Beocheist: Travelling across the Pacific affords one the opportunity to think about life, writes Torlach Mac Con Midhe.
Tá mé ag taisteal ar eitleán thar an Aigéan Ciúin. An turas seo ó Los Angeles go hAuckland, tógann sé 12 uair an chloig. Téann an t-eitleán thar an aigéan féin. Ní fheictear talamh, tír ná oileán, ón am a bhfágtar cósta Iarthar Mheiriceá go dtí an t-am a dtagann an t-eitleán isteach sa Nua-Shéalainn dhá lá ina dhiaidh, de réir an fhéilire. Deich míle ciliméadar atá sa turas seo ar fad.
Is ar éigean atáimid amuigh ar an fharraige go dtiteann an oíche. As sin amach ní fheicim mórán ó fhuinneog an eitleáin. Lán na gealaí in airde sa spéir os ár gcionn. Sciathán an eitleáin féin.
Cúpla réalt agus na scamaill i bhfad thíos fúinn. Ní fheictear an duibheagán féin, ach is féidir é a shamhlú gan deacracht: na tonnta móra dorcha, gan talamh le feiscint i dtreo ar bith.
Táimid i bhfad ó thalamh slán anois. Tá sé ródhéanach dúinn chun dul ar ais. Caithfimid leanúint ar aghaidh agus tá an chuid den bhóthar atá romhainn chomh fada leis an gcuid den bhóthar atá taobh thiar dínn.
D'fhéadfadh an dorchadas agus an duibheagán sinn a shlogadh agus ní bheadh tásc ná tuairisc orainn arís go deo.
Tá mé féin cleachtaithe go leor le taisteal ar fud an domhain. Ach cuireann an turas seo uaigneas orm. Tá an t-aigéan ollmhór agus an t-aistear fada.
Tá an t-eitleán mór atá ár n-iompar chomh beag i gcomparáid leis an aigéan thíos agus spéir na hoíche thuas.
Ní haon ionadh na laethanta seo go mbeadh duine ag smaoineamh ar an mbaol a bhaineann le taisteal in eitleán. Níl an saol chomh cinnte is a bhí tráth. Ní bhíodh imní ar bith ormsa riamh agus mé ar aerthuras.
Ach anois caithfidh mé smaoineamh ar bhaol an bháis agus mé ag taisteal. Ag dul isteach san eitleán dom, cheapas liom féin: b'fhéidir nach mbeidh mé ar ais; b'fhéidir nach sroisfidh mé an Nua-Shéalainn ar chor ar bith.
Chuirfeadh smaointe mar sin uaigneas ar dhuine. Ach ní hé sin amháin atá i gceist agam agus trácht agam ar uaigneas.
Séard is uaigneas ann ná eagla nó míshuaimhneas a thagann ar dhuine agus é in áit iargúlta, mar shampla, nó i seanteach nach bhfuil éinne eile ina chónaí ann.
Ansin, ní gá don duine ach bheith i measc na ndaoine arís agus imeoidh an t-uaigneas. Ach tá uaigneas ormsa agus cúpla céad duine ar bhord liom.
Is amhlaidh go bhfuil an dream eile ar bord chomh caillte liom féin amuigh anseo ar an aigéan. Cad a choinníonn slán ón duibheagán thíos sinn?
Na focail a thagann isteach i mo chuimhne féin anois ná iad seo: "Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar, an ré agus na réaltaí a rinne tú cad is duine ann, go dtógfá ceann de? Ná mac an duine, go ndéanfá cúram de?" (Sm 8, 4-5)
I measc an uaignis seo, éiríonn duine umhal. Airíonn sé mistéir na beatha taobh thiar den uaigneas.
Agus é ag taisteal tríd an saol, feiceann sé cé chomh mór is atá an chruinne, na spéartha éigríocha os a chionn. Agus cé chomh beag is atá sé féin.
TÁ cumas agus éirim aigne ag an duine, ach cuid mhaith den am bíonn sé ag taisteal san oíche, gan a fhios aige an bhfeicfidh sé fáinne geal an lae nó an sroisfidh sé a cheann scríbe.
Tuigeann duine nach bhfuil cumhacht aige ar a shaol féin, a bhás nó a bheatha; níl aige ach an dóchas amháin.
Agus glacann sé leis an dúshlán. Ag an am céanna, tá rud éigin sa duine atá chomh mór leis an aigéan. Nó b'fhéidir gur chóir a rá go bhfuil éigríocht istigh sa duine a thugann freagra cuí ar éigríocht an aigéin.
Ní bhíonn ón duine i gcónaí riamh ach an saol seo a mhíniú dó féin agus é os cionn an duibheagáin. Seo nóiméad beannaithe i mbeatha an duine, gan rud ar bith a bheith cinnte aige, ach é sásta dul ar aghaidh.
Misneach bheith aige chun leanúint leis an aistear.
Tá réimse solais leathghorm, leathdhearg le feiceáil ar thaobh amháin den eitleán. Breacadh an lae sa Mhuir Theas atá ann agus táimid chun tuirlingt ar oileáin iathghlasa na Nua-Shéalainne sar i bhfad.
Beidh mo mhuintir ag fanacht liom ag an aerfort, idir óg agus aosta, agus mé ag iarraidh - mar a bhí don gcéad uair seacht mbliana ó shin - a gcuid Béarla aisteach a thuiscint agus iad ag cur fáilte romham.