TUARASCÁIL:TÁ AITHNE agam ar tháilliúir. Táilliúir an-bhreá atá ann agus tá a shiopa táilliúra líon lán le bocsaí, éadaí agus cultacha. Is maith mar tháilliúir é – cheannaigh mé culaith bhreá uaidh lá den saol – agus is maith an scéalaí é. Ach, dá fheabhas é, ní dóigh liom go ndearna sé cóta riamh don fhear mara.
Scéal álainn gairid é Cóta an Fhir Mhara(Cló Mhaigh Eo, €9) le Seán Ó Brádaigh a bhaineann le fear mara a iarrann ar tháilliúir – Taidhgín – cóta a dhéanamh dó.
I seanchas Oileán Mhanann a tháinig Ó Brádaigh ar an scéal agus is scríbhneoir é a bhfuil an-spéis aige i dteanga an oileáin sin.
Dálta mórán scéalta traidisiúnta, tá síol éigin fírinne ann a aithneoidh léitheoirí an lae inniu: “Tháinig an drochshaol, faraor. Theip ar na barraí agus ar an iascaireacht, de bharr drochaimsire. Ní raibh bia ná deoch fairsing agus bhí éadaí agus airgead gann.
“Agus toisc go raibh na daoine bocht, ocrach, ní raibh siad ag ordú cótaí ná brístí ó Thaidhgín an Táilliúir níos mó. Go deimhin, bhí Taidhgín é féin beo bocht anois, ar nós gach duine eile.”
Tagann fear mara chuige agus iarrann air cóta a dhéanamh dó as síoda ola, rud a dhéanann an táilliúir. Iarrann sé ar an fhear mara ór a thabhairt dó mar íocaíocht, rud a dhéanann an fear mara go drogallach mar ní bhaineann muintir na mara úsáid as airgead.
Anois, cad é a dhéanann Taidhgín leis an airgead ach é a roinnt ar phobal an cheantair: “Tharla gach ní mar a bhí súil ag Taidhgín leis. Thug an t-ór bia don bhaile mór; síolta do na feirmeoirí; báid agus eangacha nua do na hiascairí agus obair do na fir agus mná óga. Bhí rath agus séan agus toradh ar an saol de bharr ór an fhir mhara – nó de bharr an chóta a rinne Taidhgín dó, d’fhéadfá a rá.”
Ná bac leis na Gearmánaigh agus a gcuid euro, mar sin. Chun na farraige linn agus an fear mara gan chóta a aimsiú!