Oidhreacht an phianódóra i Vín

FIÚ MUNA raibh duine i Vín riamh ina shaol, bíonn eolas aige ar na rudaí go léir ar chóir dó bheith ag súil leo agus é ann ar…

FIÚ MUNA raibh duine i Vín riamh ina shaol, bíonn eolas aige ar na rudaí go léir ar chóir dó bheith ag súil leo agus é ann ar cuairt. Wiener Schnitzel. Apfelstrudel. Sachertorte. Caifé Víneach agus uachtar air. Ceol válsa ar ndóigh. Agus an t-amhrán sin: Wien, Wien, nur du allein...

Agus duine anseo den chéad uair, ceapann sé nach strainséar é féin ach go bhfuil seanaithne aige ar an áit. Breathnaíonn sé na hiontais atá feicthe aige cheana i leabhair: bruachanna na Danóibe, páláis na nImpirí, sráideanna stairiúla na cathrach inmheánaí, ardeaglais ghotach Naomh Stiofán, hallaí ceolchoirme agus teach an cheoldráma.

Anseo i Vín bíonn tú ag plé leis an stair an t-am ar fad. Ní miste a rá gur tháinig a lán de chultúr nua-aoiseach na hEorpa as Vín, ón litríocht go dtí an bhfisic, ón gceol clasaiceach go dtí an tsícanailís. Feiceann tú teach Mozart gar don Ardeaglais, agus teach Freud in aice leis an Ospidéal.

Ní raibh leisce ar bith ar na Habsburg agus iad i réim páláis agus eaglaisí a thógáil anseo chun a thaispeáint gur ardchathair na Naomh-Impireachta Rómhánaí é Vín. I rith na Meánaoise bhí na manaigh ó Éirinn ann, agus tá cuimhne orthu go deo i gceantar áirithe den chathair – is féidir cuairt a thabhairt ar an Schottenkirche, .i. eaglais na nGael, ansin atá fós ina seasamh.

READ MORE

Leoga, le hualach na staire, is deacair do dhuine a intinn a leagadh ar an am i láthair, gan trácht ar an todhchaí. Le fada anois, ceapadh go raibh stair ag Vín, ach nach raibh todhchaí aici – cé gur cathair den chéad scoth í idir cathracha móra na hEorpa cosúil le Páras agus an Róimh.

Bhí Páras beo bríomhar i gcónaí riamh, in ainneoin chaismirtí na staire, agus nach dtugtar an chathair shíoraí ar an Róimh? Ach ní raibh an stair róchineálta le Vín. Deineadh conamar di ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda, agus bhí sí faoi riail na gceithre chomhghuallaithe, cosúil le Beirlín, go dtí an bhliain 1955.

Urphost tréigthe an Iarthair in Oirthear na hEorpa ab ea Vín sa Chogadh Fuar. Ach anois, agus an Cuirtín Iarainn ar lár, agus na Náisiúin Aontaithe i láthair anseo – tá cuid áirithe d’eagraíochtaí idirnáisiúnta lonnaithe i gceantar nua ar bhruach na Danóibe – déarfá go raibh Vín faoi bhláth arís.

Teagmhaíonn gach glúin le Vín ar bhealach faoi leith. Is fada mé féin ag ullmhú don chuairt seo, mar bhí áit i mo chroí do Vín le fada. Louis Ó Creag, deartháir mo mháthar nach maireann, ba chúis leis sin. Smaoiním ar ais arís ar an seanteach i nDoire, Uncail Louis ina shuí ag an bpianó, é ag seinm ceoil de chuid Beethoven, agus, rud ní ba thábhachtaí, é ag míniú an cheoil dom agus mé 14 bliain d’aois. Sheinn sé ceol clasaiceach ar an bpianó dom, ach bhí bailiúchán mór ceirníní aige freisin, agus bhí mé in ann aithne a chur ar dhomhan na ceolfhoirne siansaí. Is as an Ghearmáin a tháinig an chuid is mó de na ceirníní seo: Deutsche Grammophon a bhí iontu. Is cuimhin liom é ag insint dom faoi Vín agus faoin gcultúr Eorpach i gcoitinne – bhronn sé an t-eolas orm go raibh ardchultúr ann nach raibh baint aige le Sasana.

Bhí baint faoi leith idir an gceol clasaiceach agus an Ghearmáinis, mar a tuigeadh dom. Agus é ag insint faoi Haydn agus Mozart, faoi Beethoven agus Schubert, bhí trácht ag Uncail Louis an t-am ar fad ar Vín, mar is ansin a bhíodh siad uile ag saothrú.

B’as na Gleannta i dTír Chonaill muintir Uí Chreag ó dhúchas; bhí Gaeilge acu. Chuaigh siad chun cónaithe i nDoire ansin agus bhí rath orthu i dtionscal na fíodóireachta.

Clann a bhí tugtha don gceol clasaiceach ab ea muintir Uí Chreag: dordveidhleadóir ab ea Joe, veidhleadóir ab ea Jeaic, agus pianadóirí ab ea Oscar agus Louis. Ba mhinic iad ag seinm ceoil aireagail le chéile sa tseanaimsir, mar a insíodh dom.

Chuaigh na deartháireacha eile ar imirce go Sasana ar deireadh, ach chaith Louis a shaol iomlán i nDoire. Ní raibh sé riamh i Vín ná aon áit eile mar í. Níor éirigh leis taisteal thar lear, cé go bhfaigheadh sé blas air gan amhras.

Ach toisc gur inis sé scéal an cheoil dom na blianta ó shin, tá mé féin i Vín anois. Is minic nach gcuirtear saol duine amháin i gcrích ach i saol duine eile, duine níos óige. Is mar sin a thiomnaítear mianta an chroí ó ghlúin go glúin.

Le scéal gairid a dhéanamh de, sin an bhaint atá agamsa le Vín. Agus mé ag smaoineamh ar Uncail Louis, ardaím gloine grüner Veltliner dó agus ólaim a shláinte. Prost, Herr Onkel!