Stadas oifigiuil ag Gaeilge san Aontas Eorpach

Ghlac an tAontas Eorpach leis an Ghaeilge mar theanga oifigiúil i ndiaidh chruinniú Chomhairle na nAirí sa Bhruiséil Dé Luain…

Ghlac an tAontas Eorpach leis an Ghaeilge mar theanga oifigiúil i ndiaidh chruinniú Chomhairle na nAirí sa Bhruiséil Dé Luain. Is ón chéad lá d'Eanáir, 2007, a bheidh an stádas aici ó cheart. Sásaíonn an socrú nua dúil a bhí ag lucht na teanga le breis agus 30 bliain go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim le teangacha eile Eorpacha an Aontais.

Ag caint i mBéarla, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern, gur dhearbhaigh an cinneadh dínit agus stádas na Gaeilge agus léirigh tacaíocht leanúnach an Rialtais don teanga. D'fháiltigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, roimh an ardú céime:

"Lá mór don Ghaeilge é seo, a chuireann go mór le stádas na teanga. Nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge ní raibh stádas oifigiúil ar bith ag an nGaeilge. Is iontach an dul chun cinn atá déanta ó shin. Tá stádas ag an nGaeilge mar an chéad teanga oifigiúil den Stát ó 1937 i leith. Le deich mbliana anuas, tá dul chun cinn iontach déanta le tógáil ar an stádas sin, tríd an Acht Teanga, Comhaontú Aoine an Chéasta agus anois, le barrslacht a chuir ar chúrsaí, stádás oifigiúil agus oibre ag leibhéal Eorpach."

Ba é an chéad dúshlán eile do phobal na Gaeilge úsáid a bhaint as an stádas nua a bhí bainte amach, a dúirt sé. Bhí dúshlán eile roimh an Rialtas agus institiúidí oideachais a chinntiú go mbeadh go leor daoine cáilithe ar fáil le freastal ar na riachtanais a bhainfeadh leis an stádas nua.

READ MORE

Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, gurbh iad na impleachtaí móra dearfacha a bhain leis go n-eiseofaí dlíthe an Aontais Eorpaigh i nGaeilge, go mbeadh postanna in institiúidí an Aontais oscailte do shaoránaigh a raibh dhá cheann (nó níos mó) de theangacha oifigiúla acu agus gurbh acmhainn anois í an Ghaeilge ar mhargadh fostaíochta na hEorpa dá bharr sin.

Chreid príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seosamh Mac Donncha: "Áireofar an cinneadh seo ar na céimeanna is tábhachtaí a tugadh i gcur chun cinn na Gaeilge le glúin anuas. An stádas oifigiúil oibre atá bainte amach ag an nGaeilge, cuirfidh sí le hinghlacthacht na teanga mar chomhartha sainiúil den fhéiniúlacht Éireannach ar stáitse idirnáisiúnta den chéad uair riamh.

"Ach is é an rud is tábhachtaí a bhaineann leis an ardú stádais seo ná an tionchar a bheidh aige ar chur chun cinn na Gaeilge in Éirinn. Cuirfidh stádas nua idirnáisiúnta na Gaeilge le seasamh na teanga i súile na glúine nua seo de chainteoirí Gaeilge agus de lucht tacaíochta na teanga tráth a bhfuil géarghá acu le hardú meanman."

"Lúchair" a bhí ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: "Is ceann scríbe é seo ar turas fada casta" agus dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, gur "breá an rud é" stádas oifigiúil oibre bheith ag an Ghaeilge.

I ráiteas i mBéarla, dúirt urlabhraí Pháirtí an Lucht Oibre, Brian O'Shea, gur stocaireacht de chuid a pháirtí ba chúis cuid mhór le rath bheith ar an fheachtas ar son stádais oifigiúil.

Ach ní raibh ann ach tús: "There are still many more ways in which the Irish language can be developed to encourage people to speak it. Today's announcement must be accompanied at national level by a renewed focus on getting people actually to speak the language, rather than simply have it afforded official status in law."