BHÍ NÍOS mó ar siúl ag an Oireachtas i gCill Airne ná ceol, rince agus ól, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.
Na hathruithe atá le cur i bhfeidhm ar chúrsa oiliúna múinteoirí bunscoile sna coláistí oideachais agus a n-impleachtaí ar theagasc na Gaeilge sna scoileanna a bhí faoi chaibidil ag seimineár a d’eagraigh Conradh na Gaeilge Dé Sathairn.
“An gCuirfear Oiliúint Shásúil Ghaeilge ar ár Múinteoirí?” ba theideal dó.
Bhí díospóireacht teasaí ina dhiaidh mar gheall ar na hathruithe, go mórmhór faoin chinneadh deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar acadúil sa dá choláiste oideachais is mó, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, agus Coláiste Phádraig, Droim Conrach.
Mhínigh Áine Lawlor ón Chomhairle Mhúinteoireachta na cúiseanna a bhí leis na hathruithe.
Dúirt sí nár mhaith léi go rachadh an teachtaireacht amach nár shuim leis an chomhairle tábhacht na Gaeilge in oiliúint na múinteoirí mar ní raibh sin amhlaidh.
Cúrsa ceithre bliana a bheidh ag bunmhúinteoirí feasta agus beidh orthu naoi seachtaine a chaitheamh sa Ghaeltacht in ionad trí seachtaine a bhí éigeantach go dtí seo.
Dúirt Muireann Ní Mhóráin, príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, áfach, nárbh fhiú tréimhse fhada a chaitheamh sa Ghaeltacht mura mbeadh sé ceangailte le cúrsa cinnte teagaisc.
Ba chás léi caighdeán Gaeilge na n-ábhar múinteoirí a ghlactar isteach sna coláistí oideachais faoi láthair cé go raibh an cháilíocht iontrála le hardú.
Ba chás léi freisin agus le Sean Ó Coinn, Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge, nach raibh aon chúrsa sna coláistí oideachais sa Stát ó dheas a phléigh le múineadh trí mheán na Gaeilge. Coláiste Mhuire i mBéal Feirste an t-aon choláiste a bhfuil aonad tumoideachais ann.
Beirt léachtóirí a cháin ón urlár an cinneadh deireadh a chur leis an chúrsa acadúil sa Ghaeilge ina gcoláistí féin, cúrsa a roghnaigh céatadán ard de na hábhair mhúinteoirí a dhéanamh.
Bhí an bheirt den tuairim nárbh fhéidir a bheith ag súil go spreagfadh múinteoirí a ndaltaí chun an Ghaeilge a fhoghlaim mura raibh eolas acu féin ar litríocht agus chultúr na teanga sin.
NÍOR LÉIR aon ísliú i gcaighdeán Gaeilge mhic léinn na gcoláistí a ghlac páirt i ndíospóireacht a d’eagraigh Gael Linn do lucht an tríú leibhéal ag an Oireachtas Dé Sathairn, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.
Bhí cumas cainte den scoth acu ar fad agus an rún “Réiteoidh Réabhlóid Fadhbanna na Tíre seo” á phlé acu. Eoin Ó Murchú agus Aindriú Ó Faoláin, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath a rug leo an corn. Bhí Síle Ní Mhuirí agus Paula Melville ó Choláiste Phádraig, Droim Conrach, sa dara háit.
Bhí an comórtas seo, a thosaigh i 1976, ligthe ar lár ag Gael Linn ar feadh roinnt blianta, de bharr deacrachtaí eagrúcháin. Ach ba léir ón slua mór mac léinn a bhí i láthair, os cionn 300, an tsuim a léirigh siad san ábhar.
B’fhiú go mór é a chur ar siúl ag an Oireachtas ar an bhliain seo chugainn.