Tá, níl, is cuma liom!

Beocheist: Is iomaí suirbhé a bhíonn ar siúl na laethanta seo

Beocheist: Is iomaí suirbhé a bhíonn ar siúl na laethanta seo. Cuirtear ceisteanna orainn faoi chúrsaí reatha, faoi pholaitíocht agus vótáil, faoi na hearraí a cheannaímid.

Anois tá an cleas ar siúl ar an Idirlíon freisin. Bíonn pobalmheas nó "inis do thuairim" ar shuíomh Lín gach nuachtáin beagnach agus bíonn sé éasca go leor páirt a ghlacadh ann.

Ní gá ach "tá" nó "níl" a chliceáil mar fhreagra ar an gceist. Gan mhachnamh beagnach. Comhaireann an ríomhaire lárnach féin an toradh.

Tá vótáil leictreonach le chur ar fáil amach anseo sna hionaid vótála. Cén fáth nach mbeadh vótáil leictreonach ar an Líon freisin? Inis do thuairim. Bertie agus a chairde nó an dream eile? Ní gá ach cliceáil.

READ MORE

D'fhéadfadh reifreann faoi ghinmhilleadh nó faoin Aontas Eorpach bheith ar siúl gach seachtain. Daonlathas gan teorainn.

Leis an tsuirbhéireacht uile seo, cheapfá go mbeadh polaiteoirí agus lucht na meán ag éisteacht go saothrach leis na gnáthdhaoine.

Ach ní bhíonn an síorcheistiú ann ach chun dallamullóg a chur ar dhaoine agus meon an phobail a stiúradh.

Ag fágaint "oibiachtúlacht eolaíoch" na suirbhéanna (ceist mhór inti féin) as an áireamh, ní éisteacht atá ann ach caricature de l'écoute nó scig-éisteacht, mar atá ráite ag an socheolaí Francach, Michel Crozier.

Ní bhíonn freagra ar na ceisteanna riamh ach "tá" nó "níl", "bíodh" nó "ná bíodh", "yes or no". Is minic a dhéantar talamh slán den gceist féin.

"Ar cheart don uachtarán an Iaráic a ghabháil chun stop a chur le Saddam agus a chuid arm ollscriosta?" Ba cheart nó níor cheart - ach tá sé socraithe cheana go bhfuil na hairm sin ag Saddam. (Rud nach raibh.)

Ní thugtar seans don ghnáthdhuine a thuairim féin a nochtadh, .i. na ceisteanna a luadh atá tábhachtach dó-san agus a chuid a rá fúthu. "Tá" nó "níl": ní bhíonn an tríú rogha agat i suirbhé ach a rá "is cuma liom".

Agus sin an rud díreach atá ag tarlúint i dtoghcháin agus i reifrinn. Tá an ráta neamhláithreachta ag méadú in aghaidh na bliana i dtíortha daonlathacha an Iarthair.

Tá a fhios ag daoine nach ndéanann vóta mórán difir, mar ní hiad féin ná an aicme polaitíochta fiú atá ag socrú polasaithe a dtíre ach lucht airgeadais, gnó agus tionscail ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Mar sin, deir cuid mhaith de na saoránaigh "is cuma liom": ní chaitheann siad vóta. Agus na daoine a chaitheann, ní bhíonn uathu go minic ach cur in aghaidh an rialtais agus tarlaíonn rudaí amaideacha.

Smaoinigí ar thoghchán uachtaránacht na Fraince i 2002 nuair a fuair aspal an chiníochais Jean-Marie Le Pen níos mó vótaí ná an príomhaire Lionel Jospin; nó ar an chéad reifreann ar Chonradh Nice in Éirinn i 2001.

An bhfuil leigheas ar an scéal? Conas a d'fhéadfaí fíorghuth an phobail a aireachtáil arís i gcúrsaí reatha agus polaitíochta?

Tagaimis ar ais go dtí an tIdirlíon. Tá ríomhairí go leor ann chun tuairimí daoine ar cheist ar bith a bhailiú i bhfoirm ríomhphoist agus tá teicnicí teangeolaíochta ar fáil chun tuairimí scríofa a mhíniú trí anailís séimeantaice.

I bpróiseas comhairliúcháin, mar sin, ní leor a rá le daoine: "cad é bhur dtuairim faoi seo nó siúd?" Caithfidh tú eolas iomlán a thabhairt dóibh ar an gceist roimh ré.

Ní daonlathas go hoideachas. Agus caithfear deis a thabhairt do dhaoine foghlaim óna chéile agus tuairimí daoine eile a léamh. Ní daonlathas go díospóireacht.

Déarfar, b'fhéidir, nach dtabharfaidh córas mar seo cead cainte ach do dhaoine oilte a bhfuil teacht ar ríomhairí acu.

Ach nár chuir an náisiúnstát an chosmhuintir ar scoil sa 19ú haois chun an litearthacht a thabhairt dóibh agus saoránaigh a dhéanamh astu? Óir más féidir le duine léamh agus scríobh, is féidir leis vótáil.

Tá sé in am don Stát anois "litearthacht leictreonach" a thabhairt do na daoine agus an acmhainn chuí a chur ar fáil dóibh, ionas go mbeidh ar a gcumas páirt a ghlacadh i ndaonlathas an Lín.

Muna gcuirtear infrastruchtúr dá leithéid ar bun chun éisteacht leis an ghnáthphobal le fírinne, ní bheidh daonlathas ann mar a thuigimid é i gceann 50 bliain eile.

Chuirtí daoine san Aontas Sóivéideach tráth go dtí an tSibéir as a gcuid tuairimí a nochtadh. Ach tá an scéal níos measa, ar bhealach, sa daonlathas Iartharach anois.

Tá cead cainte ag an saoránach ach níl éinne ag éisteacht.