TÁ TRÉIMHSE “éiginnte” roimh lucht na 19 eagras bunmhaoinithe atá faoi chúram Fhoras na Gaeilge agus impleachtaí tromchúiseacha dá gcuid oibre faoi athruithe nua maoinithe atá anois á gcur i bhfeidhm ag an Fhoras.
Bhí cruinniú ag an Fhoras leis na heagrais – eagrais atá freagrach as raidió pobail, cúrsaí óige, ranganna oíche agus forbairt teanga sa phobal – Dé hAoine 12ú Feabhra le “samhail nua maoinithe” a phlé leo.
Dúirt an Foras leis na heagrais go mbeadh a mbunmhaoiniú cinntithe go dtí deireadh mhí an Mheithimh agus nach mbeadh aon chinnteacht ann de bharr treoir nua ón Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) don tréimhse ina dhiaidh sin. Go dtí go dtagann an treoir sin ón CATT tá sé i gceist ag an Fhoras breathnú ar an bhunmhaoiniú ar bhonn míosúil.
Dúirt ionadaí amháin san earnáil dheonach gur “feall damanta” a bhí sa treoir seo ón CATT “tar éis a raibh de chomhphlé idir an Foras agus na heagrais maidir leis an ábhar”. Dúirt sé go raibh na heagrais ag comhoibriú leis an Fhoras le tamall le teacht ar mhúnlaí nua le hobair na Gaeilge sa phobal a dhéanamh níos éifeachtaí agus go raibh plé acu le comhairleoirí an Fhorais, le coiste athbhreithnithe agus d’fhreagair siad ceistneoir de chuid an Fhorais.
Chuir siad a gcuid iarratas ar mhaoiniú 2010 chun an Fhorais Deireadh Fómhair 2009 agus dúradh leo nach ndéanfaí cinneadh go dtí mí an Mhárta 2010 agus gur chóir feidhmiú ar bhonn laghdú 10 faoin gcéad: “Gan choinne nó réamhfhógra, ag cruinniú ar an 2 Nollaig 2009 ghlac an CATT le moladh a thug treoir don bhForas athchóiriú a dhéanamh ar mhaoiniú na n-eagras agus go gcaithfeadh an córas nua teacht i bhfeidhm faoi lár na bliana 2010.”
Cuireadh na heagrais ar an eolas faoi seo i litir ag tús mhí Feabhra: “Ag an gcruinniú le bainistíocht an Fhorais ar an 12ú Feabhra, chuir an Foras in iúl gur ag déanamh moltaí le CATT a bheadh siad faoi lár na bliana agus ní ag feidhmiú chóras nua. Ábhar sásaimh do na heagrais an méid sin,” a dúirt sé.
Bhí cruinniú ag bord an Fhorais Dé hAoine seo caite leis an cheist a phlé. Dúirt urlabhraí thar a gceann go raibh “cruinniú dearfach” acu leis na heagraíochtaí maidir le todhchaí na hearnála roimhe sin agus d’iarr an Foras ar na heagraíochtaí moltaí a chur le chéile maidir leis an todhchaí. Tá grúpa bunaithe acu leis na moltaí a chruinniú agus beidh beirt bhall ó na heagrais ar chruinnithe de Choiste Forbartha an Fhorais.
Bíodh an cruinniú “dearfach” nó ná bíodh, is léir imní mhór bheith ar go leor daoine san earnáil dheonach. Dúirt ionadaí ó eagras eile gur tráth thar a bheith “éiginnte” a bhí ann do na grúpaí teanga.
Dúirt sé go mbeadh impleachtaí ann do chúrsaí fostaíochta ag mórán daoine nó bheadh siad ag brath ar dheontas míosúil dá dtuarastal agus ní ar chonradh bliana féin.
Lena chois sin, bhain éiginnteacht le ceapadh chóras nua maoinithe – rud a chiallaigh go raibh éiginnteacht cheana féin faoi phleananna 2011.
Agus an tuairisceoir ag caint le hionadaí ó eagras eile faoina raibh i ndán dá cuid oibre, dúirt sí go simplí: “Ag Dia atá a fhios.”
Athchoimisiniú
CUIREADH tús inné leis an dara tréimhse ag Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga nuair a shínigh an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa barántas oifigiúil ag ceadú an cheapacháin, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.
