Nil re na gcolaisti samhraidh thart - go foill

Ar theacht an tsamhraidh achan bhliain', ar nós na bhfáinleog, plódaíonn na mílte ógánach isteach sna ceantracha Gaeltachta, …

Ar theacht an tsamhraidh achan bhliain', ar nós na bhfáinleog, plódaíonn na mílte ógánach isteach sna ceantracha Gaeltachta, a scríobhann Seán Mac Labhraí.

Ag tnúth le saoire sultmhar agus le barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge a bhíonn siad. Bíonn fearadh na fáilte rompu ar chúpla cúis. Is breá le bunadh na Gaeltachta an chuideachta i ndiaidh uaigneas an gheimhridh agus, ar ndóigh, tugann sé faill dóibh dornán airgid a shaothrú fosta.

D'athraigh an saol go mór ó tháinig mé féin i mo scoláire chun na Gaeltachta sa bhliain 1976. Ba bheag teach sa cheantar nach mbíodh 'lóisteoirí' ann san am sin. Bhí an obair gann agus cuid mhór de na daoine ag saothrú leo ar an choigríoch.

Ní raibh iomrá ar bith go fóill ar eastát tionsclaíochta a theacht chun an cheantair ná ar Údarás na Gaeltachta a theacht ar an tsaol. Sholáthraigh na coláistí Gaeilge deis do mhuintir na háite tuarastal a thuilleadh fiú mura raibh ann ach seal gairid an tsamhraidh.

READ MORE

Má bhí muintir na Gaeltachta ag brath ar airgead na lóisteoirí, b'ionann an cás é le gluaiseacht na Gaeilge a bhí ag brath ar chomhoibriú agus ar chuidiú mhuintir na Gaeltachta. Seo an rud a dtugann lucht bitheolaíochta 'siombóis' air creidim.

Cá bhfaigheadh mo mhacasamhailse deis greim de chineál éigin a fháil ar an teanga mura mbeadh na daoine a d'fháiltigh romham isteach ina gcuid bailte? Rinne mé cairdeas buan docht le bunadh na Gaeltachta agus níor lig mé samhradh tharam ó shin i leith nár thug mé athchuairt ar an cheantar agus ar na daoine ar stop mé acu.

Sa lá a bhfuil inniu ann bíonn malairt fostaíochta ar fáil do bhunadh na Gaeltachta agus is annamh a ghlacann mná óga scoláirí isteach ina gcuid tithe. Níl an ghlúin úr seo i muinín airgead na lóisteoirí agus is iad na mná meánaosta amháin, (a chleacht na scoláirí a choinneáil le breis agus scór bliain) atá sásta leanstan don nós.

Níl amhras ar bith ach gur géarchúis mhór í seo do thraidisiún na gcoláistí. Thit an lug ar an lag le tamall anuas nuair a chuathas ag caint ar cháin ioncaim a ghearradh ar na mná tithe.

Mar atá an scéal faoi láthair tá tithe atá gar do na coláistí chomh gann sin go gcaithfidh stiúrthóirí na gcoláistí busanna a fhostú leis na scoláirí a iompar isteach agus amach trí huaire sa lá.

Má leanann an scéal ar aghaidh tamall eile ní bheidh a oiread lóistín ar fáil agus a chuirfeadh ar chumas na gcoláistí cúrsaí a reachtáil.

An rachaidh stiúrthóirí na gcoláistí a thógáil suanliosanna le lóistín a sholáthar? Ghlacfadh sé pingin (mo leithscéal, cent) mhaith airgid foirgnimh mar sin a chur ar fáil. Má théann, cé a bheas ina mbun? Múinteoirí agus ceannairí?

Más amhlaidh an scéal, sin deireadh leis an teangmháil cheart le muintir na háite agus sin ré na gcoláistí mar a bhíodh thart. Ní bheinn féin gan dóchas go mbeidh ar chumas an dá dhream teacht ar réiteach na faidhbe seo.

De réir mo dhearcaidh féin, ní fadhb do-réitithe í seo ach dúshlán. Caithfear mná óga na Gaeltachta a mhealladh ar ais a oiread agus is féidir.

Más gá na táillí a ardú le go bhféadfaí breis airgid a dhíol leo as lóistín a chur ar fáil, déanaimis amhlaidh. Ní costas mór €450 do chúrsa cheithre lá is fiche. Mholfainn ardú suntasach fiúntach de 20 faoin gcéad agus iomlán an airgid sin a dhul chuig mná na dtithe. Bean tí ar bith a bheadh idir dhá chomhairle faoi lóisteoirí a ghlacadh, ba choir go mbeadh an t-ardú sin tarraingteach.

Anuas air sin, más gá lóistín breise a thógáil le freastal ar an ghanntanas, mholfainn go gcuirfí muintir na háite ag obair ann ionas nach gcaillfí an teagmháil thábhachtach úd idir an foghlaimeoir agus an duine a bhfuil an teanga aige/aici ón chliabhán.

Creideann muintir na Gaeltachta go minic nach de ghnoithe s'acu teagasc na teanga. Na scoláirí a chothú agus a choinneáil faoi dhíon an t-aon fhreagracht a luíonn orthu de réir a dtuisceana.

Dar leo féin agus le lucht stiúrtha na gcoláistí faoi láthair, gurb é dualgas na múinteoirí amháin tabhairt faoin teagasc. Caithfear a chur ar a súile do bhunadh na Gaeltachta gurb iadsan is tábhachtaí i dtaca leis an fhoghlaim de.

Iadsan na saineolaithe sa chás seo. Iadsan a bhfuil an teanga ar a dtoil acu. Iadsan a ghlacann tús áite ar na múinteoirí. Iadsan an tobar a bhfuil na foghlaimeoirí ag iarraidh ól as. Iadsan a thabharfas Gaeilge na Gaeltachta seachas Gaeilge na leabhar do na scoláirí.

Bheadh meas acu orthu féin mar chuid thábhachtach den chóras atá go mór in easnamh san aimsir seo. Sin, dar liom féin an dúshlán sna blianta atá romhainn amach. Téimis ina cheann le dúthracht agus le splanc samhlaíochta.

  • Is múinteoir meánscoile in Iúr Cinn Trá, Co an Dúin, é Seán Mac Labhraí