TÁ TG4 le síol úr a chur agus barr nua scríbhneoirí agus stiúrthóirí a thabhairt. "Síol" is ainm do scéim a bhfuil sé mar chuspóir aici deis a thabhairt do scríbhneoirí agus stiúrthóirí na Gaeilge agus na Gaeltachta a gcuid oibre a fheiceáil ar scáileán beag na teilifíse.
Dúirt léiritheoir na sraithe, Ciarán Ó Cofaigh, go raibh siad ar lorg sé script úra dhrámaíochta a bhain leis an téama, 'An Chlann'. Ní raibh an oiread sin deiseanna ann ó thaobh drámaíochta de ach deis "an-mhaith" a bhí sa scéim "ag daoine briseadh isteach san earnáil," a dúirt sé.
Bhí an scéim ar oscailt do dhaoine a raibh taithí acu ar earnáil na teilifíse nó a bhí go díreach ag tosú. Thabharfadh an scéim, a dúirt sé, tacaíocht dóibh le go bhfeicfeadh siad a gcuid scripteanna á bhforbairt ó thús deireadh. Bhí sé ag iarraidh go gcuirfeadh an scéim "leis na scileanna atá ag daoine sa tionscal. Láidríonn sé muidne agus láidríonn sé an tionscal".
Scéalta neamhspleácha, script iomlán 25 nóiméad, atá á lorg ag lucht na scéime. Tá siad ag iarraidh scéalta comhaimseartha, carachtair láidre, scríbhneoireacht den scoth agus ábhar a spreagfadh díospóireacht agus caint. Níor ghá cloí leis an téama ar bhealach ar bith cúng; d'fhéadfadh páirtí polaitiúil nó clann neamhthraidisiúnta bheith i gceist, a dúirt Ó Cofaigh, ach bheadh an téama coitianta ann.
Dúirt Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Proinsias Ní Ghráinne, go gcuirfí: "oiliúint iomlán ar fáil do cheard na scríbhneoireachta don teilifís agus déanfar na scripteanna a fhorbairt tríd cheardlanna faoi stiúir mháistrí na ceirde atá ag saothrú don teilifís faoi láthair. Is é Paul Mercier atá ceapaithe mar eagarthóir scripte ar an tsraith. Táimid ar thóir ráitis láidir ficsin." (Is é Mercier an stiúrthóir atá taobh thiar den tsraith, Aifric.)
Mar chuid den scéim, beidh ceardlanna ar an scríbhneoireacht agus stiúrthóireacht. Is é Dé Céadaoin 13ú, Lúnasa an dáta deiridh iontrála. Eolas: www.siol.ie
Aontroim abú
BHÍ CRUINNIÚ poiblí ar Choraidh Mheallach, Co Aontroma, aréir le cúrsaí Gaeilge sa cheantar a phlé. Reáchtáil grúpa Gaeilge, Pobal an Chaistil, suirbhé ar na mallaibh i dtuaisceart Aontroma le tuairim an phobail a fháil ar cheist na teanga.
Dúirt cathaoirleach an ghrúpa, Réamaí Mathers, gur chuir siad ceistiúchán amach go dtí an oiread grúpaí agus daoine aonair de gach aon chúlra agus chreideamh agus a thiocfadh leo. Fuair siad 619 foirm líonta ar ais as 1,800 a scaipeadh; b'ionann sin agus freagra de 23 faoin gcéad.
Fuarthas amach go raibh Gaeilge líofa ag 6 faoin gcéad de na freagróirí (35 duine); d'fhreastail 26 faoin gcéad acu sin (ochtar) ar Ghaelscoil. Bhí measarthacht Ghaeilge ag beagnach 27 faoin gcéad; thug 83 faoin gcéad le fios go raibh eolas éigin acu ar an teanga agus dúirt 17 faoin gcéad nach raibh eolas ar bith acu uirthi.
Chreid 81 faoin gcéad de na freagróirí gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ina teanga chomhaimseartha ach ní raibh 11 faoin gcéad ag teacht leis sin; ní raibh 86 faoin gcéad acu sásta an teanga a ligean le sruth agus shíl 6 faoin gcéad gur chóir sin a dhéanamh; shíl 73 faoin gcéad nach raibh barraíocht airgid caite ar an teanga; shíl 8 faoin gcéad go raibh barraíocht caite uirthi agus bhí 19 faoin gcéad gan tuairim ar an cheist.
Thug 90 faoin gcéad de na freagróirí le fios gur mhaith leo comharthaí Gaeilge a fheiceáil ar shráideanna agus bhóithre.
