BEOCHEIST:I mí Mheán Fómhair eagraíodh Oíche an Chultúir i roinnt cathracha timpeall na tíre. Ba é cuspóir bunaidh na hoíche ná léargas ar shaol cultúrtha na gcathracha a thabhairt do dhaoine nach mbíonn seans acu de ghnáth an ghné sin den saol a bhlaiseadh.
Ar na himeachtaí saorchead isteach a cuireadh ar siúl i gCorcaigh bhí idir cheol is fhilíocht le cloisteáil in ionaid éagsúla ar fud na cathrach.
Ba é an mhír ar an gclár imeachtaí ba mhó a tharraing m'aird ná 'turas siúil ceolmhar' a dhéanfadh an ceoltóir clúiteach John Spillane.
Thabharfadh Spillane cuairt ar áiteanna sa chathair a bhí tábhachtach i bhforbairt a chuid ceoil i dteannta scata daoine a bhí cíocrach chun cultúir agus chasfadh sé cúpla amhrán ar an tslí.
Ba é an chéad stad a rinneamar ná, oiriúnach go leor, an rannóg cheoil de leabharlann na cathrach ar Shráid an Chapaill Bhuí arb é croílár Chorcaí é.
D'inis fear an cheoil cúpla staróg a bhain gáire as na stocairí cultúrtha go léir a bhí pulctha isteach sa rannóg bheag cheoil cosúil le sairdíní. Ansin dúirt cúpla amhrán a raibh na seacht n-aithne agam orthu.
Agus ansin, amhail is dá dtuigfeadh sé go dtaitneodh rud éigin nua liom, chas sé an t-amhrán ab aoibhne ab iontaí a bhí cloiste agam le fada an lá.
Séamuisínab ainm don phíosa álainn ceoil seo is bheadh sé le cloisteáil ar albam nua a bhí á chur le chéile ag ár n-óstach soilbhir faoin teideal Irish Songs We Learned at School.
Ós rud é nach raibh mo phoill chluaise bainte amach ag Séamuisínoiread is uair amháin roimhe sin bhí mé rud beag i ndabht faoi oiriúnacht an teidil sin.
Ach ní raibh aon phioc den amhras orm faoi áilleacht is draíocht an phoirt a bhí seinnte aige.
Ba é an t-amhrán ba shimplí amuigh, idir fhriotal is fhonn, ach chuirfeadh sé faoi gheasa an té ba lú bá le hamhránaíocht na Gaeilge.
Is dócha go maithfear dom mar sin na sceitimíní girsí aeraí a tháinig orm le déanaí nuair a d'aimsigh mé gan aon choinne in aon chor Irish Songs We Learned at Schoolagus mé ag brabhsáil i siopa ceoil.
Bhí sé mar a bheinn tagtha ar dhiamant agus gual á shluaisteáil agam.
Agus gan ach péire amhrán ar an albam a d'fhoghlaim mé ar scoil, mar atá, Trasna na dTonntaagus Beidh Aonach Amárach, níl spior spear déanta ar an amhras a bhí agam ón tús faoi oiriúnacht an teidil.
Ach seachas an péire sin tá roinnt fonn a chuir mé de ghlanmheabhair i gcoláiste samhraidh de chuid Ghael-Linn i mBaile Bhúirne cosúil le Peigín Leitir Móiris An Maidrín Rua.
Agus tá amhráin nár chuala mé riamh i mo shaol. "Amhráin Ghaeilge a d'fhoghlaimíomar ar scoil nó sa Ghaeltacht nó nár fhoghlaimíomar riamh," an teideal ba chruinne ar an saothar mar sin.
Ach is dócha go bhféadfadh sé sin fadhbanna a chruthú ó thaobh na poiblíochta is na margaíochta de.
Ach pé rud is féidir a rá faoin teideal, tá gaisce déanta ag John Spillane agus an t-albam seo curtha ar fáil aige do phobal na hÉireann is an domhain mhóir.
Is seoid é gach uile cheann de na 13 amhrán atá taifeadta aige agus cé nach sáraíonn aon cheann acu Séamuisínó thaobh na háille draíochtaí de, is fada go mbeidh mo dhóthain agam de leagan Spillane an dáin Cill Chaisagus is pléisiúr é éisteacht le Spillane agus Seán Ó Sé ag canadh le chéile ar An Poc ar Buile, amhrán a shamhlaítear go láidir le Ó Sé ó thaifead sé é sna 60idí.
Mar is eol do gach duine cultúir, ar ndóigh, ní hé seo an chéad albam Gaeilge atá curtha amach ag Spillane. I 2006 d'eisigh an lipéad céanna, EMI Ireland, an dlúthdhiosca The Gaelic Hit Factory(GHF).
Tá brí dhúbailte leis an teideal seo ós rud é gurb é GHF a thugann Spillane air féin nuair a bhíonn sé ag obair i gcomhar leis an bhfile rua Louis de Paor.
Saothar éachtach é GHF, idir albam is ghrúpa, agus ar an albam tá líricí fileata de Paor comhlánaithe ag ceol binn draíochtach Spillane chomh seiftithe nádúrtha sin go mbaintear amach foirfeacht ealaíonta.
Bheadh Gaeilgeoirí faoi chomaoin ag Spillane mura mbeadh ach GHF tugtha ar an saol aige.
Ach anois agus dara halbam Gaeilge den chéad scoth taifeadta aige tá creidiúint faoi leith ag dul dó.
Ná bac le Des Bishop, is é John Spillane fíor-Ghael na Bliana.