TÁ “TEIPTHE tríd ’s tríd” ar an chóras faoina n-aontaíonn comhlachtaí stáit scéimeanna teanga le Roinn na Gaeltachta, a dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar Thóstal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, Dé Sathairn.
D’fhág an teip seo go mbeadh sé “ionann agus dodhéanta anois muinín a chothú athuair” sa chóras a raibh sé mar chuspóir aige cur le caighdeán na seirbhísí Gaeilge a bhí ar fáil ó chomhlachtaí stáit.
Dúirt Ó Cuirreáin gur chosúil ón méid ama a bhí caite i gcás scéimeanna teanga áirithe “go raibh siad níos deacra le daingniú ná Comhaontú Aoine an Chéasta”.
Thug sé le fios go raibh 66 den 105 scéim a bhí comhaontaithe ag comhlachtaí stáit le hAire na Gaeltachta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla imithe in éag, is é sin, gur lean na dualgais chéanna theanga orthu ach nár ghá aon fhorbairt a dhéanamh ar sheirbhísí mar nach raibh an dara scéim daingnithe.
Bhí 20 faoin gcéad de na scéimeanna teanga seo in éag le trí bliana nó níos mó agus 20 faoin gcéad eile acu in éag le breis agus dhá bhliain.
I measc na gcomhlachtaí stáit a raibh a scéimeanna teanga imithe in éag le breis agus trí bliana bhí Oifig an Uachtaráin, an Chomhairle Ealaíon, an tSeirbhís Chúirteanna, Comhairle Contae na Gaillimhe, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Oifig an Ombudsman.
Thug an coimisinéir le fios go raibh 28 comhlacht poiblí eile ann a raibh an chéad dréachtscéim iarrtha orthu ach nach raibh aon scéim aontaithe fós acu le hAire na Gaeltachta.
I gcás dheich gcinn de na comhlachtaí sin, tá breis agus cúig bliana imithe ó iarradh orthu an dréachtscéim a ullmhú. Tá os cionn ceithre bliana go leith caite ó iarradh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dréachtscéim teanga a ullmhú agus nach mór trí bliana caite ó iarradh ar An Post dréachtscéim a ullmhú.
Tá os cionn dhá bhliain caite ó iarradh ar Oifig Thithe an Oireachtais, RTÉ agus ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta dréachtscéim a ullmhú.
De réir na reachtaíochta, tugtar tréimhse sé mhí do chomhlacht poiblí le dréachtscéim a ullmhú ón am a n-iarrann Aire na Gaeltachta orthu a leithéid a dhéanamh.
Ina dhiaidh sin, bíonn tréimhse idirbheartaíochta idir Roinn na Gaeltachta agus an comhlacht poiblí sula mbíonn an scéim aontaithe agus daingnithe ag an Aire. Dúirt an coimisinéir gur chóir don athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, a d’fhógair Roinn na Gaeltachta i mí na Samhna seo caite, amharc ar chóras nua a cheapadh faoina bhforbródh comhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí trí mheán na Gaeilge.
Mhol sé córas nua a thabhairt isteach faoina ndéanfaí rangú ar chomhlachtaí poiblí ina gcatagóirí éagsúla. Faoin chóras seo bheadh dualgas teanga ar leith ar chomhlachtaí poiblí a bhfuil plé mór acu leis an bpobal i gcoitinne agus ar chomhlachtaí poiblí a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina limistéar feidhme.
Bheadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht ar comhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile.
Dúirt Ó Cuirreáin nach mbeadh aon chostas breise ag baint le moltaí a oifige. Bhí taighde déanta aige a léirigh nár luaigh oiread agus roinn rialtais amháin an caiteachas a rinneadh ar chúrsaí cearta teanga ná aistriúcháin sna haighneachtaí buiséid a cuireadh faoi bhráid an Roinn Caiteachais Phoiblí anuraidh.
Dúirt sé go bhféadfadh Acht Teanga “a bheadh oiriúnach dá fheidhm” bheith ann i ndiaidh an athbhreithnithe ach gurbh é dáiríreacht na n-údarás faoin athbhreithniú céanna “croí na ceiste”.
Níor thagair Ó Cuirreáin go sonrach do thodhchaí a oifige féin ná don chonspóid leanúnach faoin chinneadh Rialtais an oifig sin a chónascadh le hOifig an Ombudsman de bharr “comhairle láidir dlí” a fuair sé.
Ba léir, ámh, go raibh mórán de na hionadaithe teanga a bhí i láthair míshásta leis an chónascadh.