Stair Inis Córthaidh

THUG GRÚPA de Pharlaimint na mBan cuairt ar bhaile stairiúil Inis Córthaidh, Co Loch Garman, an tseachtain seo caite, a scríobhann…

THUG GRÚPA de Pharlaimint na mBan cuairt ar bhaile stairiúil Inis Córthaidh, Co Loch Garman, an tseachtain seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Maíonn muintir an bhaile gurbh é Seanán naofa a bhunaigh an baile i 510 agus tá an 1500 bliain á gcomóradh acu le himeachtaí éagsúla i mbliana.

Thug mionbhus an grúpa thart ar an bhaile agus rinne an tiománaí mná cur síos beoga ar an pháirt a bhí ag muintir an bhaile in Éirí Amach na Cásca 1916.

Is údar bróid do mhuintir an bhaile gur sheas na réabhlóidithe an fód go dtí Déardaoin na seachtaine sin ach is bródúla fós atá siad as an seasamh cróga a rinne réabhlóidithe Loch Garman ar Chnoc Fhiodh na gCaor (Vinegar Hill) ar imeall an bhaile in Éirí Amach 1798.

READ MORE

Thug an mionbhus an grúpa suas go barr an chnoic stairiúil sin agus stad an bháisteach fada go leor chun ligean dóibh láthair champa na gCarmannach a scrúdú agus amharc a fháil ar an bhealach éalaithe a bhí ag cuid acu nuair a bhuaigh fórsaí na Coróine orthu ar deireadh, ar an 21ú Meitheamh 1798.

Ar aghaidh leo ansin go dtí Ionad Náisiúnta Cuairteoirí 1798, atá lonnaithe i mainistir a bhí ag na Bráithre Críostaí tráth.

Cuirtear tús leis an taispeántas le léargas ar an Fhrainc roimh Réabhlóid 1789 agus ar an dóigh ar leathnaigh tuairimí faoi chearta an duine ón tír sin go hÉirinn agus tíortha eile.

Níorbh eolas nua do bhaill Pharlaimint na mBan an pháirt a bhí ag Éireannaigh Aontaithe Bhéal Feirste i leathnú na dtuairimí sin mar, le linn dóibh bheith sa chathair sin anuraidh, thug siad cuairt ar chuid de na foirgnimh inar bhailigh na hÉireannaigh Aontaithe le chéile.

Ag siúl ar aghaidh fuair siad léargas, le cabhair áiseanna físe agus fuaime, ar an Éirí Amach féin, in Aontroim, sa Dún, i Maigh Eo, i gCill Dara agus i Loch Garman, ag críochnú le turas suas go macasamhail Chnoc Fhiodh na gCaor, mar ar taispeánadh ar cheithre mhórscáileán físeán den chath cáiliúil sin.

Cé gurbh ábhar díomá don ghrúpa a laghad Gaeilge a bhí le feiceáil san ionad, bhí siad d’aon tuairim gur taispeántas den scoth a bhí ann.

Thug cuid acu cuairt ansin ar Ard-Eaglais Naomh Aodhán, a dhear an t-ailtire Augustus Pugin sa 19ú haois. B’ionadh leo a fheiceáil ar thaobh an altóra an bhratach thrídhathach agus é scríofa ar an phlaic faoi gur i Loch Garman a hiompraíodh an bhratach thrídhathach den chéad uair.

Is cinnte go bhfuil go leor ann a thabharfadh an t-éitheach don ráiteas sin. Glactar leis go hoifigiúil gur i bPort Láirge i 1848 a nocht Tomás Ó Meachair an trídhathach den chéad uair tar éis dó filleadh ón Fhrainc.