Is í Nuala Ní Dhomhnaill, file, a thabharfaidh Léacht Uí Chadhain, "Neacha neamhbheo agus nithe nach bhfuil ann", san oíche amárach ag 8 p.m. san Ionad Tionscail, Belfield, Baile Átha Cliath.
Is ag caint faoin bhéaloideas mar fhoinse agus ábhar spreagtha ag an scríbhneoir comhaimseartha a bheidh sí agus ar an ábhar atá le fáil i Roinn Bhéaloideas Éireann ach go háirithe.