CROBHINGNE:NÍ DEAS an rud é a admháil go dtugann tubaist ghránna pléisiúr beag mallaithe i ndoircheacht do chroí duit. B'fhéidir gurb é seo an gliú a choimeádann le chéile sinn.
Ní hé nach bhfuil trua bhocht mhór agam do na mílte éan agus don líon gan áireamh de dhúile na mara atá anois sáinnithe san anraith dubh práibeach atá ar snámh lasmuigh de chósta Louisiana. Ná nach díol cradhscail agus nach mairg go deo é do na hiascairí bochta fan an chósta sin, gan trácht ar bhochtáin na trá atá i dtaobh le scolb raice gach pioc chomh mór le haon duine le linn an drochshaoil anseo.
Ní hé sin in aon chor é ach an pléisiúr beag mailíseach a thugann sé dúinn go nochtfaí an dochar atá á dhéanamh chomh follasach sin ar lic dhoras thionscal na hola. Má tá ball ar bith arb é siombail léir an tionscail sin é, sid é cósta sin na Stát Aontaithe é.
Samhlaímid Texas chomh dlúth le saint na hola is a shamhlaímid é le hataí amaideacha agus leis an tsnáthaid nimhe d’fhonn daoine a chur chun báis. Texas, Louisiana, Florida, is iad a tháinig i dtír ar an ola, go díreach anois mar atá an ola ag teacht i dtír chucu siúd.
Is iad na holathóirí ríthe an domhain gan freasúra. Is féidir ola a dhoirteadh go tiubh ar chóstaí uile an domhain, fan chuasa na Nigéire mar shampla, nó i ndeisceart na Sile, nó lastuaidh i gcríocha reoite Alaska, nó ar Oileáin Galapagos nach ann do dhaoine agus a bhfuil na turtair ann gan urlabhra, gan urlabhraí.
Ach tagadh sé go feiceálach, dubhghréisceach, glaeghránna chun an tí chugat, agus tá dóchas éigin ann go mb’fhéidir go músclódh daoine aniar.
Tá tuairim níos fearr anois cad é go díreach a bhí ar siúl ag JR agus ag Sue Ellen agus Bobby agus Miss Ellie in Dallas fadó, is é sin, nuair nach mbíodh siad ag troid lena chéile, nó ag teacht ar ais ó na mairbh. Bhí poill á ndéanamh i screamh an domhain acu ionas go n-urlaicfeadh an talamh a chuid putóg aníos.
Ní dóigh liom go bhfacthas oiread is éan leointe amháin, ná rón gréiseáilte, ná dobharchú mara ag slaparnach le hola ghreamaithe i rith na sraithe sin. Ní mó ná sin a chonaiceamar lucht oibre á séideadh san aer ná sclábhaithe ar phá lae ag stracadh lena mbeo. Muran féidir leis an bhfiadhúlra labhairt ar a shon féin, tá an chuma air go bhfuil an domhan féin ag cur suas dínn.
Is contúirteach an rud é poll, go háirithe poll a bhfuil rud éigin le rá aige. Lastuas dínn tá poll sa chiseal ózóin ag ligean do ghathanna na gréine ag gabháil steallaidh orainn agus cead raide acu; laistíos dínn tá poll in urlár an domhain ag caitheamh a bhfuil ina bholg aníos orainn.
Tá poll Eyjafjallajokull ag glacadh sosa faoi láthair, agus tá bolcán Katla ag prapáil chun gnímh. Tá an chuma air nach mó ná sásta atá an pláinéad linn, agus a chúis aici.
Tá an domhan breac le mianaigh ghuail a bhfuil an cnap deiridh ídithe iontu. Tá aitheanta go bhfuil teora lena bhfuil de ghual ann. Tá aitheanta go bhfuil teora lena bhfuil d’ola ann, leis, ach is beag tír nó teaghlach, ná duine nó daonlathaí atá sásta feidhmiú dá réir.
Is iad Na Glasraí amháin atá á fhogairt seo leis na blianta, ach nuair a dhéanann siad iarracht ar shrian a chur le saint an IRFU (mar shampla fánach amháin), tagann na sluaite amach as a gcuid clubanna agus as a gcuid tithe móra Seoirseacha lena mbéal bocht olagónach.
Mar is é olagán na sainte faoi dear olagón an domhain. Is é seo cnó na cúise agus fachain na faidhbe. Is cuma cad é an miosúr a tharraingíonn tú anuas den tseilf, tá teora le hacmhainní aiceanta an phláinéid seo. Ach éilíonn an eacnamaíocht thraidisiúnta go dtiocfadh fás gan stad gan staonadh gan chuibheas gan chuimse ar an eacnamaíocht féin. Is é is brí le fás eacnamaíochta ná tuilleadh agus tuilleadh agus tuilleadh.
Raidhse agus raidhse agus raidhse. Giúirléidí agus gréibhlí agus gnicneacachaí. Mórán na cruinne níos mó domsa, ábhar éigin níos mó duitse, agus beagán níos mó do Mhac an Daba, ach gan an iomad, gan amhras. Tá nasc dobhriste idir fás eacnamaíochta agus caiteachas gan chrích.
An t-eacnamaí ar féidir leis nó léi a mhíniú conas is féidir an nasc seo idir fás eacnamaíochta agus tomhaltóireacht a bhriseadh, gheobhaidh sé an Duais Nobel, agus buíochas an tsaoil.
Dúirt poll Eyjafjalakokull linn go gcaithfimis smaoineamh ar bhóithre eile a shiúl seachas bóithre an aeir; dúirt poll na hola linn gur láidre agus gur marthanaí na déithe faoi thalamh ná déithe an uabhair agus na sainte a dtugaimid adhradh dóibh.