Sheol Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, beartas forbartha do 2005 go 2010 an Mháirt seo caite.
Dúirt Ó hAoláin i bpreasráiteas go raibh fianaise ann go raibh "méid phobal labhartha Gaeilge sa Ghaeltacht ag laghdú agus go raibh greim níos lú ag an nGaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh mar a bhí glúin ó shin."
Le cur i gcoinne an mheatha sin, bunóidh an tÚdarás coiste comhairleach i bpleanáil teanga; déanfaidh siad forbairt ar 30 ionad buanaithe agus foghlama na Gaeilge ar fud na Gaeltachta agus treiseoidh siad a gcuid rannóg pleanála, rannóg pleanála teanga agus struchtúr tacaíochta don mhuintir óga sa Ghaeltacht.
Is minic a cháin lucht teanga an tÚdarás as róbhéim a chur ar chúrsaí tionsclaíochta ina gcuid pleananna agus gan béim go leor a chur ar chúrsaí teanga. Ní hamhlaidh atá sa phlean nua cúig bliana.
Scríobhann an tÚdarás go gcuirfidh siad tacaíocht ar fáil "do chainteoirí dúchais na Gaeltachta, go háirithe tuismitheoirí, le cuidiú leo saol chomh hiomlán agus is féidir a chaitheamh trína dteanga féin i ngach réimse dá saol."
Beidh sé mar sprioc acu "tacaíocht a chur ar fáil do phobail Ghaeltachta leis na gréasáin shóisialta a chothaíonn an Ghaeilge mar theanga phobail a neartú agus a leathnú". Gealltar tacaíocht do dhaoine gan Ghaeilge nó ar bheagán Gaeilge a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht le go mbeidh deis acu í a fhoghlaim agus lánpháirt a ghlacadh i saol phobal na Gaeltachta.
Creideann an tÚdarás fosta gur féidir "aisghabháil nó athbheochan a dhéanamh ar an nGaeilge sna ceantair bhreacghaeltachta ina bhfuil sí in ísle bhrí nó gan aon phróifíl phoiblí".
Tá rún acu an teanga a chosaint agus a fhorbairt sna ceantair is láidre agus í a aisghabháil mar theanga láidir thánaisteach sa Bhreac-Ghaeltacht
Ó thaobh fostaíochta agus tionsclaíochta de, cuirfidh an tÚdarás rompu 800 post nua a chruthú gach aon bhliain agus ardán 8,500 post lánaimseartha a bhaint amach. Díreoidh siad ar cheantair thearcfhorbartha agus cinntiú de go mbeidh "ancaire amháin fostaíochta ar a laghad i ngach ceantar".
Déanfaidh siad iarracht ról na gcomharchumann a threisiú ó tharla páirt mhór bheith acu i saol na Gaeltachta agus cruthóidh siad tionscadail fhostaíochta ar na hoileáin mhara.
Tá aidhm ag an Údarás scileanna fostaíochta, oideachas fadsaoil agus oideachas tríú leibhéal a "uasghrádú". Cuirfidh siad "béim ar leith ar chruthú fostaíochta i dtionscnaimh Ghaeilge-lárnaithe". Beidh seirbhísí aistriúcháin agus cúrsaí ealaíon i gceist sa réimse seo.
Tá rún ag an Údarás "an tsaoire Ghaeltachta" a fhorbairt mar choincheap: "Díreofar ar tháirgí agus áiseanna a fhorbairt, ar phacáistí do na hearnálacha éagsúla (óstáin, oileáin, galfchúrsaí, siúlóidí, agus pobal na gcoláistí Gaeilge) agus ar mhargaíocht na Gaeltachta mar ionad le Gaeilge a fhoghlaim agus mar cheann scríbe turasóireachta ina cáilíocht féin."
Rachaidh an t-eagras i gcomhpháirt le hinstitiúidí sainiúla ar nós Fhoras na Mara agus Bhord Iascaigh Mhara le hacmhainní farraige a fhorbairt mar fhoinse fostaíochta agus ioncaim.
Dúirt Ó hAoláin: "Idir seo agus deireadh na bliana, beidh muid ag dul i gcomhairle leis na pobail Ghaeltachta ar fad le pleananna gníomhaíochta a aontú leo maidir le treisiú na Gaeilge sna ceantair láidre agus athbheochan sna ceantair laga.
"Tabharfar cuireadh do na pobail bheith rannpháirteach i mbuanú na Gaeilge mar theanga phobail, i bhforbairt an bhonneagair shóisialta agus spreagfar daoine le teacht chun cinn le smaointe nua gnó."