Beocheist: Ní Caitlicigh a bhíodh ina gcónaí i Sasana ar chor ar bith ach Protastúnaigh mar a bhí sa Tuaisceart, an dream a raibh cosc orainn dul isteach ina séipéil anseo ó dheas.
D'ithidís feoil chapaill, gníomh do-mhaite, agus níorbh aon leithscéal é go raibh ganntanas bia ann de bharr an chogaidh. Bíodh sin mar atá, ní bhíodh leisce ná náire ar bith orainn iachall a chur ar mhionchoirpigh greadadh leo go Sasana in ionad téarma príosúnachta a ghearradh orthu abhus.
Mar is léir is beag eolas atá agam faoi Shasana. Nach ait an rud é nuair a tháinig scéal anoir go raibh colceathair liom tar éis báis i Londain gurb iad na seanchuimhní claonta ó na 1940í ba thúisce a tháinig chugam.
Díreach toisc nach raibh aon teagmháil agam leis an bhfear marbh leis na blianta fada, thuigeas go mbeadh orm dul chun na sochraide. An mbeadh gach éinne ciúin, fuar, dúnárasach? Tuairim chlaonta eile.
Ach níor ghá bheith imníoch. Ní rabhas riamh i láthair ag searmanas cuimhneacháin ná ag gnás adhlactha a bhí níos ómósaí, searmanas a thaispeáin ó thús deiridh meas ar an té a bhí marbh, meas ar an mbeatha is ar an mbás, meas ar an saol mór lena chuid fadhbanna uilig.
Ba léir ón séipéal féin agus ó na fógraí maidir le himeachtaí éagsúla gur paróiste beo é seo. Bhí an tAifreann féin simplí, ciúin, gan deithneas. Tugadh cuireadh dóibh siúd nach nós leo Comaoineach a ghlacadh teacht chun na haltóra le beannacht a fháil.
Labhair an sagart faoin té a bhí marbh, thuig sé dóibh siúd a bhí fágtha go dubhach brónach. Níor dhúirt sé go n-aontófaí sinn go léir le chéile lá éigin amach anseo i ríocht Dé agus gur ceart go mbeadh an smaoineamh sin ina ábhar sóláis dúinn.
Seo, dar liom, gnáthphort ag sagairt abhus, port seasc mar (1) n'fheadar an fíor é (2) port comhlachta é a chuireann níos mó béime ar theagasc - agus ar thábhacht - na hEaglaise ná mar a chuireann sé ar an duine marbh (3) port nach bhfuil éifeacht ar bith ag baint leis mar chomhairleoireacht lucht méala.
Sa séipéal agus sa chréamatóiriam labhair thart ar ochtar ar fad, fir is mná, faoin duine a bhí os cionn cláir. Fear céile, athair, múinteoir, ceoltóir, scéalaí, comhleacaí, fear spóirt agus grinn, comharsa, polaiteoir áitiúil a sheas ar son an duine a bhí thíos, fear a bhí i gcónaí ullamh le cabhair a thabhairt. Anois is arís chuir tocht an bhróin isteach ar fhocail an ómóis, focail a bhí snoite mar sheoda a thug léargas ar na luachanna is dearfaí i saol an duine. Focail a bhí níos tairbhí agus sollúnta ná seanmóir ar bith. Ba phaidreacha buíochais iad.
Bhí ceol eaglasta ann ach bhí ceol eile ann leis. Cad é mar chomhtharlú gur roghnaigh mo cholceathair nach bhfaca mé le fada an lá agus mé féin an ceol céanna dár sochraidí. Chuir Let the circle be unbroken agus I'll fly away meangadh beag deorúil ar m'aghaidh.
Seinneadh leis leagan fíor-álainn de Fields of Gold, ómós don ghrá daonna, don ghrá collaí. Abhus an ndeintear dearmad ar an ghné sin de shaol an mhairbh nach bhfuil ann anois ach anam eile do Dhia?
Ba shárshochraid í seo! Seirbhís le cuimhní a dhaingniú, le slán a rá. Seirbhís chlasaiceach, srianta, spioradálta. An saghas seirbhíse nach dtaitníonn leis an Eaglais Chaitiliceach abhus?
Seans go bhfuil dul amú orm ach is eagal liom go bhfuil sagairt fós abhus a thapaíonn an deis ag sochraidí chun meon agus múineadh na hEaglaise Caitilicí a chur chun cinn, cheapfá gur chuige sin amháin gnás eaglasta na sochraide. Séard a tharlaíonn ná go dtógtar an searmanas uathusan gur leo an searmanas.
Ní chuirfeadh sé ionadh ar bith orm dá gcuirfí borradh faoin gclaonadh atá ag fás, ag sochraidí agus póstaí, an Eaglais, idir institiúid agus fhoirgneamh, a sheachaint ionas go mbeadh lucht caointe is lucht ceiliúrtha ábalta searmanas pearsanta spioradálta dá gcuid féin a chumadh.
Cuireann sochraid brú millteanach ar ghaolta an mhairbh. B'fhéidir gurb é an rud is fearr ná fáil réidh leis an tsochraid chomh tapa agus is féidir. Bealach amháin chuige sin ná do chorp a bhronnadh - rud atá socraithe agam féin - ar dhámh an leighis san ollscoil áitiúil ar mhaithe le taighde eolaíoch leighis.
Fuair mo cholceathair, Rory Hallahan, bás ar an 29ú Aibreán ach níor tugadh go dtí an créamatóiriam é go dtí an 9ú Bealtaine. Níor laghdaigh an t-achar ama sin puinn ar an racht bróin agus cumha. Go deimhin níor chonaiceas riamh an oiread sin fear fásta ag gol go fras is go hoscailte. D'fhilleas abhaile níos boichte, níos saibhre.