Scoil Uí Nualláin

SAOTHAR BHEIRT dheartháireacha, Ciarán agus Brian Ó Nualláin, a bheidh mar ábhar ceiliúrtha an deireadh seachtaine seo ag Scoil…

SAOTHAR BHEIRT dheartháireacha, Ciarán agus Brian Ó Nualláin, a bheidh mar ábhar ceiliúrtha an deireadh seachtaine seo ag Scoil Gheimhridh Merriman (www.merriman.ie) in Óstán Meyrick, Gaillimh, 100 bliain tar éis bhreith an duine is óige díobh, Brian, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Chleacht an bheirt acu ceird na hiriseoireachta ar feadh an chuid is mó dá saol. Bhí Ciarán ina eagarthóir ar an nuachtán Gaeilge Inniu, a bhunaigh Glúin na Buaidhe i 1943.

Níl áireamh ar an mhéid a scríobh sé don pháipéar sin go bhfuair sé bás i 1983. Bhí sé bliain níos sine ná Brian a chuir tús lena cholún grinn “An Crúiscín Lán” sa nuachtán seo i 1940 faoin leasainm Myles na gCopaleen.

I nGaeilge a bhí an chuid is mó de na hailt aige sna blianta tosaigh. Cé gur mhó an cháil atá ar Bhrian mar gheall ar a shaothar Béarla, a scríobh sé faoin ainm Flann O’Brien.

READ MORE

Bhí sáreolas aige ar litríocht na Gaeilge agus is mar scigaithris ar An tOileánachagus ar na beathaisnéisí Gaeltachta eile a scríobh sé An Béal Bocht, ceann de chlasaicí nualitríocht na Gaeilge.

Níor cuireadh Ciarán ná Brian ar scoil go raibh siad sna déaga agus tá gach seans gurbh é an tsaoirse a bhí acu le linn a n-óige faoi deara tuiscint ar leith a bheith acu ar an ghreann.

Léirigh Ciarán é ina cholún "Amaidí" in Inniuagus Brian ina úrscéalta agus ina cholúin san Irish Timesagus níos déanaí in Inniu faoin leasainm Melius na gCapaillín.

Dúradh i dtaobh Chiaráin gurbh é “a chuir tús dáiríre leis an iriseoireacht sa Ghaeilge” agus beidh an Dr Regina Uí Chollatáin ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ag caint faoi shaothar Chiaráin tráthnóna Dé hAoine.

Is beag duine a bhfuil oiread eolais aici ar stair na hiriseoireachta clóite Gaeilge agus atá ag Uí Chollatáin agus is teist air sin an dá leabhar atá foilsithe aici ar an ábhar: An Claidheamh Solais agus Fainne an Lae 1899-1932agus Colúnaithe Pinn na Gaeilge.

Is é an t-úrscéalaí, Séamas Mac Annaidh, a bheidh ag caint faoi Bhrian Ó Nualláin. Tá léirithe ag Mac Annaidh ina chuid úrscéalta, Cuaifeach Mo Londubh Buí, Mo Dhá Mhicíagus Rubble na Mickiesgo bhfuil an dúil chéanna aige san áiféis agus i bpleidhcíocht le focail agus a bhí ag Brian.

Is é an Dr Nollaig Mac Congáil ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, a bhfuil mórchuid taighde déanta aige féin ar iriseoireacht chlóite na Gaeilge, a osclóidh an scoil.

Ach ní hé an focal scríofa amháin a bheidh faoi chaibidil ag Scoil Merriman. Beidh seimineár ann Dé Sathairn ag a mbeidh Máirtín Mac Donnchadha, (RTÉ Raidió na Gaeltachta) Éadaoin Ní Mhuircheartaigh (Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath) agus Ray Mac Mánais (Gaelscoil Mide) ag plé ceisteanna a bhaineann le deaslabharthacht agus greann na Gaeilge.

Maidin Domhnaigh tabharfaidh Pádraic Ó Ciardha agus Mícheál Ó Meallaigh léiriú praiticiúil físiúil ar thuiscintí ar an ngreann faoi mar a léirítear ar scáileán TG4 iad ó bunaíodh an cainéal.

Seolfar dhá dhlúthdhiosca le beirt amhránaithe, Máire Ní Choilm agus Mairéad Ní Fhlatharta iarnóin Dé Sathairn i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, agus canfaidh an bheirt bhan le linn na hócáide.

Agus cloisfear samplaí d’agallaimh bheirte agus de lúibíní ó Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill, Traolach Ó Conghaíle agus Seán Ó Grianna, Paid Ó Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin.