Crobhingne: Léirigh cora crua na cinniúna lá le Stiofáin ar imeallbhorda an aigéin Indiaigh, ní hea amháin leochaileacht an duine i bhfianaise an tsaoil, ach fairis sin, an éagothroime san fhreagairt i láthair na tubaiste.
Daoine bochta ar an taobh seo den domhan ag cur a gcuid lámha go domhain ina gcuid pócaí chun fóirithint ar dhaoine ainniseacha nach bhfaca siad riamh; rialtais shaibhre ag tabhairt an méid is lú a d'fhéadfadh chun nach mbeadh náire an tsaoil orthu.
Ní hé go raibh solaoid eile uainn ar éagothroime an domhain, ach ar uaire, ní foláir don léiriú a bheith chomh follasach sin le go rachadh aon phioc i bhfeidhm ar intinn an duine idir an sobaldhráma agus an big brother is déanaí. Is deimhnitheach nach meánn na figiúirí brobh ná cipín ná ribe éadrom ag snámh na gaoithe. Tá figiúirí againn chomh flúirseach le fáil le macallaí sna meáin chumarsáide ach is fuar é a n-éifeacht suas is anuas lena bhfaca daoine lena súile cinn agus leis na scéalta a chualathas. Is fearr pinsín den taithí ná na puint de staitisticí, mar adúirt an seanfhocal.
B'é an pinsín taithí sin a d'oscail doirse na flaithiúlachta, an lom sin a fuair daoine a gcuid samhlaíochta a úsáid a thug le fios dóibh gur d'aon chine amháin sinn laistigh den bhlaoisc bheag agus laistíos den chraiceann spotaitheach. Is í an tsamhlaíocht an t-inneall a ghluaiseann an bhá a nochtann an chomhthuiscint a scaoileann an sparán a scaipeann an t-airgead. Is í an tsamhlaíocht bháúil ola an tsaoil ach í a smearadh i gceart.
Agus chonaiceamar a feidhm go cruinn díreach neamhchas gan beann ar idirghabhálaithe móra a bhainfeadh a slisní móra ramhra féin as. Thug an dream seo airgead, agus thóg an dream eile seo bád. Cuireadh maoin isteach agus tháinig banaltraí as. Íocadh as inneallra agus tosnaíodh ar bhóithre a dheisiú. Agus tharla seo gan coistí a chur ina suí, gan pleananna straitéiseacha a dhréachtadh, gan réamhphleanáil idirbheartaitheach a shuíomh, gan chabaireacht shíoraí. Is fearr dochtúir amháin le lámha salacha ná páipéir bhángheala an tsaoil.
Rithfeadh sé leat, mar sin, cad é nach bhféadfadh an modh díreach, an gníomh ón ngualainn, an bheart chaol ar aghaidh a dhéanamh ach caoi a thabhairt dó? Cé mhéid de shamhlaíocht bháúil an ghnáthdhuine charthanúil a thachtar i bhforaoiseacha an mhaorlathais agus a bháitear i dtonn smaoise na n-agús agus na rialacha agus na n-eisceachtaí agus na hidé-eolaíochta agus na moilleadóireachta? An chuid is mó di, is léir.
Dhá chéad is a caoga cúig bhilliún dollar an teacht isteach bliantúil atá ag an deichniúr duine aonair is saibhre ar domhan. Ionann sin agus breis is dhá dtrian d'ioncam na hAfraice goirme ar fad arna gcur le chéile lena milliúin ar lic an bháis go laethúil. An cúig chéad duine is saibhre ar fad ar an bpláinéád seo, tuilleann siad níos mó an trí bhilliún is boichte ar fad, is é sin, tuairim is leath den chine daoine. Agus, féach, nach leamh iad na figiúir seo suas is anuas le scéal an aon duine amháin a thagann slán ón láib?
Ach má tá dhá bhulóg aráin agamsa, agus gan ceann ar bith agatsa, tá de dhualgas orm mo chuid a roinnt leat. Nó deirtí é sin fadó nuair a bhí Críostaithe i gceannas na Críostaíochta seachas lucht ola agus úsairí agus gadaithe.
Tá sé thar a bheith simplí. Tá go leor airgid ann do chách. Tá a mórdhóthain ag fíorbheagán leis an gcuid eile den saol a shásamh. Tá smaoineamh agam: dáiltear amach é mar a dhéanfaí le súp.
Níl seo chomh saonta is a cheapfaí. Tá oiread airgid acu in Qatar agus go bhfuil siad cráite ag smaoineamh ar shlite lena scaipeadh. Ceann de na slite atá acu, ná go díreach, é a thabhairt amach de láimh don phobal. Seo duitse, agus duitse, agus duitse!
Ní fheicim aon chúis nach ndéanfaí a leithéid chéanna don chruinne trí chéile. Baintear an t-airgead den chúpla céad duine a bhfuil sé acu, fachtar buicéid lán den stuif bhuí is ghlas is órga, seastar san aonach agus ar chúinní sráide agus i gceartlár na ngort ar fud na dtíortha mbochta, agus tugtar amach an t-earra mallaithe binn dóibh siúd atá ina ngátar go mór gan beann ar bhainc ná ar lucht na méaracán a thomhas ná rialtais lofa. Tugtar airgead gan allas don bhocht mar a thugtar don saibhir.
Is ea, leis, bhí taibhrithe agus brionglóidí agus aislingí áille agam cheana roimh bhreacadh na maidne léithe.