BEOCHEIST:"ACH CÉN áit a bhfuil sé, a Philib" a dúirt an bhanríon Éilís agus í ag cóiriú na bpáipéar ar a deasc i bPálás Bhuckingham.
“Cén áit a bhfuil céard?” a dúirt a fear céile aosta a bhí ag ól siar blaisín branda sa gcathaoir compordach in aice léi.
“Cén áit a bhfuil Éire?” ar sise. “Chuala mé go minic faoi ach diabhal a fhios agam cén áit a bhfuil sé.”
“Tá sé san áit ar fhág muid é,” arsa Pilib go borb, “téann tú amach cúpla míle ó chósta na Breataine Bige agus tiontaíonn tú ar dheis. Ach caithfidh go bhfuil eolas éigin agat faoin oileán sin...eastát maith sealgaireachta dár gcuidne a bhí ann in am amháin.”
“Cuimhním ar scéal a d’inisíodh mo mháthair faoi chuairt a thug sise ar Londonderry agus an fháilte a chuir Méara na cathrach sin roimpi: “Sit down, your Majesty, and take the weight off your feet!” a dúirt sé. Bhuel d’insíodh sí an scéal sin ag gach dinnéar mór ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.”
“Sea, is dream aisteach gan aon éirim iad na Paddies ... dream a chaill cúpla céim ar dhréimire na héabhlóide,” arsa Pilib.
“Níl le déanamh agat ach breathnú ar chuid de na léarscáileanna sa leabharlann anseo chun a thuiscint gur fochine fiáin barbartha iad. Tá foláirimh breactha ar fud na léarscáileanna sin cosúil le “Here be barbarous old Irish” agus “Here be cairns, gallowglasses and fierce old Gaels.”
“Ach, a Philib,” a deir an bhanríon agus imní ar a haghaidh, “tagann na léarscáileanna sin ó aois na cloiche. Níl cúrsaí mar sin ann a thuilleadh, an bhfuil?”
“I mo thuairimse,” a deir Pilib, “Tá siad in aois na cloiche fós san áit sin. Cine contúirteach iad na Paddies ... go háirithe nuair a bhíonn siad bocht agus, by jingo, níor bhocht go dtí seo iad.”
“Och, tá tú ag cur imní orm anois faoin gcuairt seo ar Éirinn,” a dúirt an bhanríon.
“Níor ghéill mise don gcuireadh ach amháin as trua don mbean a’ tí bheag sin as Béal Feirste. Caithfidh mé faisnéis níos fearr a fháil. Cuir fios ar an bpreasoifigeach ríoga, nár chaith a mhuintirse tamall ann?”
Chuaigh Pilib go dtí an doras agus labhair sé le giolla ansin a d’imigh go tapaidh lena theachtaireacht. Níorbh fhada gur osclaíodh na doirse agus isteach le preasoifigeach na banríona a d’fheac a ghlúin roimh Éilís.
Ar sise: “Ta ceisteanna againn faoi Éirinn. Deir Pilib gur eastát sealgaireachta dár gcuid a bhí ann uair amháin. Cén fáth gur imigh muid as?”
“Bhuel, a Mhám,” arsa an preasoifigeach, “chuireamar suas le 800 bliain, 800 bliain, a deirim, de ghearán, de chasaoid agus de chrá croí ón mhuintir bharbartha mhíbhuíoch sin agus ansin chaith siad amach muid. Bhíodh siad fós ag ithe seamróga agus biolair nuair a leagamar cos ar an áít dhearóil sin den chéad uair.
“Is muidne a thug sibhialtacht dóibh. Muidne a ruaig an raiméis de sheanteanga a bhíodh acu agus a chuir seoid an Bhéarla ina mbéal.”
“A Thiarna Dia, is muidne a mhúin dóibh na buntáistí a bhaineann le héadaí a chaitheamh! Muidne a léirigh dóibh gurbh fhearr cónaí i dtithe seachas sna díoga. Muidne a thug an dlí agus córas rialtais dóibh. Muidne a thóg na bóithre.
“Muidne a thóg na foirgnimh is maisiúla atá acu. Agus ár mbuíochas ar a shon seo? A Mhám, níl aon bhealach eile ann lena rá – chaith siad amach muid tar éis éirí amach faoi cheannas amadán i 1916.”
“Nár dhúirt mé leat, a Lizzie?” arsa Pilib. “Dream gan oiread na fríde den tsibhialtacht ná den mbuíochas ag baint leo!”
“Ach,” arsa an bhanríon, “nach fánach an cúrsa agam é, mar sin, cuairt a thabhairt ar a leithéidí?”
“Ní fánach, a Mhám,” arsa an preasoifigeach. “Tá athrú mór ann anois. Rinne siad iarracht iad féin a rialú i bpoblacht, na créatúir, ach tá teipthe orthu go tubaisteach. Trí mhí ó shin, thug siad suas a neamhspleáchas agus a bhflaitheas dá máistrí nua san Eoraip. Mar sin, tá múineadh curtha orthu. Cuirfear an Union Jack ar foluain i Kingstown arís.”
“Ach an gcuirfear fáilte romham dáiríre?” a dúirt an bhanríon.
“Ha, an gcuirfear fáilte romhat, an ea?” arsa an preasoifigeach. “Ní amháin go gcuirfear fáilte romhat ach nuair a thugann tú cuairt ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath, déanfaidh siad iarracht eochracha an chaisleáin a thabhairt ar ais duit. Mi casa, su casa, mar a déarfá. Ach, ar ór na cruinne agus ar fhiacha na hÉireann, ná glac leo, a Mhám, tá ár gcuid trioblóidí féin againne.”
“Cén bronntanas a thabharfaidh mé dóibh?” arsa an bhanríon
“Ciseán biolair agus seamróga, a Mhám. Ciseán biolair agus seamróga!”