Ní fhaca mé litir uait ar an Irish Times le fada," arsa duine éigin liom an lá cheana. "Is fíor dhuit," a deirimse, a scríobhann Gabriel Rosenstock.
"Conas san?" ar seisean.
"Níl tuairim agam!" arsa mise.
Táim den tuairim go mbronntar stádas ró-ard ar an tuairim. An tuairim a bhí agam anuraidh, nó deich mbliana ó shin, cá seasann an tuairim sin anois?
Ní mheánn sí brobh mar thuairim. Ní hann di, a dhuine chóir. D'imigh leá chúr na habhann uirthi. Agus bhíos chomh cinnte sin gur tuairim mhaith mhacánta ab ea í ag an am, tuairim a raibh tathag ag baint léi.
Is sláintiúil an ní é, dar liom, dul siar ar do chuid tuairimí. Má fhaigheann tú amach nach raibh bonn ceart riamh fúthu, beidh tú i bhfad Éireann níos coigiltí leo amach anseo.
Sea, bí spárálach leis na tuairimí agus féadann tú bheith fial lena bhfuil fágtha.
Cad is tuairim ann? "Pictiúr san aigne," arsa An Foclóir Beag (Gaeilge-Gaeilge).
N'fheadar conas a tháinig siad ar an sainmhíniú sin nó cad a bhí á ithe nó á ól ag an bhfoclóirí ag an am. Pictiúr san aigne? Rud eile ar fad atá i bhfoclóir Béarla Chambers: "what seems to one to be probably true..."
An mbeifeá ag teacht leis an tuairim sin, rud a fheictear dúinn nó a shamhlaítear dúinn a bheith fíor, nó a d'fhéadfadh a bheith fíor?
Tá an Duinníneach ar fheabhas, mar is gnách: "an opinion, a guess, an idea, an aim; a shade, a shadow..."
Bíonn tuairim ag gach éinne faoi gach aon ní ar na saolta seo. Agus bíonn daoine áirithe ag tuairimíocht leo ar mhaithe le bheith ag tuairimíocht. Saghas galair is ea é dáiríre.
Ceist na teanga? Ní bheidh deireadh go deo léi agus feicim go bhfuil scata paimpfléidí tagtha ar an saol le déanaí chun tacú le tuairim amháin nó tuairim eile.
Ceist na hIaráice? Cúrsaí inimirce? A Mhaighdean go deo! Tuairimí tuairimí! Déarfadh daoine áirithe gur tuairimíocht atá ar siúl agamsa anseo. Bhuel, ní bheimis ar aon tuairim faoin méid sin ach an oiread.
Ná haithris gach ní a bhfeictear duit, a deirtear. Caithfear an nath sin a thuiscint i gceart agus gníomhú dá réir. Is minic barúil á nochtadh againn ar barúil dara láimhe í dáiríre. Is minic, go deimhin, nach mbíonn san oipineon againn ach dúirse dáirse.
An féidir maireachtaint gan tuairimí a bheith againn nó, ar a laghad ar bith, an féidir gearradh siar ar ár gcuid tuairimí, faoi mar is gá gearradh siar ar dheochanna meisciúla nó ar mhearbhia, cuir i gcás?
Cad a bheadh fágtha againn dá gcaithfimís amach na tuairimí atá againn?
Sa chéad áit, is lú coimhlint a bheadh sa saol, an fhéinchoimhlint san áireamh. Bain triail as: nuair a bhraitheann tú tuairim láidir éigin ag foirmiú ionat, lig di. Ná tabhair aon aird uirthi. Dein rud éigin eile. Nigh na gréithe. Cum haiku. Dein gáire. Stán ar scamall. Seans maith go n-imeoidh an scamall. Seans maith go n-imeoidh an tuairim.
Cuir an raidió ar siúl nó scrúdaigh an nuachtán seo agus gheobhaidh tú amach go bhfuil éileamh neamhchoitianta ag an gcoitiantacht ar thuairimí.
Agus is cinnte go roghnaíonn na heagarthóirí a gcuid colúnaithe - agus na scríbhneoirí sin i gcodarsnacht lena chéile ó thaobh na tuairimíochta de - díreach ar mhaithe le conspóidí a ghiniúint.
Tuig i gceart mé, nílim ag cur in aghaidh obair na hintleachta. Tá obair na hintleachta tábhachtach; ach b'fhéidir gurb é an chuid is tábhachtaí den obair sin ná an féinfhiosrú.
Cé mé? Conas go bhfuil na tuairimí áirithe seo agam? Cá bhfuaireas iad mar thuairimí? An iad tuairimí mo thuismitheoirí iad, tuairimí mo mhúinteoirí - nó an é glanmhalairt na seantuairimí úd atá anois agam mar gur chuireas i gcoinne a raibh á bhrú orm?
Má dhiúltaíos do na seantuairimí sin a bhí ag daoine eile, nach bhfuil sé in am agam cur i gcoinne mo thuairimí féin anois? Nach tuairimí stóinsithe calctha iad faoin am seo?
Bhí an-nath ag Aindrias Ó Muimhneacháin: "Is é mo thuairim féin - agus tuairim an tSeabhaic, ar ndóigh..."
N'fheadar cad a shíl an Seabhac den obair sin ar fad.
