CROBHINGNE:AON ABAIRT amháin atá ag Tony Judt mar gheall air ina stair ollmhór Postwar: a history of Europe since 1945.Leabhar nach mór míle leathanach, agus míle leathanach de mhionchló chomh maith céanna atá ann, a ríomhann conas a tharla dúinn sna trí scór bliain ó shocraigh barbaraigh na hilchríche ar gan a bheith ag marú a chéile ar feadh tamaill.
Is maith linn talamh slán a dhéanamh de gurb Eorpaigh dheasa sinn agus go bhfuil an saol amuigh ansin ag faire orainn. Sa tráchtaireacht ar fad ar Dhomhnach na Fola, Doire, is beag iarracht atá déanta é a shuíomh i gcomhthéacs Eorpach ar bith, ná go deimhin, ar na “Trioblóidí” a phlé ar shlí níos leithne ná iarmhairt choilíneach agus mar smut d’fhágála na staire.
Tharlódh go bhfuil daoine abhus a ghéilleann an iomad do “spuaiceanna gruama Fhear Manach agus Thír Eoghain”, agus is cinnte go bhfuil go leor laisteas den Teorainn a bhfuil an intinn chríchdheighilteach dulta i bhfeidhm go smior iontu.
Bhí, gan amhras, Domhnaí fola eile ann, agus Luain, agus Sathairn, agus tá daoine thar a bheith faichilleach gan “pribhléid” a thabhairt do shléacht amháin seachas a chéile. Agus dá olcas is a d’éirigh dúinn níorbh aon phioc é ar ghualainn ar thit amach le linn na barbarachta móire, agus bhíomar sibhialta agus béasach inár gcuid maruithe suas is anuas le himeachtaí na hiar-Iúgslaive, cuir i gcás. Ina choinne sin thall bhí rud éigin ar leithrigh ag baint leis an Domhnach áirithe seo, rud éigin ar leibhéal na hEorpa féin.
Níorbh é Widgery é ach ann oiread. Uaimh bhréagadóirí is ea gach bunaíocht agus í ar a seacht ndícheall í féin a chosaint. Is chuige fiosrú le fear róbaí faoi pheiriúic phúdair go dtiocfadh sé ar an toradh is mian leis na daoine a cheapann fear le róbaí faoi pheiriúic phúdair chun fiosrú a dhéanamh. Is é an t-ionadh ná go raibh ionadh ar dhaoine.
Ná níorbh é leithscéal an Chamshrónaigh é ach an oiread, dá mhéid is a cuireadh fáilte roimhe sin, mar b’éigean do rialtas na Breataine na meánna sin a dhíbirt nó bheadh á gciapadh go deo.
Ná níorbh é glao teileafóin uisciúil leithscéalach lútálach an Taoisigh Jack Lynch ar Ted Heath é an oíche sin, mar is beag Taoiseach Éireannach, seachas b’fhéidir Albert Reynolds, a raibh sé de ghus ann glúin le glia a thabhairt do phríomhaire Sasanach ar bith.
I gcomhthéacs fairsing na hEorpa, bhí de thábhacht ag an mórshiúl úd ar déanadh ionsaí míleata air ná a raibh uathu.
De thíortha daonlathacha na hEorpa uile, b’í an Ríocht Aontaithe an t-aon cheann amháin nach raibh vóta ag gach saoránach ann – nó sa chás seo – gach géillseanach, nuair a bunaíodh Gluaiseacht na gCearta Sibhialta. Is fiú cogan a dhéanamh air sin.
Is fiú é a chaitheamh san aer, a chasadh timpeall agus ligean dó tuirlingt go slán anuas ar do chloigeann. De na héilimh shimplí ar fad a rinne Gluaiseacht na gCearta Sibhialta b’é sin an ceann ba dhírí díobh. Go mbeadh vóta ag cách. Cé gur géilleadh go doicheallach an vóta a dheonadh ar an uile dhuine tamall gairid roimhe sin, bhí cuid de na héilimh eile beo, éilimh nach mbeadh aon cheist fúthu i ndaonlathas ar bith.
Chualathas an ghunnadóireacht go ceann i bhfad. Tá samplaí lán go fiacail againn de stáit i mbun slada agus áir ar an tsráid agus daoine i mbun a gcúraimí síochánta. Tarlaíonn sé an t-am ar fad.
Tharla san Éimin le déanaí; tá an chuma air nach leasc le trúpaí na Siria scaoileadh le léirseoirí faoi láthair; ní fios an mó duine a lámhachadh i gCearnóg Tiananmen Bhéising, agus ní bheidh a fhios; tharla rialtas Mhaenmair a bheith flaithiúil leis na piléir in aghaidh sibhialaigh agus manaigh le scór bliain anuas; liosta gan áireamh an choscairt atá déanta ag fórsaí an stáit in Srí Lanca le cuimhneamh an éisc órga féin; agus ansin bhí Khojaly san Asarbaiseáin, agus Acteal i Meicsiceo, agus Conakry sa Ghuine...
Ach féach, nach ag caint ar an Eoraip a bhíomar? Ag deireadh na 1980í agus go díreach ina dhiaidh, thosnaigh na rialtais Chumannacha ag titim go tiubh, ceann i ndiaidh a chéile, in oirthear na hilchríche – an Pholainn, an Ungáir, an Ghearmáin Thoir, An tSeicslóvaic, An Bhulgáir, ina dhiaidh sin an Rúis féin agus a cuid giollaí. Fág An Rúmáin i leataoibh, níor lámhachadh aon duine.
Shiúil na céadta míle duine go síochánta agus d’éiligh siad saoirse. Sheas fórsaí na stát i leataoibh agus ligeadh dóibh. Níor scaoileadh urchar. Níor déanadh éirleach orthu.
Eisceacht sa mhéid sin ba ea Domhnach Fola Dhoire.