Tuarascáil:Tugann Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, cáipéis a d'fhoilsigh an Rialtas an tseachtain seo caite, léargas duairc ar chás na Gaeilge sa Ghaeltacht: "Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliain agus scór bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht..."
Dúirt an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, go raibh an tuarascáil "nótáilte" ag an Rialtas. D'fhógair sé go mbunódh sé coiste comh-aireachta le scrúdú a dhéanamh ar a cuid moltaí. Ba mhian leis go dtiocfadh an coiste ar phlean gníomhaíochta comhtháite comhaontaithe, taobh istigh de 12 mí, le todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú.
Ba iad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, a d'ullmhaigh an tuarascáil. Molann an cháipéis gur cheart go mbeadh trí chineál cheantar Ghaeltachta ann: catagóir A, B agus C. B'ionann Catagóir A agus ceantar a mbeadh os cionn 67 faoin gcéad den phobal ag labhairt Gaeilge go laethúil ann; Catagóir B, ceantar a mbeadh idir 44 agus 66 faoin gcéad den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge agus Catagóir C, ceantar a mbeadh daonra faoi bhun 44 faoin gcéad ag caint Gaeilge go laethúil ann.
Tugann an staidéar le fios go bhfuil bearna idir dearcadh agus cumas teanga daoine óga. Is é "an teaghlach a chruthaíonn an cainteoir dúchais, ach is é an comhthionól pobail a chothaíonn an comhthéacs ina dtagann forbairt agus buanú teanga ar an gcéad ghlúin eile.
"Léiríonn an fhianaise thuas faoi iompar teanga na ndaoine óga nach bhfuil ag éirí leis an idirchaidreamh idir an ghlúin reatha tuismitheoirí, an córas oideachais sa Ghaeltacht agus institiúidí eile Gaeltachta glúin nua cainteoirí gníomhacha Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht..." Oll-láithreacht an Bhéarla ba chúis leis an teip sin.
Ar na príomhchuspóirí a bheadh le baint amach leis an Ghaeilge a shlánú, bheadh: tús áite a thabhairt do cheantair Ghaeltachta de chatagóir A;
• tacú leis na gréasáin aitheantais agus institiúidí i gcatagóirí B agus C;
• lánúineacha óga Gaeltachta a spreagadh lena gclann a thógáil le Gaeilge;
• dul i gcion ar aos óg na Gaeltachta le húsáid na Gaeilge ina measc a neartú;
• straitéis chomhtháite phleanála teanga a shocrú do na príomheagraíochtaí Stáit sa Ghaeltacht agus
• straitéisí forbartha eacnamaíochta teangalárnaithe a aimsiú do na limistéir Ghaeltachta.
Chuige sin, molann an tuarascáil plean teanga do gach limistéar Gaeltachta agus meicníocht reachtúil a aimsiú a dhéanfadh idirdhealú idir na cineálacha éagsúla pobail teanga.
Bhí Éamon Ó Cuív fuar go leor i dtaobh na tuarascála. Dúirt sé gur thug an Rialtas aird uirthi ach nárbh ionann sin agus a rá go raibh siad ag teacht le gach ar moladh inti: "Tá sé cóir a rá, áfach, go raibh bás na Gaeilge á thuar cheana san am atá caite. Agus é ag scríobh thart ar 150 bliain ó shin, dúirt scríbhneoir amháin gan ainm "as to the Irish language, toleration and patronage have come too late, it cannot be saved alive by any human power".
"Níor mhór breathnú freisin ar an staidéar mionsonraithe a rinneadh ar an nGaeilge i 1950. Measadh i 1947 nach raibh ach 35,000 duine sa Ghaeltacht ag úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga labhartha.
"Léiríonn na figiúirí is déanaí atá ar fáil ón daonáireamh go bhfuil 22,000 duine ag úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil sa Ghaeltacht taobh amuigh den chóras oideachais.
"Mar sin, cé go raibh meath le 60 bliain anuas sa Ghaeltacht, bhí an-teacht aniar inti freisin, agus creideann an Rialtas seo má ghlactar na céimeanna cuí gur féidir leis an nGaeltacht leanúint ar aghaidh agus feidhmiú mar ghné ríthábhachtach de chur chun cinn na Gaeilge ar fud na tíre."
Bhí sé tábhachtach, a dúirt sé, go mbreathnófaí ar an Ghaeltacht i gcomhthéacs náisiúnta. Tobar na Gaeilge a bhí inti ag go leor daoine taobh amuigh dá teorainneacha agus tionchar ag an cheantar ar dhaoine dá bharr sin:
"Tuigtear dúinn freisin go bhfuil éifeacht mhór ag an meon atá ag daoine taobh amuigh den Ghaeltacht i leith na Gaeilge ar an meon atá ag daoine taobh istigh den Ghaeltacht ina leith. Ní féidir an dá rud sin a scaradh óna chéile."
aitheantasrecognition - cumasability - dearcadhoutlook
gníomhachactive - laethúildaily - scéimscheme