Léirigh torthaí na suirbhé, a dúirt Mathers, go raibh "bá ag cuid mhór den phobal i dtuaisceart Aontroma i leith na Gaeilge. Bhí sé suimiúil le feiceáil go raibh suim ag mórchuid an phobail comharthaíocht a fheiceáil sa Ghaeilge, rud atá ag tógáil go leor conspóide maidir le Comhairle na Maoile agus Comhairle Bhaile Mhónaidh.
"An rud is mó a tháinig amach as seo ná gur mhaith le daoine an Ghaeilge bheith beo mar theanga labhartha arís agus go raibh an-spéis ag tuismitheoirí tacaíocht a thabhairt dá bpáistí dearcadh dearfach i leith na Gaeilge bheith acu."
Bunaíodh Pobal an Chaistil tá ocht mbliana ó shin agus "An Ghaeilge a athréimniú mar theanga an phobail" mar mhana acu. Dúirt Mathers go raibh "iarrachtaí ar siúl sa phobal seo le breis agus 100 bliain anuas taoide na staire a thiontú agus an Ghaeilge a aisghabháil. Mar shampla thosaigh Feis na nGleann agus neart rudaí eile ag Laochra Gael, Eoin Mac Néill agus Ruairí Mac Asmaint ina measc.
"D'éirigh leis na hiarrachtaí uaisle seo an Ghaeilge a choinneáil amuigh as an uaigh sa cheantar ach bheadh sé ionraic a rá nár éirigh le príomhsprioc na ndaoine sin, is é sin, an Ghaeilge a thabhairt ar ais mar theanga labhartha an phobail."
Dúirt sé go raibh borradh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge i dtuaisceart Aontroma ó bunaíodh Pobal an Chaistil. Ní raibh ach ceathrar nó cúigear sa cheantar a raibh Gaeilge líofa acu roimhe sin. Bhunaigh lucht na Gaeilge naíscoil, bunscoil agus cúrsaí, scéimeanna agus ranganna. Tháinig méadú ar chainteoirí líofa dá bharr sin: "Chan fhuil aon amhras go bhfuil neart déanta ach má tá an Ghaeilge le neartú fós mhothaigh muid go raibh orainn dlúthcheangal a dhéanamh leis an phobal. Mhothaigh muid fosta go raibh mianta an phobail tábhachtach bíodh col nó bá acu le mianta s'againn."
Cuimhní cinn
IS IOMAÍ mac léinn Gaeilge ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, nó ar Ollscoil Uladh, a chaith seal i gcuideachta an tseanchaí as Rann na Feirste, John Ghráinne Ó Duibheannaigh (87).
Tá clú ar Rann na Feirste, Co Dhún na nGall, le fada as feabhas na Gaeilge ann. Ambasadóir de chuid na háite a bhí in John Ghráinne agus é ag obair le mic léinn tríú leibhéal nó le scoláirí meánscoile sa choláiste samhraidh sa cheantar, Coláiste Bhríde.
Tá leabhar agus dlúthdhiosca ina gcuireann John Ghráinne síos ar a shaol anois ar fáil, An áit a n-ólann an t-uan an bainne (Cló na Seaneaglaise, €19.95). Pléann sé laethanta a óige, cúrsaí an Lagáin agus a chuid taisteal.
Is é Seán Mac Labhraí, léachtóir le Gaeilge ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, a rinne taifeadadh ar chaint John Ghráinne agus a chuir eagar ar na hagallaimh sin. Tá ceithre huaire an chloig de chaint ar an dlúthdhiosca féin agus téacs na cainte le fáil sa leabhar fosta.
Dúirt Mac Labhraí gur "stair shóisialta" a bhí sa leabhar: "Ní thuigeann an t-aos óg cleamhnas, imirce, fostú ar an Lagán, an saol a tháinig John fríd."
Ba é a chuspóir "caint fhileata" John Ghráinne a chaomhnú agus gnáthchomhrá na Gaeltachta a chur ar fáil do ghlúin nua.
Tá an leabhar sna siopaí anois nó is féidir í a ordú ó Sheán Mac Labhraí féin: s.maclabhrai@smucb.ac.uk
básympathy - ceistiúchánquestionnaire - comhaimsearthacontemporary - cúlrabackground - dearfachpositive - díospóireachtdebate - forbairtdevelopment - imirceemigration - léiritheoirproducer - neamhspleáchindependent - oiliúinttraining - síolseed - stiúrthóirdirector - taithíexperience - uaighgrave