Tugadh tacaíocht traspháirtí do rún an Rialtais go ndéanfaí an t-athcheapachán nuair a pléadh é sa Dáil, sa Seanad agus ag cruinniú den Choiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Tuaithe agus Gaeltachta.
Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh an chosúlacht ar an díospóireacht ag an gcruinniú den choiste Oireachtais an tseachtain seo caite go raibh “prionsabail agus polaitíocht na comhthola ag teacht i dtreise” maidir le cur chun cinn na teanga,
“Ba chosúil go raibh na baill as na páirtithe éagsúla ag iarraidh gur le comhoibriú seachas i gcoimhlint le chéile a chuirfí polasaí teanga chun cinn, san áireamh obair na hoifige againne, an straitéis 20 bliain, forbairt TG4 agus Raidió na Gaeltachta, gaelscoileanna agus mar sin,” a dúirt Ó Cuirreáin. Dúirt sé gur “onóir agus pribhléid” a bhí ann bheith athcheaptha ina choimisinéir.
Idir an dá linn, rialaíodh san Ard-Chúirt Dé hAoine seo caite go gcaithfidh an Stát cáipéisí a chur ar fáil mar chuid de chás atá á thógáil maidir le cinneadh Rialtais breitheamh nár léir a chumas gnó na cúirte a reáchtáil trí Ghaeilge a chur ar dualgas i ndúiche a chuimsíonn limistéar Gaeltachta.
Dhiúltaigh an Breitheamh Clarke d’argóint an Stáit nach raibh na cáipéisí atá i gceist “ábharthach” nó nach ar leas an phobail a bheadh sé dá gcuirfí ar fáil iad.
Maíonn an t-iarratasóir sa chás seo gur sháraigh an Stát a n-oibleagáidí reachtúla maidir leis an nGaeilge nuair a cinneadh an Breitheamh Zaidan a chur ar dualgas i nDúiche Uimh. 1 (Dún na nGall). Ina bhreithiúnas, dúirt an Breitheamh Clarke go raibh sé tábhachtach a rá nach síneann an follasú a lorgaítear sa chás seo chuig aon cheist a bhaineann le tuillteanas cheapachán an Bhreithimh Dúiche Zaidan chuig Dúiche Uimh. 1, seachas na ceisteanna a bhaineann le ceapachán breithimh a bhfuil an leibhéal “reachtúil” Gaeilge aige nó aici chuig dúiche ina bhfuil ceantar Gaeltachta ann. Dúirt an breitheamh nach raibh an t-iarratasóir ach ag lorg cáipéisí a bhain leis an gceist faoi cé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon an Rialtas “sách maith” an dualgas atá air faoi Alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais (1924).
Eagarthóir nua
IS É Ciarán Dunbar, (32), atá ceaptha ina eagarthóir ar an nuachtán nua, Gaelscéal agus tá an chéad eagrán den pháipéar le foilsiú Dé hAoine, 26ú Márta.
Ag caint leis an cholún seo as oifig Gaelscéal i nGaillimh inné, dúirt Dunbar gur thuig sé go raibh dúshlán roimhe agus freagrach air nuachtán den scoth a chur ar fáil.
Bhí “tréan tacaíochta” ar fáil don fhiontar nua bíodh is, a dúirt sé, “go raibh an chuma air go raibh easpa taithí ann ach tá crann taca ann”. Bhí “tréan le déanamh agus tréan déanta”.
Dúirt sé gur “thit sé isteach” san iriseoireacht. Chaith sé seal ag obair le Tionscadal na Logainmneacha ar Ollscoil na Ríona, seal ag obair i gcúrsaí dlí agus bhí saoririseoireacht déanta aige do nuachtáin agus raidió.
Mar a tharla, ní raibh sé ach dhá lá ar ais in Éirinn agus é ag caint leis an cholún. Tá cúig mhí go leith caite aige san Iodáil, tír dhúchais a pháirtí saoil agus áit a tháinig a leanbh ar an saol trí mhí ó shin. Tá siad le teacht go hÉirinn ar ball.
Idir an dá linn, beidh babaí eile ann darb ainm Gaelscéal le Dunbar a chur ó chodladh na hoíche.
ábharthach relevant – bainistíocht management – breithiúnas judgment – cáipéis document – ceapachán appointment – deonach voluntary – dualgas duty – earnáil sector – éiginnte uncertain – fíoras fact – iarracht attempt – maoiniú funding – todhchaí future – tromchúiseach important