Tá dualgas ar leith ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh maidir leis an nGaeilge faoi Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe, 1929. Ina theannta sin, tá dualgas speisialta orainn de bharr go bhfuil ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, Gaeltacht Chonamara, suite ar thairseach na hOllscoile agus gur cuid tábhachtach dár dtraidisiún é go dtagann líon suntasach mac léinn chugainn ó Ghaeltacht Mhaigh Eo, Thír Chonaill agus Chiarraí freisin.
Tá obair mhór déanta ag an Ollscoil chun léann na Gaeilge agus cúrsaí trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn ó 1929 ar aghaidh. Tá foireann na hOllscoile tar éis dúthracht nach beag a chaitheamh ag forbairt ábhar agus cúrsaí trí Ghaeilge, le hacmhainní a bhí an-teoranta. Rinneadh obair cheannródaíoch i réimsí éagsúla agus tá an obair sin ag dul ar aghaidh fós.
Ó na 1970í ar aghaidh, táimid tar éis caidreamh níos dlúithe a bhunú le pobal na Gaeltachta trí Ionaid Ghaeltachta a bhunú ar an gCeathrú Rua i 1977, i gCarna i 1997 agus, i mbliana, ghlacamar le cuireadh ó choiste stiúrtha na Crannóige i nGaoth Dobhair maidir le gnó na Crannóige a thógáil ar láimh. Cuireann na hionaid sin ar ár gcumas freastal níos fearr a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta trí chúrsaí agus seirbhísí Ollscoile a chur ar fáil dóibh ina bpobal féin.
Ina theannta sin, cuireann siad fostaíocht den scoth ar fáil sa Ghaeltacht. Creideann an Ollscoil go bhfuil an fhostaíocht seo fíorthábhachtach mar gur fostaíocht í atá tarraingteach do dhaoine óga Gaeltachta a bhfuil cáilíochtaí tríú leibhéal acu - fostaíocht a thugann deis dóibh filleadh ar a bpobal féin agus páirt a ghlacadh i bhforbairt agus i mbuanú na bpobal sin.
Tá athruithe móra tagtha i saol na Gaeilge le 30 bliain anuas. Tá seirbhís raidió agus teilifíse bunaithe, tá forás dochreidte tagtha ar ghluaiseacht na gaelscolaíochta, tá stádas reachtúil na Gaeilge treisithe go mór agus láidreofar tuilleadh é nuair a achtófar Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas), 2002.
Tá athruithe chun feabhais tagtha ar shaol na Gaeltachta sa tréimhse sin freisin. Tá an caighdeán maireachtála feabhsaithe. Tá níos mó fostaíochta ar fáil. Tá deireadh leis an eisimirce éigeantach agus tá cuid mhaith daoine a bhí ar imirce tagtha abhaile. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na ndaoine óga Gaeltachta a théann ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal.
Nuair a tharlaíonn mórathruithe den chineál sin in aon sochaí is mithid d'institiúidí na sochaí sin an cheist a chur an bhfuil an tseirbhís atá á soláthar acu fós in oiriúint do riachtanais agus do mhianta an phobail ar a bhfuil siad ag freastal.
Is chuige sin a bheartaíomar in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh dhá bhliain ó shin athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an gcur chuige a bhí againn chun cúrsaí agus seirbhísí tríú leibhéal a chur ar fáil trí Ghaeilge. Is mar thoradh ar an athbhreithniú sin a d'ullmhaíomar ár Straitéis Forbartha don Ollscolaíocht Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.
Tá trí mhórthuiscint laistiar den Straitéis Forbartha seo. Ar dtús, creidimid nach leor a thuilleadh a bheith ag smaoineamh i dtéarmaí cúrsaí atá ar fáil trí Bhéarla a sholáthar i nGaeilge chomh maith.
Ina ionad sin is gá cúrsaí a fhorbairt a bhfuil sé mar aidhm leo freastal ar na riachtanais shainiúla atá ag pobal na Gaeltachta agus ag pobal na Gaeilge ar fud na tíre.
