CROBHINGNE:DON CHÉAD uair le fada tá borradh ag teacht i scrobarnach na hilchríche.
Thóg sé tamall fada mar bhí an t-arán róshaibhir agus na sorcais ró-mhealltach chun a raibh ar siúl lasnairde a thabhairt faoi deara. An bua a bhain na gnáthdhaoine ón aicme cheannais ón dara domhanchogadh barbartha i leith – buanna a bhain le cúraimí sláinte, le hoideachas, le leas sóisialach, le cearta mionlaigh, le meas ar chách, le caoinfhulaingt a chéile – is é dícheall na ndaoine thuas iad a lagú, a laghdú, is a chur de dhroim seoil ó shin.
B’é cleas a bhí ann screamh an daonlathais a bhronnadh ar chóip na sráide, ligean dóibh a ladhracha beaga a chorraíl i linn na polaitíochta, ach fad na huaine greim a choimeád ar na meáin, ar na forais airgeadais agus ar an gcumhacht chúldorais. Mar phlean ann féin, d’oibrigh go seoigh. Ar chúis éigin ar deacair é a thuiscint bíonn an dúil mhallaithe ag gnáthdhaoine i dteaghlaigh ríogúla, i dtiarnaí tionsclaíochta, i gceiliúráin teilifíse agus in amadáin ar bith a ráiníonn airgead mór a bheith acu, agus cónaí orthu sna caisleáin ar an gcnoc.
Ach seo iad na meánaoiseanna ar an tslí ar ais. Bhí tráth ann nuair ba dhóigh le daoine go raibh feidhm lena vóta, go bhféadfadh siad guth a chaitheamh ar son teachtaí a dhéanfadh a riar, ach de réir a chéile tá sé á mbualadh isteach ina n-aigne nach bhfuil sa chóras daonlaitheach ach geamaireacht agus bláthanna sa bhfuinneoig. Thóg sé tamall fada i rith na 19ú haoise ar fad ó dícheannaíodh ríthe lofa na Fraince chun gurbh fhéidir leis an bhfear ar an gcnoc agus leis an mbean ar an tsráid dul i bhfeidhm ar an gcóras polaitiúil go cothrom.
Tá an anáil sin dulta ar gcúl nach mór de dhroim oíche, barúin airgeadais agus coimisinéirí neamhthofa agus maorlathaigh ag deisceanna agus geallghlacadóirí ag scáileáin atá go hiomlán i gceannas; nó d’fhocal gearra, na margaí.
Tá an solas á lasadh beag ar bheag go bhfuil An Eoraip i gcoinne na heorpa. Is í An Eoraip na Cumhachtaí agus na Forais agus na Bainc sin ar fad ar páirtithe leasmhara iad sa tionscnamh mór seo atá ag súrac na maoine óna pobail agus á dáileadh orthu féin mar gur crích ann féin an t-airgead dóibh. Is í an eoraip ná na milliúin eile sin ar mhaith leo saol a chaitheamh de réir a méine féin agus nach bhfuil san airgead dóibh ach áise chun anam is corp a choimeád le chéile.
Is í an deighilt atá san díospóireacht reatha faoin reifreann nua seo uair amháin eile ná eatarthu siúd atá ar son Na hEorpa agus iad siúd a thacaíonn leis an eoraip.
De réir a chéile tá gluaiseachtaí ag borradh amuigh ansin ó shean-eoraip na Gréige thoir go nua-eoraip na hÍoslainne thiar ina bhfuil daoine ag múscailt. Má fhágann tú na buachaillí ramhra i gceannas ar an siopa milseán ná bíodh puinn iontais ort má bhíonn na milseáin go léir ite faoin am go bhfuil siad ag teastáil uait. Is chuige sin a mbíonn díospóireacht ar bith timpeall ar an Eoraip níos fairsinge ná pé foclaíocht atá breactha ar pé páipéar ballóide a shíntear os do chomhair.
In ainneoin na tuirse a leanann na díospóireachtaí seo, in ainneoin na ciorclaíochta timpeall agus thart, agus na mbréag, agus na n-argóintí cama, ar a laghad ar bith tá díospóireacht againn.
Caithfidh gurb in Éirinn is mó a phléitear dán agus cinniúint Na hEorpa agus na heorpa, agus caithfidh gur beag pobal is eolgaisí ar an gcúram ná an pobal abhus. Ina choinne sin, is annamh a chuirtear An Cheist Mhór; b’fhéidir an t-aon cheist amháin ar fiú í a chur in aon chor san allagar seo ar fad.
Is í sin, an bhfuil bunaíocht agus aos pribhléide na tíre seo chomh mór sin in aon seomra le lucht chaisleán Na hEorpa go nglacfaidh siad le rud ar bith a mholfar? An bhfuil oiread is moladh amháin, aon tairiscint d’aon tsaghas, a dhéanfadh An Eoraip a chuirfeadh Fianna Fáil agus Fine Leadhb suas dó? An bhfuil aon athrú, aon aistriú, aon chasadh, aon chor, aon mhalairt a thiocfadh inár dtreo ó pháláis Na hEorpa go seasfadh ár n-aicmí ceannais féin ina gcoinne?
Eoraip aontaithe? Dul le NATO? Allas go 70 bliain d’aois? Ballaí timpeall na críche? Smacht ar cheardchumainn? Saoirse iomlán do bhainc? Gearradh ar phinsin? Táillí ramhra oideachais? Seirbhís mhíleata d’ógánaigh? Céasadh dlíthiúil? Ginmhilleadh féin ar éileamh?
Ní hé go bhfuil siad sin ar íor na spéire ná aon phioc mar iad; ach dá mbeadh, an gcreideann aon duine go mbeadh sé de ghus, de chlóchas, de sponc, de neamhspleáchas intinne ag ár n-aos polaitúil, ná ag na nuachtáin, ná lucht gnó, diúltú dóibh, oiread is aon uair amháin?