Tuarascáil:Tá deireadh le Comhar, iris mhíosúil a chuir comaoin mhór ar léitheoirí Gaeilge, sa réimse poiblí agus liteartha, le breis agus trí scór bliain. Rinne Foras na Gaeilge cinneadh deireadh a chur le maoiniú Comhar ag deireadh 2007.
Tráth den saol, ba chomhartha ar bheocht na hirise a leithéid de bhagairt Rialtais, agus ba bheag eagarthóir tráth nár bagraíodh cealú an deontais air ar chúis pholaitiúil, nó eile. Anois, faraor, níl ann ach breithiúnas gairmiúil gur chóir an phlocóid a tharraingt agus an t-othar a ligean chun suain.
Bhí saol fada torthúil ag Comhar, agus is cuí comóradh a dhéanamh ar na héachtaí a cuireadh i gcrích faoina scáth, go háirithe sa nuachtán seo a léirigh suim ann ag tráthanna cinniúnacha, ar nós an chlúdaigh le Brian Ó Luineacháin ag breathnú isteach sa leithreas, agus Forógra na Poblachta 1916 greanta ar a chúl (Iúil 1968): "Comhar has the advantage of being not only Gaelic but spirited as well. If the cover in question were not worthy of him, the journal in general maintains a high intellectual level. Would the government prefer solemnity, prudery and subservience?" (The Irish Times, 14 September 1968)
B'in Comhar i mbarr a réime. An Comhchaidreamh, eagraíocht idirollscoile, a bhunaigh an iris i 1942, chun go gcuirfí ar fáil: "...ábhar inspéise do Ghaeilgeoirí; treoir don náisiún ar cheisteanna na linne seo; áis do lucht ollscoile caidreamh a dhéanamh lena chéile...agus ardán liteartha do chách, go mór mór do scríbhneoirí óga." (litriú an lae inniu)
Bhí Ordú Cumhachta Práinne (Tréimsheacháin) le teacht i bhfeidhm ar 4ú Bealtaine 1942, faoina gcoiscfí, ar bhonn ghanntanas páipéir le linn an chogaidh, aon iris nó nuachtán nua a fhoilsiú.
Réab Comhar isteach mar ghaoth úr tar éis ré choimeádach bhunaitheoirí an tSaorstáit, á fhoilsiú ag an gcéad ghlúin mheánaicmeach a fuair oideachas go leibhéal ollscoile faoin Stát nua, agus misean acu spreagadh úr a chur i saol agus i litríocht na Gaeilge.
Bhí Comhar comhaimsearach le Sáirséal agus Dill, príomhfhoilsitheoirí na saothar clasaiceach Gaeilge san 20ú haois (Ó Ríordáin, Ó Cadhain, Ó Flaithearta), agus bhí an nuachtán seachtainiúil Inniu (1943-1984) díreach bunaithe freisin.
D'fhoilsigh Comhar Ó Ríordáin, Ó Direáin, Ó Cadhain, Máire Mhac an tSaoi, Frank O'Connor, Mac Liammóir, agus Breandán Ó Beacháin. Bhí misneach, muinín agus dearcadh úr ag roinnt leo, fuascailt ó bholscaireacht chúng choimeádach Chonradh na Gaeilge a bhí i réim go dtí sin. Ba iad an dream céanna a bhunaigh Gael-Linn i 1953. Bhí ollúna spreagúla i réim, de Bhaldraithe (UCD) agus Ó Tuama (UCC), a thug a ceart don nualitríocht agus mórthacaíocht do Comhar.
Bhí bonn dílis léitheoirí ag Comhar, síntiúsóirí go háirithe, i gcaitheamh na 1950í ar fad, agus 2,000 éigin léitheoir ag an iris go seasta. Bhain sé buaic chiorclaíochta amach sna 1960í.
Níor leasc leis dúshlán na n-údarás a thabhairt, pé acu faoi chás Noel Browne i 1951, léirmheas Uí Chadhain ar An Treallán (iris na Roinne Oideachais), nó raic le húdaráis UCD agus Michael Tierney, a chuir an iris faoi chosc i 1949. Agus bhí greann go smior ann, go háirithe cartúin doll.
Bhí dhá thréimhse ag Breandán Ó hEithir ina eagarthóir agus bhí cáil ar a cholún géar "An Chaint sa tSráidbhaile".
Bhí sraith móreagarthóirí eile a d'fhág saothar fónta ina ndiaidh, Mac Góráin, Ó Marcaigh, Ó hAnluain, Ó hÉalaí agus Ní Dhorchaí. Murach Comhar sna blianta sin, ba bheag deis eile a bhí ag scríbhneoirí a saothar a fhoilsiú. Bhí ról lárnach ag Comhar mar fhóram léirmheastóireachta ar leabhair nuafhoilsithe, agus mar fhoinse taighde ag mic léinn litríochta in ollscoileanna. Bhí sé sin amhlaidh go dtí lár na 1980í ach bhí athruithe ag tarlú, áfach, a chuir Comhar agus irisí eile chun deiridh.
