an áirithe sin tonnaí gairbhéil, ualaí bloc coincréite agus málaí suiminte, nuair is é is géire is gá agus is lú atá á thuismeadh ná smaointe úra agus cruthaitheacht sa chur chuige.
Smaoineamh nua glan ba ea FIONTAR tráth a bhunaithe i 1993. Ní haon smaoineamh nua níos mó é. D'éirigh le FIONTAR teagasc ardleibhéil trí Ghaeilge a bhunú in ábhair agus i réimsí úra nár samhlaíodh go dtí sin le hardoideachas na Gaeilge. Tá institiúidí eile tagtha sna sála air ó shin.
Tá 65 modúl á dteagasc go hiomlán trí Ghaeilge anois ar an dá chlár ag FIONTAR - MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais agus BSc i bhFiontraíocht le Ríomhaireacht/Gaeilge Fheidhmeach.Cuireann soláthar tríú leibhéal trí Ghaeilge le stádas agus le húsáid na teanga féin ar ardleibhéal. Aclaítear í mar uirlis bhríomhar nua-aimseartha. Chuige sin is gá soláthar téarmaíochta ar-líne agus bunáiseanna eile ar nós Foclóir Béarla- Gaeilge. Foilsíodh an ceann deireanach i 1959.
Ón uair go bhfuil siad seo easnamhach ó bhonn tá suas le €400,000 caite ag FIONTAR ar fhorbairt bhunáiseanna teagaisc agus foghlama le deich mbliana. Is costas trom ar institiúid ar bith é na tacaí seo a sholáthar i réimsí nua. Costas bunúsach san ardoideachas trí Ghaeilge is ea forbairt na seirbhísí seo, agus ní mór é a chur san áireamh sa phleanáil.
Tá Ollscoil na Breataine Bige, Aberystwyth, ag tarraingt siar a gclár MSc san Fhiontraíocht trí mheán na Breatnaise tar éis an dá bhliain féin. Ní easpa airgid ná acmhainní fisiciúla is cúis leis seo, dealraíonn sé, ach ganntanas foirne oilte ardleibhéil agus easnaimh bhunúsacha sna tacaí teagaisc.
Is gá teacht ar shamhail nuálaíoch don Ollscolaíocht Ghaeilge. Pé tionscnamh a bheidh ann, ní mór é a chur ar fáil ar chostas réasúnta, agus é a bheith solúbtha a dhóthain chun freagairt go samhlaíoch do na dúshláin nua san ardoideachas agus i gcúinsí na teanga féin. Tá claochlú ag teacht ar choincheap na n-ollscoileanna mar institiúidí agus tá na tuiscintí traidisiúnta ag leá os comhair ár súl.
Tá deis againn múnla ardoideachais a chruthú don Ghaeilge ar bhonn fiontraíoch a oireann do na claonta nua daonagrafacha sna pobail Ghaeilge ar fud an oileáin seo, ach a fhreagraíonn san am céanna do threochtaí nua an ardoideachais, mar a léirítear iad ag an HEA in The University Challenged (Malcolm Skilbeck, 2001).
Tráchtann sé go sonrach ar: "a reorientation of the whole system. Indeed it is reasonable to ask whether what may be needed is the very creation of a system out of the existing diffuse collection of individual, competitive institutions."
Oireann na treochtaí nua seo san ardoideachas comhdhéanamh tíreolaíochta agus fíorúil na bpobal Gaeilge, ach múnla a chruthú bunaithe ar na treochtaí sin. Ní féidir an múnla sin a thógáil ar sheantuiscintí ollscoile campas-lonnaithe faoi chúram aon institiúid amháin, ach ar mhachnamh cruthaitheach agus ar fhiontraíocht mheoin faoi chreat nua náisiúnta.
An dúshlán atá romhainn ná an cibearspás, agus aerspás na Gaeltachta agus na Gaeilge a nascadh trí mhúnla nua ollscolaíochta. Ní Ollscoil Ghaeilge ar an seandéanamh calctha atá ag teastáil, ach ollscolaíocht nua trí Ghaeilge.
