O Cuiv ag gniomhu ar chursai Gaeltachta

Sheol an tAire sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, dhá thionscnamh an tseachtain seo caite a mbeidh…

Sheol an tAire sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, dhá thionscnamh an tseachtain seo caite a mbeidh tionchar acu ar thodhchaí na Gaeltachta.

Is é an staidéar teangeolaíochta ar an Ghaeltacht an ceann is uaillmhianaí den bheirt sa mhéid is go ndéanfar iarracht bonn eolaíoch a chur faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Is é Seosamh Mac Donnacha, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus an Dochtúir Conchúr Ó Giollagáin, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, a bheidh freagrach as an taighde a ullmhú. Measann an Roinn go dtógfaidh an staidéar os cionn dhá bhliain le cur i gcrích agus tosóidh an obair in Aibreán na bliana seo.

De réir théarmaí tagartha an staidéir, is é is cuspóir leis: forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta.

READ MORE

Chuige sin, iarrtar ar na taighdeoirí "anailís chainníochtúil" a dhéanamh ar an líon daoine agus teaghlach a úsáideann an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha go laethúil agus "anailís chineálach a dhéanamh a léireoidh feasacht agus dearcadh phobal na Gaeltachta i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta".

Beidh ar na húdair céimeanna praiticiúla a mholadh le go go leanfar de labhairt na Gaeilge ó ghlúin go glúin.Tugtar tús áite sa staidéar do thionchar pholasaithe pleanála na n-údarás áitiúil agus ar thionchar fadtéarmach na bhforálacha pleanála atá san Acht um Pleanáil agus Forbairt (2000) i dtaca leis an Ghaeilge sa Ghaeltacht de.

I bpreasráiteas, dúirt Ó Cuív: "Is é an dúshlán atá anseo ná an bealach is fearr a aimsiú chun pobal bisiúil inmharthanach Gaeilge a neartú agus a bhuanú sa Ghaeltacht don todhchaí. Is chuige sin atá an staidéar teangeolaíoch seo agus is céim phraiticiúil eile í a léiríonn go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm a bhfuil molta i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta."

Ach más ag gníomhú ar leibhéal náisiúnta atá Ó Cuív sa chás seo, níl drogall air gníomhú ar leibhéal logánta le beocht as an nua a chur i gceantair eile. Sheol sé plean forbartha do Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Co Chiarraí, plean a bheadh ina chreatlach straitéiseach do cheantair bheaga eile.

Scríobhtar sa phlean: "Aithníodh gurbh é an laige ba mhó a bhain le slánú na Gaeilge agus na Gaeltachta in Uíbh Ráthach ná easnamh acmhainní daonna ag obair go lánaimseartha ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

"Tuigeadh freisin go gcaithfeadh na hacmhainní daonna so a bheith lonnaithe in Uíbh Ráthach mar nach bhféadfaí freastal cuí ná córas tacaíochta fónta a chur ar fáil don Ghaeilge ná do phobal na Gaeltachta ón taobh amuigh."

Tá maoiniú faighte acu ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge le háisitheoir pobail, oifigeach oidhreachta, cúntóir teanga, teagascóir Gaeilge agus áisitheoir ealaíon a fhostú. Déanfaidh an fhoireann sin cúram de ghnéithe éagsúla cultúir do dhaoine fásta agus óga.

Tá tuilleadh maoinithe á lorg le hoifigeach óige, timire baile, riarthóir, bainisteoir togra agus oifigeach margaíochta turasóireachta a fhostú.

Agus an colún seo á scríobh, tháinig nuachtlitir ó Choiste Céim Aniar, coiste pobail i Ros Goill, ceantar lag Gaeltachta i nDún na nGall.

Agus an scéal ba mhó sa nuachtlitir? Tá, go raibh siad "iontach sásta agus mórtasach" gur bhain siad an chéad duais i réigiún an Tuaiscirt sa chomórtas, An Baile Beo.

Ghabh siad buíochas leis na daoine a d'athraigh a gcuid comharthaí gnó; a bhí ag obair ar ainmneacha na mbailte fearainn nó a bhí ag freastal ar ranganna oíche. "Gan an pobal bheith taobh thiar dúinn is snámh in éadan an tsrutha a bheadh ann," a scríobhtar, "cha dtig suí ar na rámhaí."

Scríobhtar i bplean forbartha Uíbh Ráthaigh: "Tá síol an athréimnithe curtha ach is sa phlean so a bheidh an bláthú le fáil."

Tá obair an dá eagras préamhaithe sa phobal agus iarracht ar siúl iad a spreagadh chun gnímh.

An bhfuil fáth ar bith ann nach mbeadh an gháir chatha chéanna le cluinstin i gceantair eile?