Tá dualgas orainn go léir a bheith míorúilteach

TUGANN SIAD AWE orthu féin, Alliance for Wild Ethics. Duine acu is ea David Abram a chum an phaidir seo a leanas

TUGANN SIAD AWE orthu féin, Alliance for Wild Ethics. Duine acu is ea David Abram a chum an phaidir seo a leanas. Sea, a léitheoir dhil, léigh tú i gceart é: ní dán, ná aiste, scéal ná aon ní eile é ach paidir.

Is iontach go bhfuil paidreacha fós á gcumadh ina aois seo ár dTiarna. Is léir gur cultúr seamanach a spreag an phaidir ghleoite seo:

“Go mbeire dea-fhís orm/Go mbeire fís dea-mhéine orm is go gcorraí sí mé./Go dtaga fís dhomhain iomlán chugam is í ag pléascadh im thimpeall/Go gcuire fís lonrach ar mo leas mé agus mé inti./Go ndúisí mé sa scéal atá timpeall orm,/Go ndúisí mé sa scéal álainn./Go dtaga an scéal iontach orm;/go dtaga an fiántas a chuireann an áilleacht ag éirí idir bheirt leannán, go dtaga an fiántas sin aníos idir mo cholainnse agus colainn na tíre seo,/Idir m’fheoilse agus feoil an domhain seo,/Anseo, anois díreach,/Ar an lá seo,/Go mblaise mé rud éigin beannaithe.”

Ní hé amháin gur ball den Alliance for Wild Ethics é an fealsamh Meiriceánach David Abram, is é a bhunaigh an Chomhghuaillíocht sin. (B’fhiú go mór cuairt a thabhairt ar an suíomh idirlín acu.)

READ MORE

Ar aon nós, léas aiste dá chuid dar teideal Éiceolaíocht na Draíochta agus chuireas timpeall í mar cheangaltán. Bhí go leor daoine buíoch díom mar nach raibh cloiste acu cheana i dtaobh Abram. Ba oscailt súl dóibh a raibh le rá aige. (Caibidil as leabhar leis Spell of the Sensuous a bhí san aiste sin).

I dtús na caibidle sin, tugann Abram cur síos diamhair dúinn ar eachtra a tharla dó nuair a d’fhág sé a bhothán tráthnóna amháin, bothán a bhí suite i ngoirt ríse oirthear Bhali.

Thosaigh sé ag titim, a dúirt sé: ag titim is ag titim is ag titim – isteach i mBealach na Bó Finne. Níor bhraith sé fód ná fóidín mearbhaill faoi. Lean sé air ag titim. Ní raibh a fhios aige ó thalamh an domhain an ag titim suas nó ag titim síos a bhí sé.

Ar ndóigh, is é atá i ngort ríse ná scata lochán. Bhí scáil na réaltaí go léir ag rince thíos faoi. Cheapfá go dtiocfá chugat féin láithreach bonn, go dtuigfeá nach amuigh sa spás a bhí tú ach díreach lasmuigh de do bhothán féin ach, fan!

Ní raibh sé chomh simplí leis sin. Má bhí réaltaí ina mílte os a chionn in airde agus an líon céanna díobh ag glioscarnach thíos faoi, bhí feithidí lonracha amuigh chomh maith – lampróga – agus iad ag damhsa sa chosmas. Feithidí, ag scinneadh thart ar nós réaltaí reatha. Th’anam ón diabhal, bhí sé faoi dhraíocht ar fad ar fad. Nár mhéanar dó!

An bhfuil a fhios agat, is dóigh liomsa gur cheart go mbeadh eachtraí mar sin mar chuid den saol ag gach mac máthar is iníon athar againn, go ndéanfadh sé an-mhaitheas dúinn; déanann sé maitheas domsa léamh fiú amháin (agus scríobh) ina thaobh.

Braithim, áfach, go bhfuil comhcheilg ann chun nach ligfí dúinn an saol a bhlaiseadh sa tslí mhíorúilteach sin.

Braithim go bhfuil rud éigin sa chóras oideachais agus rud éigin sa tslí inar tógadh sinn: má léimid an mionchló a bhaineann le rialacha na beatha, mar atá leagtha síos ag an tsochaí dúinn, tá sé ríshoiléir cad atá á rá: cosc ar mhíorúiltí.

Is cuimhin liomsa go maith nuair a bhíos ar scoil gur teagascadh gur le Dia amháin a bhaineann míorúiltí, nó leis na naoimh. Níor bhain míorúiltí le gnáthdhaoine in aon chor.

Bhuel, inseoidh mé an méid seo duit: míorúilt is ea an saol seo, míorúilt is ea an Domhan, míorúilt is ea mise agus tusa agus braithim go bhfuil dualgas orainn na míorúiltí sin a aithint agus a chomóradh.

Ní leor sin. Ní leor a bheith inár bhfinnéithe ar mhíorúiltí: tá dualgas orainn féin a bheith míorúilteach agus ní gá duit an leabhar móréilimh A Course in Miracles a léamh chuige sin.

