Útamáil

CROBHINGNE: TÁ SIAD chugainn arís, na hútamálaithe. Ní útamáil go dtí iad

CROBHINGNE:TÁ SIAD chugainn arís, na hútamálaithe. Ní útamáil go dtí iad. B'fhéidir nach cás le daoine beart nua an Rialtais chun súile an phobail a bhaint den phraiseach airgid, ach is sampla é den mhaorlathú maoth a thagann idir lá oibre ar fónamh agus lá cabaireachta gan dealramh.

Ní túisce go raibh sé fógartha go mbeadh deireadh feasta le hOllscoil na hÉireann (NUI) ná b’sheo chugainn duine chun eolas na slí a mhúineadh dúinn.

Cén fáth a dtabharfaí cluas ar bith, an chluas chéireach féin, do leithéidí Pheter Sutherland agus é ag caint uaidh le déanaí mar gheall ar ollscoileanna na tíre, agus ar mhúinteoirí, agus ar an oideachas, fiú amháin?

Mhol sé, i measc moltaí eile, gur cheart múinteoirí gan éifeacht a bhriseadh as a bpost; agus cé go bhfuil dealramh air sin, ní deir sé cad iad na slata tomhais a d’úsáidfí le go mbuailfí iad.

READ MORE

Ar chúis éigin, insíonn an tochas im mhás clé dom gur slat tomhais an airgid agus na forbartha eacnamaíochta amháin a bheadh i gceist aige. Dá gcuirfí an tslat tomhais sin i bhfeidhm ar bhaincéirí ba cheart go mbrisfí gach uile dhuine díobh as a bpost.

Is dócha nach léir dó an oiriúnacht shlán atá ag Goldman Sacks sa chúram. Is é Fear an Óir a dhíbríonn an neach fiúntach, mar is neamhfhiúntach é.

Laghdaítear lion na n-ollscoileanna sa tír, toisc go bhfuil an iomad díobh ann. Is ea, bíodh an ollscolaíocht ann dóibh siúd amháin a bhfuil málaí óir cheana acu, agus a bhfuil sé i gceist acu málaí óir eile a dhéanamh i gcaitheamh a saoil.

Is ann don ollscolaíocht chun go mbeimis inábalta dul ‘i gcomórtas’ le tíortha eile an domhain. Is í is aidhm don oideachas ná comórtas páistiúil domhanda idir ollscoileanna agus grádanna agus gradaim agus léigeanna peile fiúntais.

B’fhéidir gur contúirt é NUI mar tá taibhse an Chairdinéil (úps, seachain é sin) Newman (úps arís, seanduine anois é) fós á gnáthú. Beidh cuimhne ag daoine ceithre scór bliain d’aois agus os a chionn gur dhuine é a chreid san oideachas mar earra a dhéanfadh saibhriú ar d’intinn, agus ar d’anam (cad é sin?), agus gurbh fhiú eolas a lorg ar a shon féin! Is dócha dá mbeadh an chúistiúnacht chaipitlíoch ann ag an am go sínfí ar an raca é, nó go gcuirfí tine faoina bhrosna thíos.

Deir Peadar lenár linn nár thapaíomar an deis breith ar “neantóga” an OECD nuair a thugadar an chaoi sin dúinn tamall de bhlianta ó shin. Ach is neantóga céanna sin an OECD atá dár gcealgadh riamh mar nár ghlacamar leis slán sleamhain siar amach gurb iad luachanna an mhargaidh luachanna na beatha.

Ní hionadh cuid dá ghalar a bheith tógtha ag an aos oideachais agus riaracháin féin. Is dóigh le daoine má athraítear na troscáin go rachaidh sé i bhfeidhm ar na daoine. Athrú troscán is ea formhór an mhachnaimh oideachais. Díbrítear NUI agus cuirtear pláta práis nua lánsnasmhar ina háit. Hup! agus láithreach bonn baill tá an saol ina cheart!

Ar maidin bíodh Roinn agat, agus déantar Scoil aisti tráthnóna. I mbliana tá Dámh agat, ach is fearr Coláiste an bhliain dár gcionn. Institiúid anois tú, ach nach deise é an focal Acadamh? Ba Bhord cheana tú, ach tá tú lánfhásta anois id Fhoras. Útamáil í seo ó bhun go barr agus ó rinn go sáil.

Útamáil is ea an cinneadh deireadh a chur le hOllscoil na hÉireann. Útamáil is ea an t-athstruchtúrú síoraí. Útamáil is ea formhór na tincléireachta le curaclaim is le cúrsaí. Útamáil is ea an chuid is mó den mhéiseáil le modheolaíocht.

Is é is mó a mheánn san oideachas, an teagasc agus an taighde. Níl in aon ní eile ach bláthanna san fhuinneoig agus loinnir ar bhróga. Is beag athrú ar an oideachas riamh anall. Níl aon tslí nua ann le páistí a thógáil. Níl aon ní nua san oideachas i leataoibh ó cheisteanna, chomhrá, agus chaint. An múinteoir is boichte in Haute Volta, tá an gnó céanna á dhéanamh aige leis an ollamh is saibhre in California.

Níl de dhualgas ar an oideacasóir, bíodh sé ina léachtóir, ina oide, nó ina thuismitheoir ná a bheith níos fearr i mbliana ná mar a bhí anuraidh, agus a bheith níos fearr an bhliain seo chugainn ná mar a bhí sé i mbliana. Dá ndéanfadh gach múinteoir an méid sin, bheadh réabhlóid ann i gcúrsaí oideachais.

Ach is fearr linn an útamáil. Is fearr leis an maorlathaí an útamáil le struchtúir, agus is fearr leis an múinteoir an útamáil le cúrsaí. Ar deireadh, b’í an útamáil leis féin an útamáil ab fhearr, fad is gurbh útamáil chun feabhais í.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar