Is minic ráite go bhfuil bail i bhfad níos sláintiúla ar an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag ná mar atá ar an Ghaeilge abhus in Éirinn, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.
Tá líon na gcainteoirí dúchais thall níos mó, cluintear Breatnais á labhairt sna sráideanna agus tá Acht Teanga acu a éilíonn caighdeán ard Breatnaise ó fhostaithe de chuid an stáit.
Mar sin féin, ba léir ó léiriú an dráma Ta-Ra Teresa a bhí ar siúl sa Project i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite agus sa Druid i nGaillimh Dé Luain, go mbíonn na ceisteanna céanna á gcur thall faoin cheangal idir teanga agus féiniúlacht náisiúnta agus a bhíonn á gcur anseo nó i dtír ar bith ina bhfuil an mhionteanga dhúchasach i mbaol ó theanga mhór dhomhanda.
Dráma dátheangach a bhí ann sa mhéid is go raibh pearsa amháin ann, fear de bhunadh Éireannach, Johnny Heneghan, nár labhair ach Béarla.
D'fhág sé Learpholl lena iníon óg Adrian chun cur faoi sa Bhreatain Bheag agus cé gur sealbhaigh sise Breatnais go gasta ó na páistí eile ar scoil thuig a hathair gur coimhthíoch a bheadh ann i gcónaí siocair gan Breatnais bheith aige.
Breatnais a labhair na pearsana eile sa dráma ach chun cuidiú leis na daoine sin sa lucht féachana nach raibh an teanga sin acu bhí aistriúchán comhuaineach ar scáileán taobh thiar den stáitse agus ó am go chéile nuair a bhí pearsa ag cur síos ar eachtra a tharla bhí an eachtra chéanna le feiceáil ar an scáileán.
File is ea údar an dráma, Aled Jones William, agus bhí caint an triúr Breatnaiseoirí ann lán de shiombalachas a bhí deacair uaireanta a thuiscint.
D'aithneodh muintir na tíre seo cuid den reitric náisiúnta a tháinig ó bhéal an fir óig, Robat Hefin, agus an t-ionannú a rinneadh go minic sa dráma idir tír agus corp mná ach mura mbeadh a fhios agat gur baile é Tryweryn i dtuaisceart na Breataine Bige, ar díbríodh an pobal Breatnaiseoirí as chun uisce a chur ar fáil do mhuintir Learphoill, ní thuigfeá ciall na dtagairtí don logainm sin sa dráma.
Ach do dhuine ar bith a bhfuil suim aige i socheolaíocht teanga bhí neart ábhar machnaimh ann agus cuid mhór le foghlaim ag lucht amharclainne abhus faoi sheifteanna chun cuidiú le lucht féachana nach dtuigeann an teanga scéal dráma a leanúint.
Beidh Aled Jones Williams ar ais i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn chun labhairt faoina chuid oibre.