Thraenáil Abram mar dhraíodóir, dála an scéil, agus chabhraigh sé sin go mór leis nuair a thug sé cuairt ar an Áise chun staidéar a dhéanamh ar leigheasanna traidisiúnta agus na searmanais a bhaineann leo.

Chuir na seamain an-spéis ina chuid cleasaíocht láimhe. Aithníonn ciaróg ciaróg eile. Thug siad deis dó pairt a ghlacadh ina gcuid searmanas.

D’aithin Abram go raibh bua ar leith ag na seamain, bua a fuair siad ón gcaidreamh speisialta a bhí acu leis an timpeallacht.

Deir sé go bhfuilimidne, sa domhan “forbartha”, tar éis an caidreamh sin a chailliúint. Níl sa timpeallacht anois dúinne ach tírdhreach taitneamhach.

Déarfadh daoine áirithe gur chailleamarna, muintir na hÉireann, an caidreamh speisialta sin leis an timpeallacht de dheasca an Choncais. Ní chuirfidh mé dátaí le tús ná le deireadh an Choncais sin. (Cé a dúirt go raibh deireadh leis? Ábhar aiste eile a bheadh ansin.)

Thug Abram faoi deara le linn dó a bheith i mBali go bhfágtar bia amach do na mairbh, blúirín ríse ar dhuilleog phailme.

Dúirt sé leis féin go bhfanfadh sé, féachaint cad d’imeodh ar an mbia. Cad é mar iontas a bhí air nuair a thug sé faoi deara go raibh ceann de na duilleoga sin ag bogadh. An bhféadfadh go raibh taibhse éigin tagtha ar ais chun bricfeasta a ghlacadh?

Dhruid sé níos cóngaraí don duilleog. Diaidh ar ndiaidh, thuig sé nach taibhse a bhí ann in aon chor ach seangáin dhubha. Níorbh fhada go raibh deireadh déanta acu agus gan rian den ofráil fágtha. Gháir Abram.

I gceann na haimsire, áfach, tuigeadh dó go raibh an-chiall le nós seo na hofrála. Bheadh an teach ag snámh le seangáin murach gur shásaigh na hofrálacha laethúla iad.

Bhí an oiread sin seangán ann go bhféadfá a bheith faoi léigear acu mura smaoineofá ar sheift éigin. An draíocht agus an éiceolaíocht taobh le chéile.

Táimidne an-dall ar an timpeallacht ina mairimid. Dáiríre. Ceann de na focail is deise liomsa i bhFoclóir an Duinnínigh is ea “meithiagán”.

Lámh in airde má tá a fhios agat cad is “meithiagán” ann. Feithid! Ach ní ainmníonn an Duinníneach é. Is é seo an míniú a thugann sé air: “An insect that appears about 1st of June...”

Ar chuala tú riamh a leithéid? An bhfuil aon bhaint aige leis an bhfocal “Meitheamh”?

Tharlódh sé. Seans go bhfuil gaol aige leis an bhfocal “meagán”; n’fheadar.

Is dóigh leis an Duinníneach gur cuileog ghlas atá sa mheagán ach tá comhartha ceiste aige ina dhiaidh. Níl sé cinnte ina thaobh.

Ach tá a fhios aige an méid seo mar gheall air: “It affects the pea in July.”

Is ceart a bheith istigh leis na seangáin (agus le gach ní beo, an meithiagán san áireamh, pé rud é féin). Nach minic a thug na seangáin foláireamh do dhaoine “primitíveacha” maidir le súnámaí nó matalang éigin dá shórt?

Smaoiním ar Leabhar na Seanfhocal sa Bhíobla: “A leisceoir, téigh chun an tseangáin; déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat...”

Má fhágann muintir Bhali rís amach don dream a chuaigh rompu agus má sciobann na seangáin í, nach bhféadfá a rá go n-itheann na seangáin an bia sin thar ceann an tseandreama, sa mhéid go bhfuil an seandream morgtha sa chré, an chré chéanna ina gcónaíonn na seangáin: aon dream amháin anois iad.

Sea go díreach. Sin é a déarfadh Abram ar aon nós. Ní bheinnse ag cur ina choinne.


Dhá leabhar do pháistí an saothar is déanaí ón údar, athinsint ar scéalta ón India, Birbal (CIC) agus pictiúrleabhar Sa Tóir ar an Yeití (Cló Mhaigh Eo)

aimsirweather – buíochgrateful – comhcheilgconspiracy – cosmascosmos – créclay – draíochtmagic – éiceolaíochtecology – fealsamhphilosopher – feithidinsect – finnéwitness – físvision – idirlíoninternet – láithreachimmediately – leigheascure – lonrachshining – míorúilteachmiraculous – paidirprayer – réaltaístars – scáilshadow – seangánant – sochaísociety – spásspace – taibhseghost – traidisiúntatraditional