Strauss agus strus na gcigirí ag seilg ticéad

BEOCHEIST: NÍ BHÍONN mo shúil in airde agam nuair a théim go croí na príomhchathrach ar Bhus 15.

BEOCHEIST:NÍ BHÍONN mo shúil in airde agam nuair a théim go croí na príomhchathrach ar Bhus 15.

Go hiondúil is aistear é ná cuirfeá mórán suime ann, lucht oibre ar a mbealach chun an tsuímh oibre, mic léinn agus daltaí chun na scoile. Na liath-thaistealaithe ar ball agus a bpasanna saorthaistil ina nglaic acu i lár na maidine.

Bhíos le lucht mochéirí an mhaidin áirithe seo i dtosach mhí na Bealtaine agus an túisce is a bhí an suíochán aimsithe agam chromas ar leabhar a léamh, mar is gnách. Ní heol dom an líon leabhar atá léite agam leis an mbóthar a chiorrú ar an dul seo. Ar ball chuala ceol nárbh éasca an fhoinse a aithint, bhí an oiread sin taistealaithe le cluasáin orthu go mba dheacair duine ar leith a aimsiú.

De réir a chéile thuigeas go raibh an ceol ag teacht ó chábán an tiománaí i mbéal an bhus. Ciúin go leor i dtosach, ina thost ag na stadanna agus de réir mar a ghluaiseamar i dtreo na cathrach bhí an ceol níos airde.

READ MORE

Válsaí á seinm ag an tiománaí-stiúrthóir agus an bus á líonadh le séimhthonntracha scuabacha séiseacha rinciúla an Ard-Phrionsa féin, Johann Óg Strauss.

Sa luathmhaidin dúinn níor ghearánta d’oiread is taistealaí amháin. Thosaigh roinnt daoine ag bogchrónán i dtiúin leis na foinn inaitheanta, agus bhraitheas sprid fuascailte neamh-mhaidiniúil am chuachadh. Ar mo bhealach amach ní raibh aon dul as agam ach mo chuid fiosrachta a shásamh.

“Is aoibhinn liom ceol de gach saghas, tá breis agus 10,000 píosa íoslódáilte agam.” Agus go deimhin cuirfidh mé cluas le héisteacht orm an chéad uair eile a bheidh mé ag taisteal ina bhinnárthach.

Na laethanta seo is annamh a chastar fear na dticéad ort ar bhusanna Átha Cliath, murab ionann is an tráth a mbíodh bheirt fhostaithe Chóras Iompair Éireann ar bord, an tiománaí agus fear na dticéad a dhíol. Sa ré sin ní raibh bean le feiceáil riamh i gceachtar de na postanna sin.

Le déanaí bhí cigirí seiceála na dticéad in uachtar athuair. Ní duine amháin, ná beirt ach triúr acu a tháinig ar bord. Ghabh siad tríd an bhus go tomhaiste gan oiread is smid astu, beirt acu ar urlár an bhus agus an tríú duine thuas staighre.

Chuir siad saighdiúirí i gcuimhne dom sa tslí agus sa stíl a thug siad faoina gcuid oibre seiceála, agus dob ionann an éide oibre a bhí á chaitheamh acu triúr, go fiú an carbhat.

Ní raibh fonn cainte orthu, rud a chuir flosc fiosrachta orm. Thuigfeá duine amháin a bheith i mbun seiceála ach triúr acu agus iad ag scuabadh rompa faoi luas tríd an bhus. Nuair a tháinig duine acu chomh fada liom, sháraigh m’fhiosracht mé.

“Gabh mo leithscéal. Cen fáth go bhfuil triúr agaibh ar bord agus cíocras oraibh chun na hoibre ar maidin?”

D’fhéach sé orm agus ba dheacair a thomhas an mbeadh aon fhreagra uaidh. D’éis tamaillín bhain sé an tsnaidhm dá bhéal agus scaoil amach bunús scéal na seiceála.

“Is mar seo atá sé. Robáladh luach leathmhilliún euro de thicéid Bhus Átha Cliath an tseachtain a ghabh tharainn agus táimid sa tóir ag iarraidh teacht ar na ticéid sin.”

Bhí go leor ceisteanna ar bharr mo ghoib agam ach staonas. Ar nós, conas a d’fhéadfadh an oiread sin ticéad a dhul amú, ar strae, a theacht i seilbh duine nó daoine nach leo iad?

Cén tslí, cleas, camastaíl a bheadh ag na daoine sin na ticéid a chur isteach i lámha na dtaistealaithe ar bhusanna Átha Cliath agus a luach saothair a thuilleamh acu?

Ait go leor ní fhaca aon tagairt d’imeacht rúnda na dticéad ar na meáin chumarsáide agus sin scéal é nach eol dúinn a chríoch.

Agus fós ar Bhus 15 dom le déanaí ag lagtrá am lóin. Gan ach beagán againn thuas staighre, fear agus bean óg cúpla suíochán ar m’aghaidh amach. Cion acu ar a chéile, ba léir, agus meas dá réir. Tadhall lámh, bogphóg mhín ócáidiúil ar a leicne.

Comharthaí úrghrá na hóige á chur in iúl go gealgháireach ar an gcéad lá ceart samhraidh a bhí againn i mbliana. Ar a suaimhneas ina gcaoinchomhluadar. Thiteamar isteach i gcomhrá. Lánúin óg i dtús a n-aistir tríd an saol seo. Aoibhinn an radharc.

Ní hé go mbím ag súil le haon ní ar leith ar bhusanna Átha Cliath óir is leor gluaiseacht ó terminus a quo go terminus ad quem le ceann scríbe a shroichint in am.

Uair fhánach, ámh, tagann breis luacha leis an turas ar nós ceol Johann Óg Strauss, cigirí sa tseilg ar thicéid a d’imigh le haer an tsaoil, agus gean is grá discréideach á nochtadh le cineáltas.