Simpliú na teanga

Beocheist: Tá litreacha á scríobh go dtí an páipéar seo le roinnt seachtainí anuas agus na scríbhneoirí litreach ag moladh droim…

Beocheist: Tá litreacha á scríobh go dtí an páipéar seo le roinnt seachtainí anuas agus na scríbhneoirí litreach ag moladh droim láimhe a thabhairt leis na hathruithe tosaigh, rudaí atá mar chloch choirnéil de ghramadach na Gaeilge leis na céadta bliain.

Dá bhfágfaí faoi na daoine seo é, is é a bheadh á rá againn go léir ná "an urú" seachas "an t-urú" agus "na athruithe tosaigh" seachas "na hathruithe tosaigh". Go deimhin, ní rómhinic a bheadh an t-urú ná na hathruithe tosaigh á lua mar nach mbeadh a leithéid againn.

Is cinnte go n-éascódh a leithéid d'fhorbairt ualach oibre an fhoghlaimeora - ní bheadh roimhe ansin ach "ualach oibre an foghlaimeora" agus an séimhiú achrannach sin gan bheith á chrá (nó á crá, mar a scríobhfaí i dteanga gan séimhiú).

Ach dá fhusacht Gaeilge gan athruithe tosaigh, is ea is aite a thitfeadh sí isteach sa chluas. "Tá mo mála fágtha ar an bus agam," is ea an leithscéal a thairgfí do mhúinteoir bunscoile. "An ceannófá teach nua dá buafá an crannchur náisiúnta?" is ea cruth na ceiste a bheadh á cur agus scrúdú cainte na hArdteistiméireachta ar siúl.

READ MORE

Agus cén freagra a bheadh acusan a bhfuil blianta fada crua tugtha acu i mbun na ngnéithe míofara gramadúla seo bheith ar a dtoil acu? Níl a fios agam féin go baileach ach measfainn go beidís fíor-mísásta.

Má chuirtear tús le simpliú na Gaeilge le saol na bhfoghlaimeoirí a fheabhsú, d'fhéadfaí an teanga a chiorrú is a mhartrú go dtí nach n-aithneofaí í sula ndéanfaí na foghlaimeoirí a shásamh.

Ba ghá fáil réidh sula i bhfad leis an gcopail chiapach. Nach seacht n-uaire níos fusa é an teanga a chasadh ar "tá mé fear" seachas "is fear mé"?

Ar ndóigh, ní bheadh éinne ag súil le coinneáil na bhforainmneacha réamhfhoclacha ach oiread. In ionadh, mar shampla, rud bheith agat cheapfaí briathar cosúil le "habháil" - nach bhfuil "habhálaim leabhar" gach pioc chomh maith le "tá leabhar agam", go háirithe ós rud é go ndéanann sé foghlaim na teanga a chur chun fusachta. (Aithneofar go bhfuil iarracht den choimeádachas ionam agus habháil scríofa agam seachas haváil).

Agus i ndáiríre, an bhfuil aon neach beo in Éirinn an lae inniu a bhaineann úsáid as an aimsir ghnáthchaite? Ar chuala tú riamh duine a rá rud éigin cosúil le "d'fhoghlaimínn an Ghaeilge ach d'éirigh mé as toisc í bheith róchasta"? Cinnte nár chuala.

Níl le déanamh mar sin ach gach rud a bhaineann leis an aimsir iomarcach sin a sracadh as na leabhair ghramadaí. B'fhéidir go bhféadfaí é seo a dhéanamh go poiblí agus gach leathanach leis an aimsir ghnáthchaite scríofa air a chur trí thine. Ba léiriú láidir é sin ar a threise is a thacaímid le foghlaimeoirí na Gaeilge.

Gan amhras ní bheadh i simpliú na Gaeilge ach cloch chora. I ndiaidh sin bheith curtha i gcrích, tosófaí, abair, ar an nGearmáinis a chur chun fusachta ar mhaithe leis an bhfoghlaimeoir Éireannach. Dhéanfaí neamhiontas den chóras litrithe ina mbíonn ceannlitir ag tús an ainmfhocail. Nach lú an chiall leis sin ná le focal Gaeilge bheith séimhithe i ndiaidh an réamhfhocail "ó"? Agus gach ainmfhocal sa Ghearmáinis beith firinscneach, baininscneach nó neodrach - chaithfimis tharainn a leithéid d'áiféis ghramadúil. Foghlaim teanga atá uainn, ní liodán rialacha.

Agus an ghné sin den mhatamaitic a dtugtar ailgéabar air, nach go mór a chuireann sé sin isteach ar na foghlaimeoirí? Is beag duine a chuireann an mheánscolaíocht de agus máistreacht aige ar chúrsaí matamaitice. Is léir, mar sin, go gcaithfear an cheist a réiteach trí mheán an tsimplithe, díreach mar a bheidh déanta leis na teangacha.

Agus i ndiaidh an éascaithe sin go léir, an mbeadh foghlaimeoirí sásta is na hábhair faoi seach faoi bhláth as an nua? Ní dócha go mbeadh: smaoineamh tarraingteach ach earráideach é an Ghaeilge a shimpliú tríd an teanga a chur as a riocht.

Ba chiallmhaire féachaint ar an tslí ina gcaithimid leis an teanga. Is minic sna bunscoileanna go ndéantar téacsleabhair Ghaeilge a léamh gan aon aistriúchán Béarla á thabhairt ag an múinteoir.

Is amhlaidh go ndéantar staidéar ar litríocht na Gaeilge sna meánscoileanna agus an t-aon cheann déag de bhriathra neamhrialta gan bheith ar a dtoil ag na daltaí.

Dá ndíreofaí aird ar mhúineadh na teanga a fheabhsú is roinnt céille bheith ag baint le siollabas na Gaeilge is ea is mó an borradh a thiocfadh faoin teanga seachas a gnéithe breátha Ceilteacha a stróiceadh uaithi.