Is í Nuala Ní Dhomhnaill, Ollamh le Filíocht Éireann, a bheidh i mbun ceardlann filíochta Gaeilge i Scoil na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Dé Máirt.
Tá líon áirithe folúntas ar fáil do dhaoine ar spéis leo páirt a ghlacadh sa cheardlann.
Ní mór dul i dteagmháil le Roinn na Gaeilge roimh ré.
Eolas: 01-6081450 nó nibhraoc@tcd.ie