TÁ SINN Féin anois i mbun an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (DCAL mar is fearr eolas air i mBéarla) i dTuaisceart Éireann, ceann de na ranna is tábhachtaí ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de.
Is é an chéad uair é go raibh páirtí náisiúnach i mbun na roinne seo ó bunaíodh an tionól ag deireadh na 1990í. Bhí an roinn faoi stiúir na bpáirtithe aontachtúla, an Ulster Unionist Party (UUP) agus an Democratic Unionist Party (DUP), le linn an ama ar fad.
Ainmníodh Carál Ní Chuilín, ball tionóil de chuid Shinn Féin as Tuaisceart Bhéal Feirste, ina haire sa roinn Dé Luain. Is iarchime í a bhfuil spéis aici i gcúrsaí cultúir agus taithí aici ar chúrsaí polaitíochta.
An ionann a ceapachán is a rá go mbeidh rath agus bláth ar chúrsaí teanga anois? Bhí beirt bhall de chuid an tionóil – John O’Dowd (Sinn Féin) agus Peter Weir (DUP) – i mbun cainte ar BBC Thuaisceart Éireann oíche Dhomhnaigh faoin obair a bhí roimh an tionól agus na ranna nua.
Fiafraíodh de O’Dowd – aire nua oideachais Thuaisceart Éireann agus fear a mbeidh cúram chúrsaí gaeloideachais air – fiafraíodh de an mbeadh acht Gaeilge le cur chun cinn? Freagra cúramach a thug O’Dowd, á rá go raibh mórán dóigheanna ann leis an teanga a fhorbairt.
Spéisiúil fosta an méid a bhí le rá ag Weir. Ba faoi chúram a pháirtí féin – an páirtí is mó sa tionól – a bhí DCAL go dtí le deireanas. Dúirt sé go mbeadh ar aon acht dul os comhair an tionóil agus nár “priority” ag a pháirtí féin é; bhí cúrsaí airgid teann agus mheas sé nithe ní ba thábhachtaí bheith ann le hairgead a chaitheamh orthu. An ngéillfeadh an DUP an roinn sa chás go raibh imní orthu go mbeadh acht teanga ann?
Bíodh sin mar atá, beidh ar Shinn Féin seifteanna éigin a aimsiú le cuma níos fearr a chur ar a bpolasaí teanga – polasaí atá rud beag cosúil le Peter André faoin am seo; cluineann gach duine faoi ach ní ghlacann duine ar bith i ndáiríre é.
Tá cuid de lucht na Gaeilge sa Tuaisceart ciniciúil go maith faoi dhintiúir an pháirtí sa réimse seo ag an bhomaite – fiú daoine a thugadh tacaíocht dóibh roimhe seo. Ní leor acu an status quo.
Bíodh is nach ndearna ceachtar den dá pháirtí aontachtúla iarracht cur as d’oibriú trasteorann Fhoras na Gaeilge, ní fhéadfá a rá go ndearna siad iarracht rómhór cur le forbairt na Gaeilge ach an oiread.
Thairis sin ar fad, tá an saol sa Tuaisceart ag tabhairt dhúshlán na teanga oiread chéanna agus atá sé sa Deisceart. D’éirigh le lucht na teanga – de gach imir pholaitiúil – ceist na Gaeilge a chur chun cinn ar dhóigh éifeachtach ar feadh na mblianta agus, mura bhfuil cúrsaí ina stad ar fad, tá snag ann.
Tá na gaelscoileanna in iomaíocht le gnáthscoileanna Béarla agus amhras – go fóill féin – ar go leor tuismitheoirí dul sa seans le hoideachas trí mheán na Gaeilge ó tharla nach bhfuil an teanga acu féin.
Na páistí a fhaigheann oiliúint ar an bhunleibhéal sa Ghaeilge, ní i gcónaí a bhíonn deis acu oideachas dara leibhéal i nGaeilge a dhéanamh – agus ní i gcónaí a roghnaíonn siad é fiú sa chás go mbíonn sé ar fáil.
Is beag cúrsa Gaeilge atá le fáil ar bhunscoileanna Béarla Caitliceacha – gan a bheith ag caint ar scoileanna stáit. Agus an méid oibre atá ar siúl sa réimse sin, eagrais dheonacha atá á dhéanamh go ciúin stuama.
Agus tá laghdú ar líon na ndaltaí ar scoileanna Caitliceacha Béarla meánscoile a dhéanann staidéar ar an teanga.
Le cois cúrsaí Gaeilge a chur chun cinn sa Tuaisceart, beidh deis ag DCAL tionchar a imirt ar chúrsaí teanga trí Fhoras na Gaeilge, eagras thuaidh/theas.
(An spreagfaidh aire Shinn Féin i mBéal Feirste an Rialtas i mBaile Átha Cliath le cúram níos práinní a dhéanamh den straitéis 20 bliain?)
Mar a dúirt gníomhaí teanga amháin atá neamhspleách ar an pháirtí: “B’ait nár ghlac Sinn Féin leis an roinn roimhe seo. D’fhéadfadh gur rud maith é páirtí bheith i mbun DCAL a bhfuil cos acu sa dá dhlínse. Ach bí cinnte gur ar mhaithe le Sinn Féin atá siad á dhéanamh!”
Agus sin go díreach fadbh eile – is léir don díograiseoir is daille teanga faoin am seo gur minic gur ar mhaithe leo féin a fheidhmíonn lucht Gaeilge Shinn Féin. Tá na milliúin punt faighte ag an pháirtí agus ag a leathbhádóirí cultúir le linn phróiseas na síochána lena gcuid tionscnamh féin a chur chun cinn.
Ní “pobal” aontaithe iad lucht na Gaeilge, thuaidh nó theas, agus is minic iomaíocht ina measc gan amhras.
B’fhéidir gur ag an úrscéalaí Seosamh Mac Grianna atá an cur síos is fearr ar na cúrsaí seo. Ag scríobh ina leabhar, An Druma Mór, faoi iaróg áitiúil agus an scoilt a tháinig sa pobal dá bharr sin, dúirt sé go bhfeicfeadh cuairteoir fánach chun an cheantair “go raibh comharsana áiride nach ndéanfadh comhrá ar bith thar chlaitheacha le chéile; go mbíodh na fir a bhíodh ag siúl le chéile Dé Domhnaigh sna meithleacha le chéile lá den tseachtain; nach raibh cead ach ag leath an bhaile a chos a chur isteach i mbád ar bith; go mbíodh na páistí ag troid le chéile ní ba mhinice ná a bhí nádúrtha”.
Feicfidh muid ar ball cé a chuirfeas cos i mbád a chéile.