Ovid na Mara Duibhe

Beocheist: Cá bhfuil an comhar scríbhneoirí is rathúla san Eoraip, a bhfuil príomhoifig acu ar cosúil le pálás cathrach é, ar…

Beocheist: Cá bhfuil an comhar scríbhneoirí is rathúla san Eoraip, a bhfuil príomhoifig acu ar cosúil le pálás cathrach é, ar leo sealúis eile ar nós an pháláis ina bhfuil an Casino is mó agus is maisiúla sa phríomhchathair lonnaithe?

Sa Fhrainc? Sa Ghearmáin? Ní hea, muis, ach sa Rómáin. Ar shíl tú go raibh an tír sin bocht? Tá go dearfa ach, san am ar thit an tóin as deachtóireacht na gCumannach, cuireadh comhairle ar Chomhar Scríbhneoirí na Rómáine foinsí ioncaim dá gcuid féin a aimsiú le nach mbeidís i dtuilleamaí stáit go deo arís. Bhí sealús le fáil ar bheagán airgid san am agus cheannaigh siad foirgintí, ní sa phríomhchathair amháin ach i gceantair saoire ar nós chósta na Mara Duibhe.

In óstán dá gcuid cois mara agus i gceann eile lena ais a reachtáladh bunús na féile idirnáisiúnta Laethanta agus Oícheannta Litríochta i Meán Fómhair. Ba é bronnadh na duaise OVIDIUS buaic na féile agus ba mhaith an rogha ainme é mar cuireadh Ovid go dtí Tomis - ar a dtugtar Constanza inniu - nuair a ruaig Augustus amach as an Róimh é.

Bhí timpeall 100 duine, idir scríbhneoirí, aistritheoirí agus lucht na meán, i láthair agus b'as Éirinn leathdhosaen acu. Ba é an rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm an comhluadar ildánach idirnáisiúnta. Reachtáladh an fhéile trí Rómáinis, Fhraincis agus Bhéarla ach bhí an Fhraincis le cluinstin ní ba mhinicí ná an Béarla mar theanga idirghabhála. Is dócha gur bhain sé sin le haois na scríbhneoirí mar is cinnte go bhfuil an Béarla i ndiaidh dul i leaba na Fraincise i measc na n-óg sa Rómáin agus i dtíortha eile.

READ MORE

Ba ón Rómáin ní ba mhó ná an tríú cuid den lucht freastail agus bhí Rómánaigh ón choigríoch sa dara háit. Ina ndiaidh sin, ba iad an seisear Éireannach an grúpa ba mhó agus dúirt Rúiseach d'úrscéalaí liom nárbh iontas ar bith é mar gur pobal iontach litríochta muid. Bítear ár moladh agus ag súil le tallann agus spraoi nach bhfuil againn dáiríre.

Tá intleachtóirí na Rómáine, na scríbhneóirí go mórmhór, ar a mbionda ag coinneáil teagmhála leis an choigríoch ar mhaithe leis an athrú polaitíochta a bhuanú ach chonacthas dom go raibh an chomhdháil bunaithe ar mhúnla Sóivéadach. Ní hé nach raibh nithe suimiúla á rá. Cuimhním go mórmhór ar Amos Oz, duine de laochra ghluaiseacht na síochána san Iosrael, agus é ag caint ar an fhanaiceachas, mar a fheictear ar dhá thaobh na coimhlinte sa Mheán-Oirthear é. Ach chuirfeadh an modh oibre colectiv i gcuimhne do dhuine, muid ar fad in aon seomra mór amháin, gach duine ag éisteacht, le cuidiú na gcluasán, le gach uile aitheasc. Is é an nós Iartharach, an slua a bhriseadh ina gcoda le go mbeidh deis ag daoine dul ag plé leis na cainteoirí ar an toirt.

Is mó de thrioblóid é mar go dteastaíonn bealach le torthaí gach grúpa a chur in iúl don mhuintir eile. Cosnaíonn sé go leor mar go dteastaíonn níos mó seomraí agus níos mó acmhainní ach is éifeachtaí i bhfad é.

Cuimhním go raibh an t-uafás leabhar filíochta á síniú agus á mbronnadh, go háirithe ag Rómánaigh. Ach más tír bhocht í, arsa tusa, cad chuige gurb iadsan ba mhó a bhí ag tabhairt féiríní? Mar gheall is gurb í an chúis is mó a bhíonn ag file sa tír sin leabhar a fhoilsiú, é a bhronnadh ar chairde. Tá sé chomh simplí leis seo; ní íocann formhór na siopaí leabhar an foilsitheoir, rud a fhágann nach mbíonn dóthain airgid aigesean leis an údar a dhíol. Is é an t-aitheantas agus an buíochas an luach saothair ag file.

D'aithneofá sin ar an léamh filíochta a bhí againn trí oíche i ndiaidh a chéile agus na filí ar bís le seal a fháil. Theastaigh ó dhuine de na hÉireannaigh píosa gearr próis a léamh ach níor ligeadh di. Oíche bronnta an dá dhuais, ceann Ovidius agus ceann na Féile, bhí orainn éisteacht le scór file, duine i ndiaidh a chéile - agus aistriúcháin le cois - sular cuireadh na buaiteoirí in aithne. Bhí ráfla ag dul nach bhfuair siad ar fad cuireadh ach gur iarr siadsan, iad féin, go ligfí suas ar an stáitse iad. Mar a tharla, bhain úrscéalaithe an dá dhuais, António Lobos Antunes ón Phortaingéal agus Ismail Kadaré ón Albáin.

An ar mhaithe le sólás a thabhairt dóibh a tugadh an oiread sin suntais do na filí?

Maith dom é a phátrúin na féile, a Publius Ovidius Nasso, ach bhí mo chloigeann tinn ag an iomarca filíochta. Is mó a thaitin an béile álainn a réitigh mná rialta dúinn i gcuideachta Ardeaspaig cheartcreidmhigh Chonstanza. Is mó arís a thaitin sé liom dul ag snámh, ag a naoi a chlog ar maidin, sa Mhuir Dhubh ar a dtug tusa Pontus Euxinus.