IS AR an lá seo a tháinig siad le chéile sa seomra, más fíor. Seomra mór adeir dhá cheann de na soiscéil, ach níor ghá go raibh chomh mór sin chun friotháilt a dhéanamh ar thrí dhuine dhéag.
Bhí arán agus fíon ann, gan amhras, ach is dócha go raibh ológa agus fígí agus stialla de ghabhair acu chomh maith céanna.
Agus mura raibh siad ar fad ag canadh de réir na salmduileoige céanna, is amhlaidh go raibh a lámha á gcur isteach san aon mhias acu.
Tá tuairisc againn ar smut den chaint, ach an chuid is mó di is áirithe go bhfuil imithe puth le haer an tsaoil.
Is iontach an tionchar is féidir a bheith ag dosaen éigin duine ar stair an chine. Cuimhnítear fós ar shuipéar deireanach sin Íosa, ní hea amháin ar an lá seo, ach ag gach Aifreann ar fud na cruinne, agus sa chás is gur dubheiriceach san éagóir tú, ag searmanais i dteampaill gan dealbha nach mór chomh fairsing céanna.
Ní beag san de chomóradh ar bhéile nach foláir a bhí suarach go leor agus nár déanadh aon óráidí móra ann.
Is lú ná san a déanadh aon phleanáil mar bhí an brathadóir i láthair agus saighdiúirí an Impire i neas na háite. Síol is ea an seomra beag agus dornán duine.
Tuairim is trí dhuine dhéag a bhí, leis, i láthair ag cruinniú cáiliúil úd Óstán Uí Aodha i nDúrlas Éile ar an gcéad lá de Shamhain 1884 nuair a bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael.
Is i seomra billéardaí a tionoladh an cruinniú, ach níor tuairiscíodh duine ar bith de na haspail ann ag imirt le báillíní.
Cé gur “Commercial Hotel” a tugadh air is é íoróin an chúrsa ar fad ná go bhfuil éirithe leis an gcumann fanacht slán ón gcuid is táire den tuatáil san scipéad gréisceach a bhfuil an tír creachta aici.
Is beag institiúid de chuid na tíre nach bhfuil náirithe a bheag nó a mhór san uileloscadh creidiúna atá tarlaithe dúinn. Tóinchreathadh an tseanghnáthaimh dulta orainn agus an prumpa titithe as an saol.
Tá cara liom a bhfuil gach creideamh eile caillte aige, sa tír, sa Stát, san eaglais, san eacnamaíocht, ach a mhaíonn gurb é a chreideamh san iomáint an t-aon urla bheag den dóchas atá fanta aige. Is furasta tuiscint dó. Níl scannail airgid ná gnéis ná mí-úsáid leanaí óga ná breabaireacht réiteoirí sroichte chúcu fós. Trí dhuine dhéag, leis, a bhí ag an gcéad chruinniú de Pháirtí Cumannach na Síne a tionóladh i seomra beag i gcúlshráid de chuid Shanghai na Síne ar an 23ú Iúl 1921. Bhí cúpla méirleach ina measc, mar a bhíonn, agus chuaigh cuid eile acu leis an mbuirgéiseacht mhór.
An bhfuil a fhios againn cad a tharla do gach duine den dáréag a bhí ag an suipéar deireanach? Tá scéalta fúthu, is cinnte, ach lasmuigh den bhéaloideas coiteann tá doircheacht iomlán.
Is cruinne an t-eolas atá againn faoi aspail an Chumannachais ach ní bheadh mórán tráchta orthu murach gur rug siad an bua ar deireadh ar na tiarnaí cogaidh, ar na madraí reatha, ar na tíogair pháipéir agus ar phandaí an éadóchais.
Is maith mar a thuig Mao go bhfásann an chumhacht as barraille an ghunna, agus sa chás is nach bhfuil gunna agat go ndéanfaidh buamaí núicléacha an chúis, go raibh maith agat. Gineann dragan dragan, ach ní féidir le sliocht na luiche ach poill bheaga a dhéanamh.
Ní bheadh de thábhacht ag aon phioc de seo, gan amhras, ach amháin go mbeidh an tSín ar an tír is cumhachtaí ar domhan i gceann glúine eile.
Thosnaigh an fás sin i seomra beag i gcúlshráid de chuid Shanghai mar a tharla réabhlóid mhór na Críostaíochta i seomra uachtair i gcúlshráid Iarúsailéim nach mór dhá mhíle bliain ó shin.
Na cruinnithe beaga sin i seomraí suaracha le tuairim is dosaen duine iontu, ní fios cad é an deireadh a bheidh orthu.
Is áirithe chomh cinnte is atá gob ar phréachán nó leictreon san adamh go bhfuil daoine amuigh ansin ag scéiméireacht is ag pleanáil is ag beartú i láthair na huaire iontaí mallaithe seo chun oilc nó chun maitheasa. Ní heol d’aon duine againn cad é deireadh na mbeart.
Is minic ráite é gur fuar agus gur fánach againn aon ghníomh polaitiúil nó sóisialta, nach ndéanann aon ghiob aon phuinn difríochta.
Mar sin féin, is minic go raibh cruinniú ag dosaen bancaeir i seomra geal snasta le tamall de bhlianta anuas i ngan fhios do na cosa salacha thíos fúthu, agus is sinn atá ag íoc as.
Cuimhnítear ar na seomraí beaga eile a chas an saol timpeall.