Féach, dá réiteoinnse béile neamhshlachtmhar dhuit ní bheifeá i bhfad ag nochtadh drochbharúla ina thaobh; ach dá mba ocrachán a bhí ionat thabharfá slogadh na lachan dó, nach dtabharfá? Thabharfá, ambaist, is é a alpadh siar tur te gan chuimhneamh. Ní thuigeann an sách an seang, a deirtear. Mar sin, an bolg a bheith lán nó folamh a mhúnlódh do thuairim faoin mbia a chuirfí os do chomhair.
Ceist. Cén fáth cloí chomh docht sin le tuairimí más féidir an bonn a bhaint díobh chomh héasca sin? Dhathódh do mheon, leis, na tuairimí atá agat. Ach an tusa do mheon?
Tá tú in aghaidh an fhoréigin, a deir tú? Go breá. Táimse leis. Ach an mbréagnófá an tuairim sin in am an ghátair?
Conas a bhraithfeá dá mbeadh scian le do scornach? An mbeifeá ar nós George Harrison bocht nuair a briseadh istigh sa tigh aige agus é ag iarraidh an t-ionsaitheoir a cheansú le mantra gan éifeacht?
Nó an mbeifeá ag cuimhneamh - gan chuimhneamh, b'fhéidir - ar an bhfrithbhuile ab éifeachtaí a tharraingeofá ar an namhaid chun tú féin a chosaint? An fíorshíochánaí, nach mbeadh sé den tuairim nach bhfuil a leithéid de rud ann agus namhaid?
Nach mó ná tuairim í sin? Nach seasamh é a bhréagnaíonn gach saghas tuairime agus a chuireann deireadh le gach saghas coimhlinte?
Dá mbeinnse chun agallamh a chur ort amárach, seans maith gur mhaith leat tuairim a bheith agat roimh ré cad iad na ceisteanna atá le cur agam ort i dtreo is go mbeadh aga agat ar chúpla freagra a ullmhú.
Is ionann sin is a rá nach n-athróidh tú do chuid tuairimí idir seo agus am an agallaimh. "Ach," arsa tú, "ní intinn luaineach atá agamsa. Ní duine guagach mé. Ní athraímse m'aigne ó lá go lá." Bhuel, a dhuine, tá m'aignese athraithe anois agam.
Nílim chun agallamh a chur ort; má tá na freagraí ullamh agat, ní thiocfaimid ar an bhfírinne go brách. Bíonn gá le spontáineacht chun teacht ar an bhfírinne. Ní féidir an fhírinne a phróiseáil ná a ullmhú roimh ré agus tá cúis an-simplí leis sin, is é sin le rá go bhfuil an domhan ag síorathrú.
An neomat atá chugainn ní raibh sé riamh ann cheana ná an neomat ina dhiaidh sin, gan dabht. Conas is féidir ullmhú le haghaidh rud nach bhfuil ann?
"Ach," arsa tú, "tá fírinní áirithe ann nach n-athraíonn, fírinní atá buan." D'fhéadfadh san a bheith fíor ceart go leor ach cad is fiú iad a chur de ghlan mheabhair?
Ní féidir fírinne ar bith a bhreacadh síos mar réamhfhreagra mar nár scríobhadh an páipéar scrúdaithe fós, an dtuigeann tú.
Go hachomair, an chéad tuairim eile a bheidh agat, fiafraigh díot féin cad as di. An tuairim í a bhí go mall ag teacht chun cinn - nó cad is ceartfhoinse na tuairime sin sa chéad áit?
Tá sé nádúrtha go raghfaí trí Thréimhse na Tuairimíochta - agus uaireanta bíonn sé an-chorraitheach mar thréimhse.
Dul tríd. Teacht as. Mar is sifil seaifil go leor de agus cur amú fuinnimh. Tá bealaí eile ann chun brí a bhaint as an saol.
Caith amach na tuairimí sin a phlódaíonn an aigne agus féach cad a tharlóidh nuair a thabharfaidh tú spás duit féin.
Deacair? Millteach deacair, a dhuine, mar is dóigh leat gur "leatsa" é troscán na dtuairimí atá agat agus ní mian leat scaradh le cuid lárnach den fhéiniúlacht agat, le sainchomharthaí na pearsantachta.
Tá cabhair ar fáil. Saoi mór Éireannach ab ea Wei Wu Wei. Saoi dearmadta, dearmadta ina thír dhúchais ar aon nós. Ach bhí a leithéid ann, ar mo leabhar! (Ceadaigh an tIdirlíon mura gcreideann tú mé).
I measc na dteideal atá againn uaidh tá Ask the Awakened, Why Lazarus Laughed agus Fingers Pointing Towards the Moon.
Ach dáiríre, ní gá dhuit Wei Wu Wei a léamh. Is leor teacht ar an tuiscint nach "leat" iad do chuid tuairimí agus nach iad an chuid is luachmhaire díot iad pé scéal é, ná baol air! Croith do ghuaillí feasta in áit tuairim ghrod a chaitheamh.
Is iad an leabhar taistil Ólann mo Mhiúil as an nGainséis (CIC) agus an leabhar filíochta Krishnamurphy, Ambaist'! (Coiscéim) andá leabhar is déanaí ón údar.