Saint ar ais

CROBHINGNE: BA CHEART go mbeadh sé níos fusa an aimsir láithreach a thuiscint ná tráth ar bith eile

CROBHINGNE:BA CHEART go mbeadh sé níos fusa an aimsir láithreach a thuiscint ná tráth ar bith eile. Tar éis an tsaoil, táimid i lár an tsaoil.

Níos mó eolais againn ná mar a bhí riamh cheana, níos mó faisnéise ag gabháil steallaidh orainn in aghaidh an lae ná mar a ghabhfadh an scoláire ba léannta i gcaitheamh a shaoil bhréanaigh isteach cúpla céad bliain ó shin.

Is féidir, áfach, go bhfuil an aimsir láithreach róghar dúinn le breith a thabhairt uirthi, go bhfuil de shíor ag sciorradh uainn ar nós eireabaill spideoige, nó airgid bheo ar fhorc, nó ráitis pholaiteora.

Ba chóir, áfach, gur leor ceithre bliana le réamhamas éigin a thabhairt ar a bhfuil ar siúl. Má cheaptar gur athraigh an stair ar 9/11 (rud nár dhein) is mó is córa a mheas gur athraigh uair éigin sna míonna déanacha de 2008.

READ MORE

B’ansin gur cheart go dtosnódh daoine ar a bheith ag smaoineamh go raibh rud éigin lofa ó bhonn sa chóras airgeadais idirnáisiúnta, agus dá réir sin, sa chóras caipitilíoch trí chéile.

Is fíor, go dtógann sé tamall ar an tuairim is soiléire amuigh síothlú síos trí thiubhchloigne daoine mar is leis an tuairim sin a tógadh iad lena mbainne púdair.

Siar ar ais sna meánaoiseanna dorcha nuair a bhí an ghrian ag taitneamh dóibh siúd chomh geal is atá sé dúinne anois, glacadh leis go coitianta go raibh daoine bocht toisc go raibh an bhochtaineacht tuillte acu.

An duine a bhí bocht, bhí sé leisciúil agus bómánta agus dúr agus falsa agus a chonách sin air. Go deimhin, ní móide go bhfuil an tuiscint sin díbeartha go hiomlán ach an oiread inniu ar na nuachtáin a léamh duit, agus ar éisteacht go minic le clár Joe Duffy.

Ach is fíre a mhalairt sin timpeall. Tá dingthe isteach in aigne daoine a bhfuil ardchéim san eacnamaíocht acu, fara dochtúireacht i gcúrsaí poiblí, gan trácht ar an bhfear ag an doirteal agus ag an mbean sa teach tábhairne, go bhfuil saibhreas na ndaoine a bhfuil sé acu tuillte go maith.

Is é sin le rá, an té a bhfuil teach mór aige áit éigin abhus cois na farraige, agus ceann eile sa Phoirtingéil, agus an tríú ceann san Afraic Theas, agus cúpla luamh ar eagla na heagla, agus eitleán príobháideach, agus Jacuzzi ar shiúl na slí, agus seaimpéin leis an mbricfeasta gach lá, agus club peile dá mba mhaith leis, agus cumainn charthanachta ar son coinsiasa, an té sin nach té samhailteach in aon chor é, tá aige de bharr allas a dhá ghrua, agus craiceann a dhroma agus é a bheith droimbhriste le cruashaothar ó réalta go bánú an lae.

Ráineodh smut beag agus scrimh na hiongan de sin a bheith ag bordáil ar an bhfírinne thall is abhus. Is cinnte go gcaithfidh go bhfuil samplaí de dhaoine in áit éigin a shaothraigh maoin go macánta agus de bharr dua a ndroma agus ar son gur oibrigh siad níos déine ná an leisceoir a bhí in aice leo ar scoil.

Ach formhór na milliúnaithe dá bhfuil againn ar fhorscreamh na cruinne is amhlaidh atá toisc go bhfuair siad a gcuid le hoidhreacht, nó go raibh an t-ádh leo, nó iad a bheith san áit cheart nuair a d’oir, nó spúnóg óir a bheith ina mbéal, nó gur chuir siad an geall cóir ar an gcomhlacht cóir in am is i dtráth, nó gur saolaíodh iad sa tír agus sa linn ar tharla gurbh iad a raibh an lá leo. Sin uile.

Ach fós féin, ceaptar go bhfuil draíocht éigin ag baint leis an mboc saibhir, gur saghas ósduine é ina cháilíocht féin.

Chuige sin, agus uaidh sin, nach bhfuiltear sásta aon phioc a dhéanamh mar gheall ar an gcóras idirnáisiúnta airgeadaíochta.

Na daoine seo a bhrúnn cnaipe in Frankfurt agus a dhéanann trilliúin éigin dollar, nó lek, nó peso, nó manat, nó zlotaí, nó taka, nó pula, nó coróin, nó ngultrum, nó punt banríona, nó yuan, nó biorra, nó euroín i mball éigin eile, is daoine iad a bhfuil sé tuillte acu!

Caithfidh go bhfuil seo ar cheann de na smaointe is amaidí amuigh, i measc smaointe amaideacha gan teorainn na meabhrach saghas daonna.

Ach is leis an meon sin atáimid ag troid. B’é Jurgen Habermas a dúirt le déanaí i ráiteas soiléir annamh ó fhealsamh Gearmánach gur “cruinne chomhthreormhar” a bhí i gcruinne an airgeadais, cruinne nach raibh aon bhaint aici lena raibh ar siúl ag an gcuid eile againn.

Má dhein Bernie Madoff cúpla billiún rudéiginí ó amadáin ardmheabhracha, mar dhea, cad ina thaobh go bhfuil muinín ag duine ar bith as an Chomolungma ar fad?

Cad ina thaobh go bhfuil ardmheas againn ar an duine a shuíonn ar shuíochán leithris óir, seachas ar an té nach ndéanann?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar