Agus Bille na dTeangacha Oifigiúla le bheith os comhair na Dála amárach agus an tSeanaid arú amárach don uair dheireanach, leanann an díospóireacht ar aghaidh i measc lucht na Gaeilge faoi éifeacht na reachtaíochta.
Tá litir oscailte seolta ag Cumann Cearta Sibhialta Ghaeltacht Chorca Dhuibhne chuig Uachtarán na hÉireann, gach Teachta Dála agus Seanadóir ag iarraidh orthu gan an Bille a rith.
Ach tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, lárchomhairle phobal na Gaeilge, ag cur fáilte roimh an reachtaíocht, cé nach bhfuil sí chomh láidir agus a ba mhian leo.
Scríobhann lucht sínte na litreach - Páidí 'Mhárthain' Mac Gearailt, Tomás Mac Síomóin, Áine Nic Gearailt, Nuala Ní Dhomhnaill, Colette Ní Mhoitleigh, Gearóid Ó Cléirigh, Risteárd Ó Glaisne, Pádraig Ó hÉalaí, Pádraig Breandán Ó Laighin, Pádraig Ó Snodaigh agus Liam Prút - go ndéanfaidh an Bille dochar do chearta lucht na Gaeilge.
Scríobhann siad go bhfuil ceart ag saoránach cumarsáid a dhéanamh leis an Stát sa phríomhtheanga oifigiúil. Creideann an cumann go bhfuil an ceart sin i mbaol anois: "Má ghlactar leis an mBille seo, beidh ceart dlíthiúil ag an Stát seirbhísí áirithe a chur ar fáil trí mheán an Bhéarla amháin, mar aonteanga, do mhuintir na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge. Bheadh feidhm bhunreachtúil, faoi Airteagal 8.3, á tabhairt do chleachtais atá forleathan i measc na bhforas Stáit cheana féin."
Ceadaíonn Airteagal 8.3 den Bhunreacht don Stát "socrú a dhéanamh le dlí d'fhonn ceachtar den dá theanga oifigiúla "a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó aon ghnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de" ."
Ní sásta atá an cumann leis an dóigh a bhfuil an Rialtas ag baint úsáid as an airteagal céanna: "Sílimid go bhfuil an fhoráil seo den Bhunreacht á mí-úsáid sa reachtaíocht teanga atá beartaithe ag an Rialtas. Chuirfeadh an tAcht deireadh le huileghabhálacht na ndualgas atá ar an Rialtas maidir le stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar phríomhtheanga oifigiúil."
Tá an chontúirt ann go mbainfear úsáid as an alt le cearta teanga a shéanadh ar lucht na Gaeilge. Níorbh é sin cuspóir an airteagail riamh: "Cuireadh ann í le tabhairt le fios d'aontachtaithe an Tuaiscirt go bhféadfaí ceart dlíthiúil a thabhairt dóibh, i dtír athaontaithe, gnóthaí áirithe a dhéanamh trí mheán an Bhéarla amháin i gceantair áirithe, dá mba mhian leo é."
Tugann an cumann le fios gur "sárú Bunreachta, agus gur gníomh náireach a bheadh ann, Airteagal 8.3 a úsáid chun deireadh a chur le dualgais áirithe an Stáit i leith na teanga náisiúnta, agus chun baint ó chearta teanga an tsaoránaigh. Iarraimid ar an Oireachtas gan a leithéid a cheadú."
Ní hionann an tuigse atá ag an Chomhdháil ar an reachtaíocht. Bhí "míle fáth" ann gur cheart an reachtaíocht a rith, a dúirt urlabhraí. Ní raibh "aon Bhille le bheith mar a ba mhaith linn é" ach ní raibh tada ann "a dhéanfadh dochar dár gcearta faoin mBunreacht. Ní féidir le haon Acht ár gcearta a shárú faoin mBunreacht. Thitfeadh sé."
Ní bhíonn reachtaíocht ar bith foirfe agus dá mba rud é gurbh í an Chomhdháil féin a scríobh, ba láidre arís í. Mar sin féin, bhí an t-eagras "sásta" lenar baineadh amach.
Ba "bua" í an reachtaíocht do lucht na Gaeilge sa mhéid is gur thug sí feidhm dhlíthiúil do na cearta Bunreachtúla a bhí le fáil go teoiriciúil.
Rinne an t-urlabhraí trácht do bhreithiúnas an Bhreithimh Hardiman a thug le fios tá dhá bhliain ó shin gur ghá don Stát dlíthe a chur ar fáil i nGaeilge.
Níor tharla a leithéid go fóill. Ach thug an tAcht faoin fhadhb sin a leigheas, a dúirt sé.
Lena chois sin, bhí ranna Stáit agus comhlachtaí poiblí ag cur seirbhísí ar fáil i mBéarla amháin sa Ghaeltacht faoi láthair. Ní leanfaí leis sin faoin reachtaíocht nua.
Ní ghlacfaí le plean ar bith feasta gan riachtanais Ghaeilge na Gaeltachta a chur san áireamh.
Bhí sé ag súil le tuilleadh leasuithe ar an reachtaíocht amárach. Ach "dá dhonacht" an Bille, bhí an reachtaíocht "i bhfad Éireann níos láidre" anois ná mar a bhí sí sular thosaigh na heagrais Ghaeilge agus daoine aonair ag plé leis an ábhar.
