TUARASCAIL: I LÁR an 18ú haois, chruthaigh Albanach óg, Séamus Mac an Phearsain, litríocht Ghaelach i mBéarla le Ossian. Leagan próis liriciúil ar an Fhiannaíocht ab ea an saothar sin.
Is léir anois go raibh a lán de féinchumtha, cé gur Ghael é an t-údar a bhí sáite sa dúchas. Pé scéal é, chuaigh Ossiani bhfeidhm go mór ar lucht an Bhéarla in Albain nach raibh Gaeilge acu. Ghlacadar leis mar eipic "náisiúnta".
Nach aisteach agus íorónta an rud é go raibh daoine oilte i nGalltacht na hAlban ag brath ar na Híleantóirí, ar lucht na Gaeilge, chun féiniúlacht náisiúnta a chruthú dóibh.
Go dtí an lá atá inniu ann, cad is féiniúlacht Albanach ann? Píobaireacht agus caitheamh an bhreacáin! Rudaí nár bhain le Galltacht na hAlban riamh, ar ndóigh.
Dúirt daoine áirithe eile ag an am nach fíor-Ghaelachas a bhí in Ossian ach cur i gcéill, amhail an Sasanach Samuel Johnson, duine a raibh an-chiall aige don litríocht ach nach raibh Gaeilge aige.
Ach chuaigh Ossiani bhfeidhm ar an Eoraip iomlán: smaoinímid ar Diderot ag cur Fraincise ar les poésies ersesnó Goethe óg agus foclóir Gaeilge á úsáid aige chun sampla den "bhuntéacs" a bhí foilsithe ag Mac an Phearsain a léamh.
Bhí fearg ar Éireannaigh ag an am, toisc an Fhiannaíocht bheith goidte uathu ag an sotaire Albanach seo. Ach sa 19ú haois bhaineadar díoltas de shaghas amach nuair a chruthaigh Éireannach, Thomas Moore, litríocht Ghaelach eile i mBéarla lena chuid Irish Melodies.
Duine de bhunadh Gaelach, náisiúnaí, cara le Riobárd Emmet ab ea Moore, ach d’éirigh sé as an náisiúnachas ar deireadh agus d’imigh sé go Sasana.
Bhí rath air mar fhile Béarla ansin. Amhráin a chum sé, ní dánta amháin, mar ba cheoltóir cumasach é freisin. Bhí an Tiarna Byron mar chara aige; chuir sé an-suim i ngluaiseacht saoirse na Gréige, agus éadóchas air faoi shaoirse na hÉireann is dócha. Fuair sé bás i Sasana agus is ansin atá sé curtha.
Má bhí lionn dubh Ceilteach le fáil i saothar Mhic an Phearsain, a bhí curtha i mbéal Oisín i ndiaidh na Féinne, bhí an mothúchán céanna le fáil ó Tom Moore agus é ag caoineadh ar an seansaol Gaelach fadó agus ar an tsaoirse a cailleadh. Samplaí de na hamhráin seo ná The minstrel boy, She is far from the land (where her young hero sleeps), The harp that once (through Taras halls), Let Erin rememberagus eile.
Thaitin filíocht Moore go mór leis na Sasanaigh. Mhol an criticeoir Palgrave an file Éireannach agus an “sweet and genuinely national style” a bhí aige.
Ach chuaigh sé i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann freisin, de réir a chéile, go mórmhór tar éis an Drochshaoil; mar bhí filíocht náisiúnta i mBéarla de dhíth orthu anois, ó tharla nach raibh Gaeilge acu a thuilleadh, ach Béarla.
Is deacair dúinn an draíocht a chuir na Melodies ar mhuintir na hÉireann ag an am sin a thuiscint. Is fiú The Deadle James Joyce a athléamh chun tábhacht na Melodiessa ghnáthchultúr Éireannach ag tús an 20ú haois a mheas. Ach tá dearmad orthu le fada. Is beag aithne atá ag an aos óg orthu inniu, measaim.
Bhí aithne ag mo thuismitheoirí féin orthu, ach ceap magaidh a bhí iontu i ndeireadh na dála. Níorbh fhéidir leis na daoine plé go dáiríre leo a thuilleadh, mar bhí deireadh leis an íogaireacht Rómánsach a spreag iad.
Ach tá an cultúr iar-Ghaelach a chruthaigh Tom Moore dúinn ina bheatha go fóill. Tar éis Moore leanadh ar aghaidh le chumadh litríochta i mBéarla a bhí ag brath go minic ar aistriúcháin ón Ghaeilge, nó ar “atmaisféar” Gaelach.
Tógadh daoine de mo ghlúin féin leis an bhfilíocht Angla-Éireannach agus leis an iar-Ghaelachas a chothaigh sí: Mangan, Ferguson, agus aistriúchán agus aithris á dhéanamh acu “from the Irish”; na réabhlóidithe, Tomás Dáibhís go háirithe; Yeats, ar ndóigh; agus fiú amháin an Piarsach agus a chuid dánta i mBéarla.