Áirímid ina measc sin cúrsaí sa réimse gnó agus i dteicneolaíocht faisnéise; cúrsaí san oideachas agus san aistriúchán; agus cúrsaí sa chraoltóireacht, i bpleanáil teanga agus sna healaíona, gan ach cuid de na réimsí tosaíochta atá aitheanta againn a lua.
An dara mórthuiscint is ea nach cúrsaí trí Ghaeilge amháin atá á bhforbairt againn, ach Ollscolaíocht Ghaeilge. Is cuid lárnach den Ollscolaíocht í an taighde.
Dá bhrí sin, ní chruthófar Ollscolaíocht Ghaeilge trí chúrsaí amháin. Caithfear an taighde trí Ghaeilge agus taighde sna réimsí eacnamaíochta, sóisialta agus teanga atá lárnach do thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta a chothú agus a chur chun cinn freisin.
Is cuid dár n-aisling é gur féidir linn, tríd an Ollscolaíocht Ghaeilge, ionchur úrnua agus cruthaíoch a dhéanamh i mór-réimsí eolais an chine dhaonna - réimsí na fealsúnachta, na heolaíochta, agus na n-ealaíon, mar shampla - ionchur a mbeidh an seasamh agus an stádas céanna aige agus atá ag an ionchur ó phobail mhórtheangacha an domhain.
Ní leor mar fhís go mbeidh an Ghaeilge ábalta smaointe, coincheapa, teoiricí agus teicneolaíochtaí na linne seo a ionramháil. Is gá go mbeidh smaointe, coincheapa, teoiricí agus teicneolaíochtaí a bhaineann leis an saol comhaimseartha á gcruthú agus á bhforbairt trí mheán na Gaeilge leis.
Mar sin, beidh taighde ar siúl lámh ar láimh le soláthar na gcúrsaí léinn sna hIonaid Ollscolaíochta Gaeilge agus beidh an taighde sin mar bhunchloch do na cúrsaí a bheidh á soláthar againn amach anseo.
Cuirfidh sé seo ar ár gcumas cur go mór leis an raon taighde atá á dhéanamh faoi láthair i réimsí a bhaineann go dlúth le saol phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, i réimsí cosúil leis an oideachas Gaeltachta agus lánGhaeilge, meáin chumarsáide na Gaeilge agus an fhorbairt thionsclaíoch atá ar siúl sa Ghaeltacht gan ach roinnt díobh a lua.
Baineann an tríú mórthuiscint atá taobh thiar dár Straitéis Forbartha leis an láthair ar a gcuirtear cúrsaí Ollscoile ar fáil. Aithnímid gur ceann de na deacrachtaí is mó atá le sárú ag pobail Ghaeltachta i láthair na huaire ná an líon daoine óga atá ag fágáil na Gaeltachta d'fhonn bailchríoch a chur ar a gcuid oideachais agus fostaíocht a lorg.
Mar bhealach chun cuid den eisimirce óige sin a staonadh is gá raon leathan cúrsaí a chur ar fáil sa Ghaeltacht féin, ionas go mbeidh an rogha ag daoine óga Gaeltachta a gcuid oideachais tríú leibhéal a fháil sa bhaile nó i gceantar eile Gaeltachta agus ar an mbealach sin, go spreagfar iad le dul i mbun oibre agus fiontraíochta sa Ghaeltacht ar chríochnú a gcuid oideachais tríú leibhéal dóibh.
Is chuige sin atá sé beartaithe againn trí Ionad Ollscolaíochta Gaeilge a bhunú sa Ghaeltacht, chomh maith leis an bpríomhionad a bheidh ar champas na hOllscoile i nGaillimh. Beidh na hionaid sa Ghaeltacht ar an gCeathrú Rua, i gCarna agus i nGaoth Dobhair.
Is cur chuige raidiciúil atá á chur chun cinn againn leis an straitéis seo. Cur chuige a bhfuil sé mar aidhm aige an Ollscoil a thabhairt go dtí an pobal seachas a bheith ag tabhairt an phobail go dtí an Ollscoil.
Cur chuige a bhfuil sé mar aidhm aige daoine óga agus daoine nach bhfuil chomh hóg a oiliúint le páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt agus i dtodhchaí a bpobal féin, seachas oideachas a chur orthu chun postanna a ghlacadh in áit éigin eile.