Chuaigh An Comhchaidreamh ar lár agus rinneadh cuideachta neamhspleách de Comhar i 1973, an bhliain chéanna ar baineadh an t-éigeantas den Ghaeilge sna scrúduithe stáit. Choimeád Comhar a stádas poiblí, áfach, i gcaitheamh na 1980í.
Le linn mo thréimhse féin mar eagarthóir foilsíodh alt le Cathal Ó hEochaidh (Taoiseach), litir ó Alan Dukes (Aire Airgeadais) ar ócáid eile, agus ba mhinic nótaí agus litreacha comhghairdis chugainn ó ambasadóirí agus pearsana poiblí. Díoladh amach 2,000 cóip den eagrán comórtha ar Mháirtín Ó Cadhain i nDeireadh Fómhair 1980, agus b'éigean athchló a chur air.
Tháinig glúin nua scríbhneoirí chun cinn sna 1980í, Seán Mac Mathúna, Alan Titley, Nuala Ní Dhomhnaill, agus Cathal Ó Searcaigh. Ba é Comhar i gcónaí an príomhfhóram tráchtaireachta agus anailíse i nGaeilge ar imeachtaí an lae, ar nós ról Bhord na Gaeilge, an Ghaeilge san oideachas, agus Éire sa Chomhpobal Eorpach.
Bhí meáin liteartha eile ag teacht chun cinn mar mhalairt air, áfach, Innti (1970-96), Scríobh (1974-84), Oghma (1990-99) agus Poetry Ireland Review (1981). Bhí roghanna úra ag scríbhneoirí.
Níor tháinig an borradh faoin léirmheastóireacht liteartha a raibh súil leis sna ranna ollscoile ach oiread, agus imeallaíodh an nualitríocht ar chúrsaí léinn. Níorbh é an t-aos léinn amháin ba chiontach, mar bhí lagú sna caighdeáin litearthachta ag mic léinn le leathnú na hearnála tríú leibhéal.
Sna 1990í, d'athraigh réimse na tráchtaireachta ar chúrsaí reatha, ról tábhachtach ag Comhar tráth. Phléasc na deiseanna sna meáin chraolta, raidió agus teilifís, agus ba bheag tábhacht a bhain feasta le hirisí beaga in aon teanga chun eolais nó chun tráchtaireachta.
Tháinig mórdheiseanna nua san fhoilsitheoireacht leictreonach ar an Idirlíon, ach ní raibh Comhar in aon riocht chun teacht i dtír orthu. Easpa athnuachana agus nuálaíochta a choinnigh chun deiridh é ag tráth cinniúnach.
Cuid den saol is ea bunú agus imeacht irisí. Tháinig agus d'imigh a lán eile lena linn, The Bell, The Crane Bag, Innti, Scríobh agus Oghma. Le blianta beaga anuas, bhí cúram maoinithe na n-irisí ar Fhoras na Gaeilge. Choinnigh an deontas míosúil an dé in Comhar, ar éigean. Bhí bonn na fógraíochta agus na síntiús lag, agus rud ba thábhachtaí fós, b'annamh aon ábhar i gcló ann a bhainfeadh stad as aon duine.
Níor éirigh le Comhar, ach oiread le meáin eile foilsitheoireachta i nGaeilge, athnuachan a dhéanamh ar bhunacmhainn a chuid léitheoirí agus a chuid scríbhneoirí, agus iad ag aosú leo go tiubh. Tá meáin eile ann anois a mheallann daoine óga chun gairmeacha sa teilifís agus sa raidió, áiteanna ar leor an teanga labhartha. Is beag éileamh atá ar ábhar léitheoireachta i nGaeilge lasmuigh de chúrsaí léinn in ollscoileanna.
Is gearr go mbeidh an chinniúint chéanna i ndán do chuid mhaith teangacha san Eoraip agus an Béarla ag réabach dhun cinn mar mheán oideachais tríú leibhéal. Beidh litríochtaí leochaileacha eile i mbaol.
Bhí Comhar lárnach tráth do shaothrú na Gaeilge mar mheán liteartha agus intleachtúil. Tá géarghá le meán léirmheastóireachta ina áit anois a chuirfidh leabhair agus údair Ghaeilge os comhair an phobail.
Agus mar chloch ar charn Comhar ba chóir digitiú a dhéanamh ar na hiareagráin uile mar aon le hinnéacs amháin cuimsitheach a tharraingt le chéile as mórshaothar Mháire de Grás. Mura mbeidh ann ach a dheimhniú go bhfaighidh Comhar a cheart ón stair.
Bhí Caoilfhionn Nic Pháidín ina heagarthóir ar Comhar 1979-84 agus ina Cathaoirleach 1984-9. Tá sí ina comhalta nuacheaptha ar bhord Fhoras na Gaeilge
athnuachanrenewal - breithiúnasjudgment - cinniúintfate
éigeantascompulsion - forógradeclaration - taighderesearch