Níos mó ná gad amháin

BEOCHEIST: BA RÍSPÉISIÚIL é an smaoineamh a nocht eaglaiseach áirithe le déanaí agus é ag tagairt don riocht ainnis ina bhfuil…

BEOCHEIST:BA RÍSPÉISIÚIL é an smaoineamh a nocht eaglaiseach áirithe le déanaí agus é ag tagairt don riocht ainnis ina bhfuil cúrsaí eacnamaíochta na tíre.

Mheabhraigh sé go raibh an baol ann go dtiocfadh an t-am nach mbeadh fonn ar mhná gin a ghabháil ar eagla nach mbeadh ar a gcumas an costas a leanfadh í a sheasamh.

Is dóigh liom gurb í seo an chéad uair gur labhradh amach go hoscailte agus go poiblí faoin olltionchar atá sa tuar ag an tubaiste eacnamaíochta seo ar ár saol sóisialta mar phobal agus mar aonaráin.

Ní chuig ceist airgid, ná ualach cánach, ná ganntanas oibre atá mé, ach chuig na hathruithe móra a bhféadfadh a theacht ar an tslí ina mairfimid ár saol de dheasca a bhfuil ag tarlú i láthair na huaire. Is chuig ár ngotha i leith ár gcearta féin agus i leith cearta ár gcomharsan atá mé, i leith ár ndualgas araon agus ár n-iompar eiticiúil, agus gan an meas ar an móráltacht ghinearálta a ligean i ndearmad, ach an oiread.

READ MORE

Tharlódh go mbáfaí a dtábhacht san faoi ultach ár mbuairimh faoin airgead, agus ár n-imní faoin ábharachas i gcoitinne rud a buaileadh orm agus mé ag cúléisteacht lena raibh á rá ag speachaire nó beirt a bhí ag glacadh páirte i léirsiú sa chathair an tseachtain cheana.

Rud a chuireann go mór leis an mbaol san, feictear dom, ná a laige is atá an reiligiún inár measc um an dtaca seo agus an tsaint a chothaíodh ionainn i rith blianta na flúirse. D’airigh mé fear mór cainte ag tabhairt uaidh go fras cúpla lá ó shin. Tugtar a cheart dó, ní raibh aige ach scéal an dóchais. Thug sé ar ár n-aire dúinn gurbh iomaí deacracht a chuir muintir na hÉireann tharstu ach ba chosúil gur dhearmad leis gurbh é sin an tráth nach raibh ceist orthu ach go raibh taca seachas an taca saolta ar fáil acu.

Chaitheas tamall maith dem shaol mar sheirbhíseach stáit ag rith is ag rás lem chomhghleacaithe chun na Bruiséile agus babhla na déirce á chroitheadh againn ar son ár dtíre go díograiseach. Ag na cruinnithe san bhímis ag caint go haerach faoi na céadta milliún ECU (ba shin an t-aonad airgeadais a bhí in úsáid ag an am) agus ag cur síos ar na pleananna móra a bhí againn lenár dtír a fhorbairt.

Gach seans go raibh na daoine eile ní ba fhadradharcaí ná mé féin, ach féadaim a admháil mar dhuine nár thuigeas riamh méid agus fairsinge na n-athruithe a dhéanfadh an t-airgead san go léir a tháinig chugainn ón Aontas Eorpach, ní hamháin ar dhreach ár dtíre, idir thuath, bhailte agus chathracha, ach ar na daoine, ar a ndearcadh ar an saol agus ar ar mhian leo a ghnóthú dóibh féin as an saol céanna.

Ar ndóigh, bhí na blianta maithe againn, ach is ceist le háireamh é ar dheineamar an bunbhotún trína ghlacadh go leanfadh cúrsaí amhlaidh go Lá an Luain is nach bhfeicfimis an ganntanas go deo arís.

Ní raibh blianta san na maitheasa gan a gcuid drochthorthaí féin gan amhras, sa mhéid is nár chuidíodar linn ár gcaighdeán traidisiúnta caoinbhéasaíochta a chaomhnú go sásúil, mar shampla, is gur mhealladar iadsan inár measc gur mhian leo é, isteach i margadh na ndrugaí, mar shampla eile, gan trácht ar thubaistí mar an méadú ar líon na ndaoine a chuireann lámh ina mbás féin.

Agus b’fhéidir nár thugamar an aird ba chóir ar na tragóidí sin, mar gur thábhachtaí linn an feabhas ar ár gcaighdeán ábhartha maireachtála a bhí sa taobh eile den mheá? Agus anois gur mó ár mála ná ár soláthar, is gur léir dúinn gur gad tachtach ar an scornach againn san, ba mhór mar dhearmad againn é gan an gad eile a aithint chomh maith céanna agus gan a chur chun a ghearrtha chomh díograiseach céanna.

Is chuig na fadhbanna sóisialta níos measa fós a bhféadfadh a bheith romhainn anois atá mé, go háirithe i gcás an tsaoil phósta. Sna blianta sarar thosaigh an Tíogar ag búireach bhí cúrsaí an-olc againn, gnólachtaí á ndúnadh, postanna á gcailliúint agus an spiorad in ísle brí go forleathan.

Bhíos féin ag gníomhú le cumann um an gcarthanacht ag an am; bhíos in an-chuid tithe ina raibh an pósadh ag titim as a chéile agus ba léir dom gurbh í ba chúis leis sin go minic ná go raibh an fear céile tar éis a phost a chailliúint (ní bhíodh an méid sin ban ag obair taobh amuigh den teach ag an am), go raibh i bhfad níos mó ama á chaitheamh sa bhaile aige agus go mbíodh an lánúin in adharca a chéile dá dheasca.

Sa riocht ina bhfuilimid anois, d’fhéadfadh an fhadhb san a bheith i bhfad níos measa dá gcaillfeadh an bheirt acu a bpostanna – agus é sin gan aon deacracht eile a chur san áireamh.

Níl uaim ach a mheabhrú gur mó ná an t-aon ghad amháin atá orainn agus gurb ar ár leas é féachaint, más féidir, lena ngearradh i dteannta a chéile.