B’iad sin na filí a chruthaigh an “Anglo-Irish stew”, mar a thug Michael Hartnett, nach maireann, air – an stobhach breá úd a chothaigh sinn agus sinn ag fás aníos in Éirinn i lár an 20ú haois. Bhíomar tugtha don gceol freisin, agus don ghlúin a tháinig inár ndiaidh bhí an ceol agus an amhránáiocht níos tábhachtaí fós.
Cé go bhfuil deireadh leis an iar-Ghaelachas liteartha den seandéanamh, leantar ar aghaidh leis na téamaí Gaelacha sa gcultúr coiteann, san ollchultúr Béarla inniu.
Sampla maith ná Enya (Eithne Ní Bhraonáin), an spéirbhean Ghaelach úd a bhfuil clú idirnáisiúnta bainte amach aici lena guth binn agus a hamhráin, an chuid is mó díobh i mBéarla, cuid díobh i nGaeilge.
Dúchas den scoth aici, ach is léir go mbaineann an Ceilteachas aici níos mó le Rí Artúr agus ridirí an Bhoird Chruinn ná leis an bhfíor-Ghaelachas. Taitníonn sin le lucht na hAoise Nua, gan dabht.
Is féidir an t-iar-Ghaelachas a mhargú thar lear, i Sasana, i Meiriceá agus ar fud dhomhan an Bhéarla, ar ndóigh, ach freisin sa Ghearmáin agus fiú amháin sa tSeapáin.
Nílim ag fáil locht air, ach oiread. Ní féidir aon chultúr a thuiscint nó a chur in iúl go hiomlán gan an teanga; ach má theastaíonn ó Ghearmánach, mar shampla, aithne a chur ar an gcultúr Gaelach, an féidir a rá leis “ná bí ag caint ach le daoine a bhfuil Gaeilge acu”?
Is amhlaidh go bhfuil a lán daoine ann in Éirinn atá sáite i gcultúr na tíre agus atá dáiríre leis an dúchas, ceoltóirí traidisiúnta, mar shampla, agus nach bhfuil Gaeilge acu. Caithfear an t-iar-Ghaelachas seo a aithint. Baineann sé le hÉirinn na linne seo.
Deirtear go minic gur chruthaigh na Sasanaigh agus náisiúin eile an “Ceilteachas” dóibh féin gan bacadh leis na Ceiltigh.
Ní mór dúinn a thuiscint gur chuir filí Gaelacha leis an bhfeiniméan liteartha sin, ó Mhac an Phearsain go Tom Moore agus ar aghaidh go dtí Enya, agus go gcuireann siad Ceilteachas nó iar-Ghaelachas ar fáil, ní hamháin don domhan ar fad ach dá muintir iar-Ghaelach féin – ersatzna Gaeilge, mar a déarfá.
Tuigtear dom agus mé ag féachaint ar ais go bhfuil ár bhféiniúlacht, náisiúnachas Éireannach an 20ú haois, ag brath ar an litríocht ersatz seo agus ar an atmaisféar a bhaineann léi, ní ar an dúchas Gaelach féin.
Cruthaíodh an litríocht iar-Ghaelach i mBéarla do Shasana agus do Ghalltacht na hAlban i dtús báire, ach ansin do na Gaeil féin, chun a chur in iúl dóibh gur féidir bheith Éireannach gan bheith Gaelach, nó bheith leath-Ghaelach gan an Ghaeilge.
Tugann an litríocht seo le tuiscint, ag an am céanna, a oiread is atá cultúr an Bhéarla (Sasana san áireamh) ag brath ar an dúchas Ceilteach.
Bhí rath ar an gCeilteachas ós rud é go raibh íogaireacht lucht an Bhéarla réidh dó – réidh d'Oisín, réidh dos na Melodies,réidh do Yeats.
Bhí rudaí áirithe de dhíth ar lucht an Bhéarla, agus fuair siad ó na Ceiltigh iad. Is léir go bhfuil na traidisiúin chultúrtha agus eitneacha “sna hoileáin seo” nasctha le chéile ar bhealach casta go leor.
An “Oileáin Bhriotanacha” nó an “Oileáin Cheilteacha” iad i ndeireadh na dála?
Foclóir na seachtaine seo
aistriúchán- translation
amhrán- song
bás- death
cultúr- culture
cumasach- capable
díoltas- revenge
éadóchas- pessimism
fearg- anger
féiniúlacht- identity
filíocht- poetry
glúin- generation
litríocht- literature
locht- fault
náisiúnta- national
saoirse- freedom
téama- theme
tuiscint- understanding
traidisiún- tradition