Leagann údair forbartha an ardoideachais béim ar thionchar na nuatheicneolaíochtaí ar mhodhanna seachadta na gcúrsaí léinn, ar an mbogadh ón teagasc lonnaithe in institiúidí fisiciúla i dtreo na foghlama le saoráidí teicneolaíochta, ollscoileanna fíorúla agus teilifís idirghníomhach ina measc.
"The single biggest issue confronting universities," de réir an Association of Rectors of European Universities ná bunú na hiomaíochta san ardoideachas le teacht chun cinn sholáthróirí príobháideacha sa ríomhfhoghlaim, sa chianfhoghlaim agus sna teicneolaíochtaí nua cumarsáide.
Cuidíonn na forbairtí seo le pobail scaipthe, agus oireann siad do mhúnlaí nua forbartha sna mionteangacha. Deiseanna seachas bagairtí iad seo d'ollscoileanna forásacha, agus go háirithe don ardoideachas trí Ghaeilge agus láithreacht bhríomhar aici cheana féin mar theanga ar an Idirlíon.
NÍL léiriú is gléine ar mhachnamh stangtha ná an tuiscint gurb é an Stát a ghlanfadh costas iomlán na hollscolaíochta Gaeilge. Caitear foinsí eile maoinithe a aimsiú - san Eoraip, i Meiriceá, urraíocht, páirtnéireachtaí i dtograí taighde, agus dul i bpáirt le tíortha eile i bhforbairt an ardoideachais trí mhionteangacha.
Is tríd an gcomhpháirtíocht a aimsítear foinsí nua maoinithe gan trácht ar an spreagadh intleachtúil agus an smaointeoireacht thionscantach a bhíonn in easnamh go minic ar thionscnaimh Ghaeilge. Beidh an infheistíocht is tábhachtaí le déanamh ar dtús i bhforbairt an ábhair agus in oiliúint na foirne lena sheachadadh, mar aon le struchtúr náisiúnta a bhunú don phleanáil straitéiseach, don mhargaíocht, agus don tacaíocht teagaisc agus foghlama.
D'fhéadfaí tabhairt faoi seo trí fhorbairt shuntasach a dhéanamh ar Chiste Mhaoiniú Spriocaithe an HEA faoin tionscnamh "Gaeilge". Tá fís fíorpháirtnéireachta de dhíth, agus fóram do na soláthróirí uile, idir Ollscoileanna, Institiúidí Teicneolaíochta, Údarás na Gaeltachta agus chomhpháirtíochtaí príobháideacha.
Más breisoideachas agus sealbhú scileanna, don aoisghrúpa 16 ar aghaidh, an riachtanas is mó sna ceantair Ghaeltachta, tharlódh go mbeadh sé níos oiriúnaí agus níos saoire go mór fada an gnó sin a fhorbairt faoi scáth na ngníomhaireachtaí stáit lena mbaineann sé - Údarás na Gaeltachta, agus FÁS go háirithe - seachas é seo a fhorbairt as an nua faoi chúram ollscoile.
Ní mór a rá go neamhbhalbh go raibh an soláthar oideachasúil do shaoránaigh arb í an Ghaeilge a gcéad teanga, go príomha sa Ghaeltacht, easnamhach ó bunaíodh an Stát. Níor aithnigh an córas riamh an t-oideachas trí Ghaeilge mar chéad teanga gan trácht ar aon fhorbairt a dhéanamh air.
Más mall féin é, tiocfaidh athruithe sa soláthar oideachais de thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas).
FÍRIC bhunúsach eile sa scéal seo is ea cúngrach na Gaeltachta mar phobal teanga sa lá inniu, agus na staitisticí loma a ghabhann leis sin. Dhá fhoinse atá ar fáil, go hachomair, figiúirí an Daonáirimh agus Scéim Labhairt na Gaeilge a riarann an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Scéim Labhairt na Gaeilge (1999 - 2000)
8,617 (100 faoin gcéad) teaghlach Gaeltachta le páistí bunscoile
2,225 (26.1 faoin gcéad) teaglach a fuair an deontas iomlán
Staitisticí Daonra (1996)
82,715 (100 faoin gcéad) - daonra iomlán na Gaeltachta 3 bliana nó os a chionn
61,035 (74 faoin gcéad) - ábalta Gaeilge a labhairt
35,275 (42.6 faoin gcéad) - a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil
De bhrí go mbaineann cuid shuntasach den chaint laethúil sin féin leis an seomra ranga, molann staitisteoirí an Phríomh-Oifig Staidrimh féin an anailís a bhunú gan an grúpa 5-19 bliain a chur san áireamh.
