Bhí mé ag tiomáint agus mo mhac, Ultán, sé bliana d'aois, ar chúl an chairr nuair a tharla sé. Bhí an raidió múchta agus labhair sé, gan choinne, gan súil, as a stuaim féin, gan iarraidh, gan tathant, i nGaeilge shoiléir: "An bhfuil cead agam ceol a chluinstin?"
Ní tada é a bhfuil de dheontais ag Údaráis na Gaeltachta agus a bhfuil de chláir ag TG4 agus a bhfuil de leabhair nua-litríochta agus a bhfuil de dhuaiseanna Oireachtais agus a bhfuil de chaint RnaG le taobh ar tharla i mo ghluaisteán. Labhair mo mhac Gaeilge.
Ní nuacht ar bith é sin agaibh ar cainteoirí dúchais sibh nó ar múinteoirí gaelscoileanna sibh nó gníomhairí teanga sibh nó ar lucht cúise sibh ach, creid mise, míorúilt a bhí ann.
Tá mé cleachtaithe le corrfhocal Gaeilge fríd Bhéarla na bpáistí - "No, daddy, I don't want milseáin, I want crisps"; "Are we abhaile?"; "I am ocras" - ach is annamh annamh annamh a scaoileann siad abairt níos faide ná "oíche mhaith" chugat.
(Agus ní dhéanfaidh mé trácht ar na habairtí éigeandála atharúla: "Tuck an léine sin isteach" nó "Stad den gurning.")
Ar an ábhar sin a bhain an abairt iomlán dea-dhéanta mo sheacht n-iontas asam. Níl mé cleachtaithe lena leithéid; níl an tuath seo againne cleachtaithe lena leithéid.
I bhfonóta sa leabhar iomráiteach sin, I mBéal Feirste Cois Cuain le Breandán Ó Buachalla, tá dhá thagairt don cheantar a bhfuil cónaí orm ann, na Móinteacha, ceantar atá ar imeall theas Loch nEathach. Tagann teorainneacha Ard Mhacha, Aontroma agus an Dúin le chéile ar a chuid uiscí.
"The language and religion of the native people disappeared completely with the exception of a small refuge settlement in the midst of the great bog on the Lough Shore in the parishes of Aghagallon and Aghalee. Here Irish continued to be spoken until 1800," a scríobhtar i leabhar Uí Bhuachalla.
Tá an dara tagairt: "The Irish language too prevailed to a great extent throughout the Parish about 40 years back [sa bhliain 1838 a scríobhadh so] particularly in the Montiaghs."
Níor athraigh mórán ó shin. Fásach teanga atá ann agus tá mise agus mo chéile mná ar ár ndícheall ag tógáil na bpáistí le Gaeilge ann.
Caithim dhá lá sa tseachtain ag obair leis an nuachtán seo agus an chuid eile den am ag tabhairt aire do na páistí. Is é Ultán an duine is sine agus tá beirt ghirseach ina dhiaidh, Aoife (4) agus Laoise (2).
Labhrann mo chéile agus mé féin an oiread Ghaeilge leo agus a thig linn. Tá siad breá cleachtaithe le horduithe ón bheirt againn sa teanga. Ní ar bhunscoil Ghaeilge atá siad nó níl ceann ar bith sa chomharsanacht agus ní ar mheánscoil Ghaeilge a fhreastlóidh siad ach an oiread.
(Sea, cinnte, bunóidh mé cúpla scoil - chomh luath agus a chríochnaím an turas sin go barr Everest.)
Caithfidh mé a admháil, ámh, nár thuig mé an obair mhór a bhain le labhairt, go háirithe sa chomhthéacs nach bhfuil Gaeilge ag aintín nó uncail nó col ceathair nó mamó nó daideo.
Níl muid ag obair i gcomhthéacs breac-Ghaeltachta fiú - a leithéid de shaibhreas - gan a bheith ag caint ar Ghaeltacht bheo bhríomhar. Níl infrastruchtúr tacaíochta teanga de chineál ar bith againn. Tá muid ag treabhadh linn i ngort atá seasc aimrid le 200 bliain ach, de réir cosúlachta, tá toradh inteacht ar an churaíocht.
Labhair mé le tuismitheoir eile atá sa riocht céanna liom féin; ealaíontóir an-chumasach í agus d'fhiafraigh mé di cad é mar a thóg sí a páistí le Gaeilge. "Is é an obair is deacra a dhéanfaidh tú riamh," an freagra a thug sí orm. Ní raibh cinnteacht ar bith ann go labharfadh na páistí Gaeilge i ndiaidh teacht i méadaíocht dóibh ach b'fhiú an iarracht a dhéanamh.
Ba mhó ábhar misnigh dom an comhrá sin ná iomlán fógraíochta Fhoras na Gaeilge. Bhí teagmháil bheo agam le duine a thuig mo chás; a thuig nach falsacht nó éagumas nó mídhílseacht ba chúis leis an easpa mhisnigh ach uaigneas.
Tá mise, mo bhean, na páistí, linn féin. Tá muid ag treabhadh ár n-iomaire féin gach lá den bhliain. Ní eisceacht ar bith muid. Tá daoine, déarfainn, faoin tuath a aithneoidh iad féin sna línte seo inniu. Seans gur éirigh leo ina gcuid iarrachtaí; seans gur 'theip' orthu.
Tá, cinnte, TG4 ann ach tá greim docht daingean ag foireann Den, Sockey agus Dustin, ar na páistí. Déanaim iarracht an cainéal a athrú i ngan fhios dóibh ach aithníonn siad an cleas agus cuireann i m'éadan.
Géillim i gcónaí do Geri Maye. Ní mian liom olc a chur orthu. I ndeireadh thiar thall, is páistí iad seachas uirlisí ide-eolaíochta.
"An bhfuil cead agam ceol a chluinstin?" Tá saothar sé bliana san abairt sin domsa agus saothar dhá chéad bliain don cheantar.
Agus i gcionn cúig bliana eile, beidh Ultán in aois meánscoile agus, le cuidiú mór Dé, ranganna Gaeilge.
Ag treabhadh i dtólamh - agus ní feirmeoir mé.
Cá mhéad duine eile amuigh ansin atá sa riocht céanna agus cá bhfuil an plean mór náisiúnta a aithneoidh a gcás, a aithneoidh ár gcás?