Theastaigh sé uainn, mar ba sinne é

CROBHINGNE: IS Í an deacracht a bhaineann le duine a shocraíonn ar éirí as a ghairm nó a chuid oibre ná gur cuma a ndeirtear…

CROBHINGNE:IS Í an deacracht a bhaineann le duine a shocraíonn ar éirí as a ghairm nó a chuid oibre ná gur cuma a ndeirtear ina thaobh agus nóta báis. Léann sé nó sí na nithe a scríobhfar idir dul faoi na gréine agus an scriú deiridh ar an gcónra. Feictear an suimiú, an cuntas, an reicneáil, an achoimre bheatha.

Tá doircheacht áirithe ag baint le nóta báis Bheirtí mar tá fearg ar chách, agus go háirithe ar dhaoine a chuir a gcuid muiníne ann, agus tá an fhearg sin ag dalladh aon bhreithiúnais eile ab fhéidir a dhéanamh. Níl an fhearg chéanna ar dhaoine a chonaic riamh anall an bla laistigh den bhladar, an t-ádh i bhfolach sa bhaile, agus an cliath laistiar den chuntanós.

Is féidir polaiteoirí a roinnt in dhá champa. Bhoil, is féidir polaiteoirí a roinnt in mórán campaí ach b’fhearr liom gan a bheith caolchúiseach chomh luath seo sa bhliain. Iad siúd a chreideann i rud éigin; agus iad siúd nach gcreideann in faic na ngrást.

Nó d’fhocal gearr, iad siúd atá sa saol poiblí ar son leas éigin a dhéanamh, agus iad siúd atá sa saol poiblí ar son na cumhachta amháin. Galar is ea an pholaitíocht chomh maith le gach gairm eile; gabhann daoine le ceol mar nach bhfuil an dara suí sa bhuaile acu nó an dara port ar an abhainn; gabhann daoine le ceardaíocht mar nach bhfuil an dara rogha acu, nó an dara sámh sa mhála. Glaoitear isteach iad. Faightear an ghairm anuas, nó níos minicí ná a mhalairt, aníos. Is é a dhála céanna ag an bpolaitíocht é; tolgann daoine an galar, cuirtear an ga iontu go domhain, nó go fréamh, go háirithe i gcás polaiteoirí na tuaithe agus daoine ar glasraí cheana iad.

READ MORE

Ní fhéadfadh siad gan a bheith ina bpolaiteoirí dá mbeadh a mbeatha adhmaid féin ag brath air. Tagann siad ar an saol ag sochraid a gcomharsan. Nuair a shíntear lámh chucu isteach sa chliabhán, déanann siad í a chraitheadh láithreach. Roinneann siad na milseáin i gclós na scoile, agus bíonn páirt Phontius Píoláit acu i ndráma na Nollag. Is é Ernie an t-uncail is fearr ar fad, agus is é Des an t-uncail is fearr chomh maith, agus is é Simon an t-uncail is fearr gan bhréag ar bith. Bíonn siad i lár an aonaigh nuair a bhíonn an mart le díol, agus ar imeall an mhargaidh nuair a bhíonn na ba le cur thar abhainn. Níl leigheas acu air, mar druga is ea é, a dheol siad leis an cow an gate nó leis an my lúpa féin amháin.

Ní fhéadfadh Parthalón a bheith ina gharraíodóir oilte ar nós a athar mar ba ghá cuid de na fiailí a bhaint agus b’in gníomh nach leomhfadh sé a dhéanamh; ní fhéadfadh sé a bheith ina each tiarna ar nós a shinsir mar b’fhearr a chleachtadh ar asail a chomáint; ní fhéadfadh sé a bheith ina dhroim ar conradh mar tá brí éigin leis an bhfocal a scríobhtar síos agus gabhann focail le brí seachas na focail sin a sheolann le tulca an tsaoil.

Asarlaí ba ea Beirtí a bhain amach as an hata pé ní a theastaigh ó dhaoine a bheith ann. B’é fear na méaracán é ach go raibh níos mó méireanta aige ná a rachadh isteach i ngabhála na ndaoine.

Neach tricidí lúb a bhí ann a shocraigh go mbeadh an bua agatsa – agus aige sin le gach cleas a caitheadh. B’é rí na n-asalraíthe é a dhein astralaíocht den aimsir nach raibh fáistineacht ar bith ann di.

Féachtar ar Pharthalón feasta mar ealaíontóir a chuir draíocht ar mhuintir na hÉireann. D’imir sé na cártaí agus ní fhaca daoine an lúb líofa ná an laoi suain ná an glam i do phus.

B’é a bhí ábalta ar an dallamhullóg a chur ar chách. Mura mbeadh an pholaitíocht, i saol ar bith eile bheadh sé sa sorcas ag mealladh na ndaoine isteach; nó neachtar acu ina bhainisteoir bainc ag baint cor as gach buaireamh de chuid na ndaoine.

Is í an choir is mó a chuirtear ina leith ná gur éirigh leis. Níor chreid sé in aon rud riamh seachas sa chleasaíocht agus sa chumhacht. Na daoine nár chreid riamh ach san chumhacht agus san choincréit níor mhaith siad riamh dó é. Ní mhaitheann riamh an sách don mheang, agus b’é Beirtí a d’imir an cluiche a chuir an chluain shuaimhneach orthu go léir.

Murar chreid sé in faic na ngrást, ná in tada le Dia, seachas san chumhacht féin, ba scáthán é ar mhuintir na hÉireann a thug a gcuid vótaí dó agus dá chuid buachaillí bó. Theastaigh sé uainn, mar ba sinne é. Le bhur dtoil, agus ar ár son féin go léir, d’oirfeadh beagán machnaimh an chéad uair eile.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar