Scéal difriúil Nollag nár insíodh go dtí an lá atá inniu ann, writes ALAN TITLEY
Sna laethanta sin ghluais carbad ó íochtar an domhain go huachtar an domhain agus ar ais arís.
Agus ar a thaisteal dó chonaic fear stiúrtha an charbaid gach dá raibh ar siúl thíos faoi.
Chonaic sé na daoine á n-ullmhú féin i gcomhair na hoíche, agus meangadh na bpáistí nuair a d’éirigh siad ar maidin.
Agus, féach, bhí a fhios aige cé acu a raibh siad dána nó deas, mar bhí sé ar a shlí chun a mbailte féin.
Agus chonaic sé, leis, gach athair is máthair is an t-áthas a bhí orthu lena gclann iníon is mhac. Chonaic sé iad, agus bhí go maith.
Agus chonaic sé taistealaithe triallta an róid ar a slí go mall ag lorg bheith istigh ón bhfuacht.
Agus an cnag ar an doras agus an fear is a bhean ag impí go humhal. Agus craitheadh na nguaillí agus an síneadh méire chun an sciobóil laistiar.
Agus, féach, i gceann de na sciobóil sin bhí asal ag gángarach agus bó ag géimneach, ach chiúnaigh siad go mánla nuair a tháinig an cúpla isteach.
Agus d’fhéach sé siar ar na málaí luchtaithe ar chúl an charbaid agus léim a chroí ina chliabh mar thabharfadh siad sásamh agus sólás dá lán.
D’fhair sé na tithe i bhfad laistíos de agus bhí a fhios aige go rabhthas ag súil is ag coinne leis mar bhí stuth agus stuif aige dóibh.
Agus bhí riamh mar mhana aige go ligfí dó an mhuintir bheag óir ba lena leithéid sin ríocht na maitheasa, agus cibé áit a raibh beirt nó triúr cruinnithe le chéile ag ceannach ina ainm go raibh sé ansiúd ina measc.
Aoirí
Agus chonaic sé na haoirí ag buachailleacht ar an gcnoc agus líon a chroí le trua dóibh óir nach mbeadh sé ag teacht chucu ar an oíche áirithe seo, mar nach raibh teach ná simné acu agus nach ea amháin nach bhféadfadh sé teacht seacht n-uaire chucu, ach nach bhféadfadh sé freastal orthu seacht n-uaire faoi sheacht ndeich.
Agus ghrinnigh sé iad agus iad ag dul le fána an chnoic síos, agus chomhairigh sé na caoirigh, agus rinne áireamh ar an luach a bhí ar gach ceann acu.
Agus thuig sé go maithfí do dhaoine gach peaca ach biamhasla.
Mar b’eol dó go raibh luach mór ar gach caora díobh ar mhargadh na daoire, agus gur mhó ná san a d’fhéadfaí a gcuid olanna a chur chun críche leapacha, agus cótaí agus bábóga beaga bréige.
Óir is de bharr do ghréithre agus do ghiúirléidí féin a saorfar tú, agus is de dheasca easpa do ghréithre is do ghiuirléidí féin a daorfar tú.
Agus thug sé faoi deara na fir ag gluaiseacht go maorga ar na camaill anoir.
Turas mall
Turas mall a bhí acu don tráth sin bliana, na camaill go crosta ag luí siar sa sneachta, agus capaill bhána ar séirse ar mhachairí méithe, agus na spéirmhná síodúla ag soláthar seirbit, agus an réalta mór os a gcionn fan an bhealaigh.
Agus chonaic sé iad nuair a labhair siad leis an rí mar thuig siad go maith dá chéile, agus chonaic sé iad nuair a ráinig siad an scioból agus shléachtadar agus d’osclaíodar a gcuid stór agus leag siad na bronntanais d’ór, de thúis, is de mhiorra amach don leanbh, agus tháinig éad ar an bhfear lasnairde, mar d’fhéadfaí leas i bhfad níos fearr a bhaint astu seachas iad a thabhairt do mhac siúinéara nach raibh aon fhéachaint suas sa tsaol aige.
Ach bhí obair eile le déanamh aige agus ghluais sé roimhe ag leanúint na réaltaí ón domhan thiar agus thoir agus theas agus thuaidh gur stad sé os cionn na n-áiteanna a rabhthas ag dúil leis ar fud na cruinne ó thosach aimsire, mar is é a thuig an ní a mheasfaí ar thalamh go measfaí ar neamh é chomh maith céanna.
Ní raibh ina bhfaca sé ach scéal amháin de na milliúin scéalta a chonaic sé leis na mílte bliain, agus chuimil sé a fhéasóg fhada bhán síos go brollach dá réir.
Fear na féasóige
Ach de réir is mar a scaoil fear na féasóige báine a charbad chun siúil is ea a d’fhás pianta iarbhreithe ar an máthair.
“Níl a fhios agam,” ar sise, go cráite, “an bhfuilim go hiomlán ceart go leor.”
“Beidh tú i gceart, a thaisce,” arsa a fear céile, lán dóchais is grá.
“Ach ní thuigeann tú,” ar sise, “bhí na pianta go dona, is go huafásach.”
“Ach, féach an leanbh, an leanbh álainn speisialta,” arsa an fear. “Nárbh fhiú é, ar deireadh?”
Agus d’fhéach an mháthair in airde ar an gcarbad a bhí ag gluaiseacht ar fud na spéartha, agus chonaic a raibh ann, agus dúirt sí le hosna: “N’fheadar. Ní mé. Níl a fhios agam arbh fhiú an phian ar fad é.”