Crobhingne: Agus ansin, nuair a rugadh Píosa, is é sin píosa den daonnacht, i mBaile de chuid na hÉireann i laetha an rí Parthalón, tháinig draoithe agus saoithe agus lucht dlí agus péas agus póilíní agus lucht cineghlan a mheas agus d'fhiafraigh siad: "Cá bhfuil an píosa beag a deir gur saoránach de chuid na hÉireann é beirthe? Mar fuaireamar a bholadh sa domhan toir agus thángamar chun é a thriail."
Agus chruinnigh an rí uachtaráin na sagart agus scribileálaithe an phobail agus lorgaigh sé eolas uathu. Agus dúirt siad san go humhal lena dteangacha ag síneadh chun talaimh gur i mBaile a shaolófaí an píosa seo den daonnacht.
Agus dúirt sé féin leo óna each go tiarnach: "Cuardaigí go maith an boc seo, agus nuair a gheobhaidh sibh tuairisc air, insígí domsa é." Agus féach, an tsaitilít sa spéir ghluais sé rompu go dtáinig sé agus gur stad sé os cionn na háite ina raibh an leanbh.
Agus chuir sé a chuid teachtairí amach roimhe agus ghluais siad isteach go dtí an t-ospidéal ina raibh an leanbh agus d'oscail siad a gcuid stór, agus thug siad bronntanais dó: ceistneoir, agus neamhthús agus bior amach. Agus thug siad foláireamh dó gan fanacht sa tír seo, ach bóthar ar bith eile a ghabháil ar ais chun a thíre féin. "Féach, déanfaimidne do chuid cosán a dhíriú duit!"
Thóg siad amach péint agus scuab, agus chuir siad marc seanbhróige ar chlár a éadain, ach an leanbh lena ais, fuair sé sin séala seamróige agus paidíhata ard. Óir, an leanbh ina aice, bhí sé gealchraicneach, gormshúileach, uaithneshmugach agus bhí fuil Airíoch gan smál (deimhnithe ag an bpéas morálta) ag sruthlú trína chuisleanna.
Ach Píosa bocht, píosa den daonnacht, bhí sé dorcha, agus bhí srón fhada air, agus is gairid go ndéanfaí timpeallghearradh air, agus b'éigean dá thuismitheoirí, Marea agus Eoséabharudéigin, teicheadh ó dhream éigin ar shíl siad go mb'fhéidir go rabhthas ag iarraidh iad a mharú.
Agus d'fhan an marc seanbhróige sin ar a éadan go brách ag comharthú don phobal nár chuid díobh é. Agus nuair a lorgaigh sé post, nuair a d'fhill an drochshaol, chonaic sé na fógraí greanta ar an monarchana: "Only Irish need apply. No wogs, no dogs, no darkies."
Ach ní raibh na Scribileálaithe ná na Parthalónaigh buartha faoi seo. Bhí mana acu do gach ócáid agus paradacsa os cionn gach fírinne.
B'é Mac an Daill an té ba dheisbhéalaí díobh. Chuireadh sé an dubhghall ina ghealghael ort dá mbeadh céir i do chluasa.
"Iarraigí agus tabharfar daoibh," adeireadh sé, "lorgaígí agus gheobhaidh sibh, buailigí agus ní bhuailfear sibh. Nó, cé hé an duine agaibh a n-iarrfaidh a mhac banc air, agus bothán a thabharfaidh sé dó?"
Agus ba ghreanta ná sin fós é ag slógadh a ghiollaí timpeall:
"Is aoibhinn dóibh siúd atá saibhir mar is leo gach ríocht ar talamh. Is aoibhinn do lucht an tsóláis, mar ní hiad a gheobhaidh an dobrón. Is aoibhinn do lucht na neamhthrócaire, mar ní bheidh gá acu riamh le trócaire. Is aoibhinn do lucht an chogaidh a dhéanamh, mar is acu a bheidh an tsíocháin. Is aoibhinn dóibh siúd nach bhfulaingíonn crá ar son fíréantachta, mar tá siad os cionn an tsaghais sin amaidí. Is aoibhinn dóibh siúd a bhfuil a sáith acu, mar íosfaidh agus ólfaidh siad go maidin. Is aoibhinn dóibh siúd atá ar son na héagothroime, mar ní bheidh siad choíche cothrom leis na bochta. Is aoibhinn do lucht an choinsiasa ghlain, mar níl coinsias ar bith acu."
Agus chuir a theagasc ionadh ar dhaoine, mar theagaisc sé mar dhuine a raibh cumhacht aige, agus deiridís: "Cad é seo? Cad é an teagasc nua é seo?"
Agus lean na daoine é go fonnmhar, mar chonaic siad a chéile ann, agus d'aithin siad go maith gur ar chrá a chéile a mhaireann na daoine.
Ba leamh agus ba leibideach é caint Phíosa, an píosa beag sin den daonnacht, suas is anuas leis an deisbhéalaí sin. Deireadh sé nithe ar nós: "I dtosach bhí an bráthair, agus bhí an bráthair i bhfochair Dé, agus Dia ba ea an bráthair. Is tríd a déanadh an uile ní, agus gan é níor déanadh aon ní dár déanadh..."
Agus chloistí na múrtha gáirí in airde go cranna na spéire. Agus nuair a cuireadh an loch amach é ceal na páipéir chuí, is ea a dúirt sé, "Tá a fhios agam nach bhfuil ionam ach moncaí práis nó tincéirsiombal, ach shíl mé go mbíodh céad míle fááá..."