Yann Fouéré 100 bliain ag fás sa Bhriotáin

BEOCHEIST: CHEILIÚIR YANN Fouéré, náisiúntóir Briotánach agus duine de bhunaitheoirí an Chonartha Cheiltigh, an 100ú lá breithe…

BEOCHEIST:CHEILIÚIR YANN Fouéré, náisiúntóir Briotánach agus duine de bhunaitheoirí an Chonartha Cheiltigh, an 100ú lá breithe aige le linn an tsamhraidh i gcaisleán taibhsiúil bhaile álainn Quintin i gceartlár na Briotáine.

Cé go bhfuil Yann ar ais ina chónaí sa Bhriotáin le roinnt mhaith blianta, tá cuimhne go fóill air in Éirinn as bheith ar a theitheadh anseo i ndiaidh an dara cogadh domhanda agus as an mbaint a bhí aige ar feadh a shaoil le náisiúnachas na Briotáine.

Bhí amhras ann an mbeadh Yann in ann an ócáid a bhaint amach ar chor ar bith i ngeall ar a shláinte, ach bhain, agus é ina chathaoir rothaí. Bhí a chlann ar fad i láthair, Rozenn, Erwan, John, Olwen agus Benig. Faraor ní raibh a bhean Marie-Madeleine Mauger in ann a bheith ann ar an lá i ngeall ar chúrsaí sláinte.

B’éigean do Yann teitheadh in 1946 go dtí an Bhreatain Bheag agus ina dhiaidh sin go hÉirinn. Bhí ról tábhachtach aige i rith bhlianta an chogaidh chun stádas na Briotáine agus na Briotáinise a bhrú ar aghaidh, ach tarraingíodh droch-cháil ar náisiúnachas na Briotáine de bharr an dreama bhig a throid i bpáirt leis na Gearmánaigh i gcoinne an Résistance.

READ MORE

Ag am an Libération ansin scaoileadh racht díoltais ar fud na Fraince ar aoinne a measadh a bhí róghar do na Gearmánaigh. De bharr íogaire na Fraince faoi aontacht na tíre mar náisiún agus ról casta na Fraince sa chogadh, cuireadh féiniúlacht na Briotáine agus na teanga go mór ar gcúl ina dhiaidh agus b’éigean go fiú do náisiúnaithe measartha ar nós Yann Fouéré an Fhrainc a fhágáil.

Fuair sé cuidiú ó leithéid Chearbhaill Uí Dhálaigh agus muintir Thomáis de Bhaldraithe chun socrú in Éirinn ó 1948. I 1950 bhog sé féin agus a chlann go ceantar an Chloiginn, Conamara, áit a ndeachaigh sé i bpáirtnéireacht chun gnó tábhachtach easpórtála gliomach agus sliogéisc a fhorbairt.

Ba é Yann go deimhin an chéad duine riamh a chuir gliomaigh as Éirinn ar eitleán! In ainneoin chúrsa dearóil iarthar na hÉireann sna 1950í, bhí Yann in ann slí bheatha mhaith a bhaint amach.

Faoi dheireadh, nuair a shocraigh cúrsaí sa Fhrainc bhí Yann in ann filleadh agus in 1955, d’éigiontaigh cúirt mhíleata go hiomlán ón uile chúis é.

Ag an ócáid in Quintin, rinneadh tagairtí do náisiúnachas réasúnta Fouéré. Go deimhin dúirt cainteoir amháin, Gérard Gautier, polaiteoir fríthchiníochais, cé go raibh sé i gcoinne náisiúnaithe go ginearálta, go raibh an-mheas aige ar Yann as ucht a chuid oibre ar son na Briotáine.

Maidir leis an náisiúnachas sa Bhriotáin sa lá atá inniu ann, d’fhiafraigh bean tí an lóistín álainn a raibh mé ag fanacht ann: “Le nationalisme Breton, existe-il encore?” agus í ag ligean iontais áirithe uirthi, mar dhea.

I láthair na huaire, tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil glacadh níos mó le siombalachas fhéiniúlacht an Briotáine anois ná riamh. Dúradh liom go raibh i bhfad níos mó Briotáinise á múineadh sna scoileanna ach ar bhonn ábhair sheachtraigh don chuid is mó, faraor. Tá i bhfad níos mó scoileanna lán-Bhriotáinise ann mar sin féin, na scoileanna Diwan.

Dá ainneoin sin, agus ar nós na Gaeilge in Éirinn, is annamh a chloistear Briotáinis ach ar ócáidí foirmeálta. An t-aon uair riamh a chuala mé á labhairt go nádúrtha í, ná i mbeár tuaithe taobh thiar de Roscoff – fir mheánaosta agus níos sine ar fad a bhí sna cainteoirí.

Ar nós na hÉireann, cuirtear go leor den fhéiniúlacht ar aghaidh tríd an gceol agus trí chleachtais reiligiúnacha – pardonsna hEaglaise Caitlicí go háirithe.

Cleachtas nua neamhreiligiúnach a thugann aitheantas do bhratach na Briotáine, ná go dtaispeántar anois é ar chlárphlátaí charranna na Briotáine – é seo ceadaithe go hoifigiúil ag an rialtas lárnach sa chóras nua clárúcháin carranna, agus a thaispeánann géilleadh áirithe maidir le haitheantas do chultúir réigiúnacha sa Fhrainc.

Chomh maith leis sin, tá cainéal nua teilifíse TV Breizh ar bun, ach níor léir domsa go raibh aon chláir as Briotáinis á gcraoladh air i rith sheachtainí lár an tsamhraidh seo cibé. Is cosúil mar sin, in ainneoin glacadh níos fearr bheith le siombail na Briotáine, tá an baol ann nach mairfidh an chuid is sainiúla agus is doimhne dá saíocht sin ar scála leathan pobail – an teanga féin.

Cuimhnímis ar an méid a dúirt duine de na daoine a labhair ag lá breithe Yann, an “militant” Briotánach Per Lemoine: “Is í an Bhriotáinis an teanga dheireanach Cheilteach atá á labhairt ar Mhór-Roinn na hEorpa.”

Ní beag an méid sin.