Cur chuige atá bunaithe ar an tuiscint gur gá don Ollscoil ceannródaíocht agus cinnireacht a léiriú don phobal ina mairimid agus ar a bhfuilimid ag brath. Cur chuige atá i dtiúin leis na tuiscintí atá á gcur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta maidir le ról na Ollscoile sa phobal.
Ar ndóigh, tuigimid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go bhfuil dúshlán mór i gceist leis na forbairtí sin agus go mbeidh deacrachtaí le sárú againn sna blianta atá amach romhainn.
Beidh daoine ann a déarfaidh linn nach féidir é a dhéanamh, díreach mar a bhí daoine ann a dúirt nach bhféadfaí Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta ná TG4 a bhunú.
Ach tá an Raidió, an tÚdarás agus TG4 ann inniu agus daoine den scoth fostaithe iontu agus iad ag tabhairt seirbhís den scoth do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Creidimid go sárófar na deacrachtaí a bheidh romhainn ceann ar cheann. Go deimhin, tá sé sin á dhéanamh cheana féin againn.
Tá mé cinnte, mar shampla, dá gcuirfí ceist cúig bliana ó shin an bhféadfaí cúrsa iarchéime i bhforbairt bogábhar ríomhaireachta a chur ar fáil trí Ghaeilge, gurb é an freagra a thabharfaí ná nach bhféadfaí, agus go cinnte, nach bhféadfaí é a chur ar fáil in ionad tríú leibhéal sa Ghaeltacht, 50 míle siar ó Chathair na Gaillimhe.
Ach i mbliana, den chéad uair cuireadh cúrsa den sórt sin ar fáil in Áras Shorcha Ní Ghuairim i gCarnacúrsa a raibh scór mac léinn iarchéime ag freastal air. Léiriú é sin ar an méid gur féidir a bhaint amach le misneach, le samhlaíocht agus le foireann den scoth.
IS cuid fhíorthábhachtach den chothromóid seo ar fad na mic léinn a thiocfaidh chugainn ón nGaeltacht agus ó phobal na Gaeilge ar fud na tíre.
Beimid ag cur cúrsaí dúshlánacha rompu, ach táimid cinnte go mbeidh siad ábalta don dúshlán sin mar a chruthaigh na mic léinn Ghaeltachta agus mic léinn le Gaeilge a bhí againn i nGaillimh i gcaitheamh na mblianta.
Is chun tabhairt faoin bhfiontar dúshlánach sin atá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge á bhunú ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Cuirfidh an tAcadamh struchtúr acadúil agus bainistíochta den scoth ar fáil don Ollscolaíocht Ghaeilge agus beidh sé ar a chumas an phleanáil acadúil, riaracháin agus forbartha a dhéanamh atá riachtanach chun caighdeáin acadúla den scoth agus barréifeacht riaracháin a bhaint amach.
Tá an fiontar seo ar cheann de na fiontair forbartha is mó agus is tábhachtaí atá curtha chun cinn againn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le roinnt blianta.
Creidimid go láidir ann toisc gur cuid dár bhfealsúnacht é ceannródaíocht agus cinnireacht a léiriú don phobal ina mairimid, agus is cuid thábhachtach den phobal sin iad pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Dar ndóigh, ní bheidh forás na forbartha sin ag brath orainne in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh amháin. Beimid ag brath ar chomhoibriú agus ar thacaíocht na n-eagraíochtaí eile a bhfuil cúram orthu i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Tá a fhios againn go mbeidh sé sin ar fáil dúinn, mar cheana féin tá eagraíochtaí mar an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus FÁS tar éis tacaíocht den scoth a chur ar fáil dúinn agus comhoibriú go dlúth linn sa réimse seo.
Gan amhras, beidh tacaíocht an Rialtais fíorthábhachtach san fhiontar seo freisin agus dá bharr sin, fáiltím go mór roimh dhearbhú an dá pháirtí rialtais i gClár an Rialtais go bhfuil siad chun tacú le forbairt na hOllscolaíochta Gaeilge ar ar campas agus in ionaid oideachais Ghaeltachta.
Tá go leor déanta, ach tá go leor fós le déanamh.