Fágann sé sin 19,019 cainteoir laethúil ina gcónaí i dtoghranna ina labhraíonn os cionn 50 faoin gcéad den phobal an Ghaeilge go laethúil. Ní féidir margadh ollscolaíochta a bhunú go sonrach ar an dlús pobail seo, scaipthe ar sheacht gcontae.
Ina theannta sin, baineann na patrúin maidir le haois chríochnaithe oideachais agus na leibhéil ghnóthachtála i gceantair áirithe Ghaeltachta, go mór le hábhar sa phróiseas pleanála seo.
Léiríonn Daonáireamh 1996 patrúin laga chríochnaithe sa dara leibhéal agus aistriú an-teoranta chuig an tríú leibhéal, i gcuid de na ceantair is láidre ó thaobh teanga de. Tá suas le 50 faoin gcéad ag fágáil na scoile roimh aois 15 in áiteanna áirithe agus rátaí 6 faoin gcéad á lua lena rannpháirtíocht san oideachas tríú leibhéal.
Má chlis ar an Stát freastal ar lucht labhartha na Gaeilge mar chéad teanga, d'éirigh leis dlús a chur faoin leibhéal cumais agus gníomhaíochta ag mionlach gníomhach den aicme foghlaimeoirí. Tá tábhacht thar na bearta leis an aicme seo anois de dheasca síorchúngú na Gaeltachta. 5,695 dalta a rinne an Ardteist trí Ghaeilge, i 2001, a bhformhór lasmuigh den Ghaeltacht.
Is gá taighde margaíochta a dhéanamh ar bhonn náisiúnta i measc daltaí iarbhunscoile agus a dtuismitheoirí chun an t-éileamh a bheadh ar chúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge amach anseo a mheas.
Bunaithe ar thaithí na soláthróirí atá ann cheana féin, ní mór a aithint go mbeidh an t-éileamh sin teoranta i gcónaí agus na costais a ghabhann leis sin a áireamh sa phróiseas buiséadaithe. Baineann staitistic amháin eile go mór le hábhar freisin, an titim ó 74,000 sa bhliain ag fágáil iarbhunscoileanna na hÉireann i 1998 go dtí 47,000 atá tuartha i 2012.
Tá tábhacht náisiúnta straitéiseach ag baint le forbairt an oideachais tríú leibhéal trí Ghaeilge. Is gá soláthar oideachasúil ar gach leibhéal a phleanáil, a fhorbairt, a sheachadadh agus a mheas laistigh de chreatlach náisiúnta chomhtháite.
Tá an spriocphobal iomlán chomh cúng sin, nach moltar aon smiotadh air, ar bhonn thiar/thoir ná thuaidh/theas. Is gá an soláthar "don Ghaeltacht" a chuimsiú mar sprioc lárnach an-tábhachtach laistigh den soláthar "trí Ghaeilge".
Mhol Coimisiún na Gaeltachta (2002) go gcuirfí feabhas ar an soláthar ag gach leibhéal san oideachas "ina dtabharfar tosaíocht don Ghaeilge mar chéad teanga laistigh den Ghaeltacht", ach níl aon mholadh ar leith déanta go mbunófaí ollscoil Ghaeltachta mar aonad struchtúrtha.
I gcás go mbaintear amach soláthar Gaeltachta laistigh de chreatlach náisiúnta don fhorbairt oideachasúil, ní mór dó a bheith ag teacht le bailíocht na gcleachtas reatha idirnáisiúnta agus é ag úsáid teicneolaíochtaí nua agus modhanna nuálaíocha seachadta. Déanfar, an uair sin, fiontar dúshlánach inspioráideach den soláthar oideachasúil do chainteoirí Gaeilge ar fud an oileáin seo, ina réimse agus ina cháilíocht.
Is Stiúrthóir FIONTAR agus ball de Choimisiún na Gaeltachta í Caoilfhionn Nic Pháidín