Rinne clár faisnéise Na Gaeil-Phrotastúnaigh: No Rootless Colonists (TG4, Louis Marcus a léirigh) iniúchadh ar an cheangal stairiúil idir Protastúnaigh agus an Ghaeilge.
Ar an drochuair, chuir an clár a shúil thar a chuid nó bhí sraith de chláir le fáil taobh istigh den uair an chloig féin. Cuireadh agallamh ar lucht ollscoile, ar scríbhneoirí, ar Ghaeilgeoirí Protastúnacha, ach bhí barraíocht téada don lucht féachana ann.
Bhí caint ann ar leithéid an Easpaig Bedell agus an obair a rinne sé leis an Bhíobla a thiontú go Gaeilge. Scéal stairiúil agus saol spéisiúil ann féin é sin ach sula bhfuair muid deis tábhacht na hoibre nó a shaoil féin a thuigbheáil, bhog an scéal ar aghaidh.
Chonacthas mír den Ollamh Breandán Ó Buachalla ag tabhairt míniú ar chúlra na gluaiseachta lenar bhain an tUrramach Neilson. Cúpla focal a dúradh agus ar shiúl linn chuig an Dochtúir Gréagóir Ó Dúill agus é ag caint ar shaol agus shaothar Samuel Ferguson.
Bhí dhá scéal á insint faoi Ghael-Phrotastúnaigh an lae inniu - Protastúnaigh de chuid an Stáit seo agus Protastúnaigh de chuid an Tuaiscirt.
Ní hionann, ar ndóigh, an dá scéal acu agus rith mórán ceisteanna leis an lucht féachana: ceisteanna dílseachta thuaidh agus theas; an lúbann úsáid na Gaeilge an dílseacht sin?; an gcuireann sí léi nó an mbaineann sí di?
Rinneadh cur síos ar an iriseoir agus aontachtaí, Ian Malcolm, a oibríonn i mBéal Feirste. Ach tá Gael-Phrotastúnaigh eile ann sa taobh sin tíre nach ionann a dtaithí agus a ndearcadh ar cheist na teanga.
Bhí míreanna le Gael-Phrotastúnaigh aitheanta sa Stát seo ach, arís, is le gramhróga beaga eolais a chothaigh siad an lucht féachana - tabhairt faoi deara ghasta thall is abhus ach gan aon léargas torthúil ar ról na teanga sa chreideamh comhaimseartha.
Ní bréag a rá go raibh go leor eolais sa chlár. Rinneadh an taighde go cúramach ach bháigh barraíocht beathaí aonair an scéal. Cúrsaí ama ba chúis le cuid den teip sin. Cinnte, cuireann srianta airgid ceangal ar TG4 ach tuilleann ábhar den sórt seo sraith seachas clár aonair.
Agus ba léiriú é ar nádúr teoranta na teilifíse. Is doiligh scéal intleachtúil den chineál seo a insint agus gan de radharcanna roimh an lucht féachana ach cloigne agus cealla. Bhí tráchtaire údarásach amháin de dhíth ar an chlár, duine a thuig an scéal agus a d'inseodh ó thús deireadh é. Ina aonad sin, fágadh faoi Dhoireann Ní Bhriain script a léamh leis na naisc a dhéanamh. Dá fheabhas í, níor leor an tráchtaireacht féin.
Go híorónta, cé gur ó fhilíocht John Hewitt a thóg an clár a fhotheideal, ní dhearnadh trácht maith, olc nó measartha ar Hewitt féin nó ar a thuigse ar réigiúnachas, mar shampla. Ní raibh Gaeilge aige agus, dá bharr sin, níor thuill sé áit sa scéal seo.