"An dúshlán mór atá romhainn anois a chinntiú go gcuirfí na seirbhísí ar fáil agus go mbainfear leas astu," a dúirt sé.
Iaráic in anchás
Le beagnach bliain anois tá glór an amhránaí sean-nóis, Treasa Ní Cheannabháin, le cluinstin go rialta ar an chlár maidine, Cúrsaí an Lae, ar Raidió na Gaeltachta, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.
Ach ní ag caint faoin amhránaíocht a bhíonn sí ach faoi chás Arabaigh na Palaistíne agus na hIaráice. Dé Sathairn seo caite san Ionad Buail Isteach, Sráid Essex, Baile Átha Cliath, thug sí caint suimiúil spreagúil faoi chás na hIaráice, í bunaithe ar thuairiscí nuachta na gcainéal Arabach teilifíse, Al Jazeera agus Al Menar.
Tá sí pósta ar Éigipteach agus iad ina gcónaí i gcathair na Gaillimhe. Cé go mbíodh a fear céile ag caint go minic faoin leatrom a bhí agus atá á dhéanamh ag an Iosrael ar mhuintir na Palaistíne níor thuig sí féin i gceart méid a bhfulangtha go dtí gur cheannaigh sé mias saitilíte a chuir ar a gcumas cláracha na stáisiún teilifíse Arabach a fheiceáil.
Chuaigh a bhfaca sí faoin leatrom a bhí á dhéanamh ar na Palaistínigh go smior inti, go mórmhór an t-ionsaí a rinne saighdiúirí Iosraelacha i 2002 ar an séipéal i mBeithil, a raibh grúpa Palaistíneach ar tearmann ann.
Spreagadh chun gnímh í agus bhunaigh sí féin agus daoine eile Cumann Dlúthpháirtíocht Éireann agus na Palaistíne. Ba é an chéad imeacht a reáchtáil siad agóid in éadan an taispeántas eitleán cogaidh a cuireadh ar siúl os cionn Chuan na Gaillimhe mí Iúil seo caite mar chuid d'Fhéile Ealaíon na Gaillimhe: "Is iad na heitleáin chogaidh chéanna sin atá ag buamáil muintir na Palaistíne agus na hIaráice."
Is faoi chúrsaí na Palaistíne a thosaigh sí ag caint ar RnaG an samhradh seo caite ach nuair a thosaigh an cogadh san Iaráic tugadh cuireadh di tuairisc rialta a thabhairt ar a raibh le feiceáil ar na cainéil Arabacha faoi. Ba mhór an difear idir na pictiúir a bhí ar na cainéil seo agus na pictiúir a bhí á gcraoladh ag CNN, an BBC nó fiú RTÉ.
Thaispeáin sí roinnt fístéipeanna dá lucht éisteachta Dé Sathairn chun sin a léiriú. Chonacthas pictiúir den mharú uafásach a rinne na cnuasbhuamaí le linn agus i ndiaidh an chogaidh, de dhochtúirí in ospidéil ag iarraidh cóir leighis a chur ar othair agus gan uirlisí cearta acu, den scrios a rinneadh ar thithe na ngnáthdhaoine.
Mar fhotheideal in Araibis agus i mBéarla faoi phictiúr de leanbh nó ghasúr nó bhean a maraíodh bhí ráiteas a rinne ceannfort de chuid arm na Stát Aontaithe faoi chruinneas na n-arm a bhí in úsáid ag na comhghuaillithe.
Anois atá an cogadh ag tosú i gceart, a dúirt sí. Tá na hIarácaigh chomh feargach sin le saighdiúirí Meiriceánacha as a bheith ag briseadh isteach ina dtithe agus iad in ainm is a bheith ag cuardach lucht leanúna Saddam Hussein.
Dá dhonacht agus a bhí rudaí roimh an chogadh nuair a bhí na smachtbhannaí i bhfeidhm is measa anois iad, a dúirt sí.
Roimh an chogadh bhí 40 faoin gcéad den uisce san Iaráic inólta. Anois níl uisce ar bith inólta agus tá séarachas ar fud na sráideanna agus seo i gceann de na tíortha is saibhre ar domhan. Chonaic sí pictiúir le déanaí ar Al Jazeera de líne fada tanceir mhóra ola agus iad ar a mbealach go Cuáit. Fiú na Moslamaigh Shia a bhí faoi chosc le linn réimeas Saddam tá siad ag cur in éadan na Meiriceánach.
I gCatar atá an stáisiún Al Jazeera lonnaithe, áit a bhfuil bunáiteanna ag na Stáit Aontaithe. Ba é tuairim an chainteora go raibh cinsireacht á déanamh air le mí nó mar sin anuas.
Sa Liobáin atá Al Menar lonnaithe. Chuir an dá stáisiún seo brú ar na stáisiúin teilifíse tuairisc níos cothroime a thabhairt ar an chogadh ná mar a bhí á dhéanamh acu ag an tús.
Gradam Gabriel
Agus comhghairdeas le Gabriel Rosenstock, file, as an dara duais (roinnte) sa rannóg idirnáisiúnta de Chomórtas Haiku Mainichi a bhaint. Seo an seachtú bliain don chomórtas seo bheith ar siúl agus cuireann daoine fud fad na cruinne iarrachtaí isteach air.
Seo agaibh a espresso éigse:
ag sciorradh thar ghoirt na maidine
beireann ga gréine
ar mhún an ghiorria